Imeachtaí spéisiúla a bhí ar siúl sa scoil le bliain anuas.

Tá athchóiriú á dhéanamh ar an gcúrsa Teagasc Críostaí (Páistí Dé) do bhunscoileanna faoi láthair. Go dtí seo tá an sraith athchóirithe ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge suas go dtí Rang a 2 agus tá an cúrsa do Rang a 3 á scríobh faoi láthair ach beidh bliain eile sula mbeidh sé ar fáil as Gaeilge. "Beo go Deo" a thugtar ar an sraith nua seo. Is cúrsa iontach é a dhéanann ceiliúradh ar shaol an linbh ag an aois a bhfuil sé/sí. Cuirtear an bhéim ar uaisleacht an linbh féin agus déantar iarracht teachtaireacht agus luachanna Críostúil a thabhairt do na páistí ar bhealach spéisiúil "beo".

Bhí duine de mhúinteoirí na scoile ar an bhfoireann acmhainne ag Veritas le linn athchóiriú na sraithe do Rang a 2 "Beo go Deo 4" agus mar gheall ar seo cuireadh ceist ar an scoil an mbeidís sásta an fhístéip a théann leis an leagan Gaeilge den chlár seo a dhéanamh. Thuigeamar go raibh a lán oibre i gceist agus chuir muid ceist ar an scoil eile sa pharóiste -Scoil Shailearna, An Cnoc - an mbeidís sásta a bheith páirteach ann linn. Bhí siad thar a bheith toilteanach cúnamh a thabhairt agus shocraigh Veritas, taréis dóibh cuairt a thabhairt ar an dá scoil, go ndéanfaí an taifeadadh ar fad sa scoil s'againne. Is iomaí cruinniú a bhí ag na múinteoirí.-Yvonne Ní Laife agus Fil Uí Dhubhghaill ón scoil seo, Máire Ní Mháille agus Luisne Ní Neachtain ó Scoil Shailearna agus an Comahirleoir Deoise don cheantar seo, An tAth. Aodh Ó Lachtnáin, leis an lucht taifeadadh agus le Veritas idir Mhí Deireadh Fómhair '99 go dtí gur tháinig na ceamairí isteach sa scoil ar an 8ú lá de Bhealtaine 2000. Bhí seachtain iomlán taifeadadh i gceist agus bhí an aimsir go hálainn! Nuair a bhí sé ar fad thart bhí muid ar fad traochta ach b'fhiú go mór an t-iarracht agus an t-allas ar fad!! Seoladh an fhístéip go h-oifigiúil ar an 9ú lá de Mhí Deireadh Fómhair 2000 i Seanscoil Shailearna, An Cnoc-bliain díreach ó thosaigh muid ag ullmhú dó!!
Ba ócáid mhór stairiúil i saol na scoile seo í an fhístéip "Beo go Deo4" agus ní dhéanfaidh na páistí (ná na múinteoirí!!!) dearmad go deo air
.

 

 

Aisteoirí i nDráma na Nollag 1999!!!

 

 

 

 

 

 

Ag Cóiriú bláthanna!!

Tuismitheoirí ag cóiriú bláthanna i Halla na scoile roimh na Nollag. Bhí an seisiún seo eagraithe faoin scéim "Breaking the Cycle"

 

Abhaile!!!