Peil

Na Buachaillí

Bhí an-bhliain ag Foireann Peile na mBuachaillí anuraidh nuair a ghnóthaigh siad Craobh an Chontae i gcomórtas Chumann na mBunscoil i bPáirc N. Iarfhlatha i dTuaim i Mí Meitheamh 1999. Ba iad Scoil na bhForbacha a bhuail siad sa chluiche sin.

Na Cailíní:

Ar an gCéadaoin an 14/6/2000 bhí an Comórtas Peile Bliantúil do scoileanna Chonamara ar siúl i bPáirc na mBreathnaigh. Bhí an mí-ádh ar na buachaillí nuair a bhuail Scoil Mhíchíl Naofa, An Spidéal iad sa Chluiche Leath Cheannais. D'imir cailíní na scoile seo agus na cailíní as Scoil Sailearna le chéile mar fhoireann na mBreathnaigh agus bhí bua iontach acu. Ar dtús bhuail siad foireann na bPiarsaigh (Camus/Rosmuc) agus sa chluiche ceannais bhuail siad foireann as na h-Oileáin. Bhí bua eile i ndán dóibh freisin nuair a roghnaíodh Siobhán mar imreoir an chomórtais.

Bhi bliain iontach ag na cailíní seo agus ba creidiúint iad don scoil.


Foireann peile Cailíní na mBreathnaigh -buaiteoirí an Chomórtas Peile do Bhunscoileanna Chonamara

 

 

Seán Bán Breathnach

ag bronnadh a duais ar Shiobhán

 

 

 

 

Beirtí Ó hAinmhire, Roinn na Gaeltachta, ag bronnadh sciath Áras Uí Chadhain ar chaptaen na Foirne

 

 

  Abhaile!