Fuil

CÚIS mhór iontais dom an aiste le Gregory Campbell a d’fhoilsigh The Irish Times mar chuimhneachán ar Dhomhnach na Fola i nDoire Cholm Cille. Is deacair a leithéid d’aigne a shamhlú, lena chuid cainte faoi mhór-chostas an bhinse bhreithimh, agus neamhní a bheith déanta de mhíshuaimhneas an phobail Phrotastúnaigh, agus a gcuid créacha fós gan leigheas . . .
Fear Dhoire atá i nGréagóir, bail ó Dhia air, más fíor. Dá bhrí sin, cheapfaí go mbeadh trua aige dá chomhluadar i gcoitinne agus dá chás, cuma Caitliceach nó Protastúin a bheadh i gceist, nó nach daoine daonna muid uilig, agus nach adhrann muid an Saoirseoir céanna?

Nár chóir go ngoillfeadh marú an 14 le gunnaí na nGall go trom ar fhear an phobail, agus gan a bheith ina n-éadan siúd ach gur shiúladar ar son chearta an duine, cé go raibh sin crosta chomh neamhdhaonlathach sin ag Stormaint an lá uafásach céanna?

Nár chóir d’fhear an phobail a bheith fiosrach faoin gcaoi a dtarla sin uilig, é ag iarraidh an fhírinne a aimsiú? Cé a  thug an t-ordú go scaoilfí rois mharfach orthu siúd a bhí ag máirseáil? Cé a d’údraigh a leithéid? Agus an raibh bealach ar bith eile ar fáil chun go mbeifí ag súil faoi dheireadh thiar an fhírinne lom a nochtú, mar fhreagraí ar na ceisteanna sin?

Nach mbeifí ag súil le fear an phobail a bheith corraithe faoina leithéidí de cheisteanna i dtír ar bith a raibh cuma na saíochta uirthi? Agus nár scaoil arm na Breataine cheana féin ar dhaoine neamhchiontacha, in Éirinn (Páirc an Chrócaigh), agus san Ind (Amritsar), thart faoin tréimhse chéanna, sna fichidí den aois seo caite? Polasaí an airm chéanna?

Daoine a chosnaíonn arm na Breataine faoi rois mharfach a scaoileadh Domhnach na Fola, 1972, deirid inter alia, gur eagras mídhlistineach paramíliteach a spreag an rois úd. Ach, más ea, cá bhfuil an fhianaise? Agus má scaoil fear éigin urchar in éadan na saighdiúirí, an amhlaidh a thug sin leithscéal, nó carte blanche, le 14 a mharú, daoine a bhí neamhchiontach, de réir na fianaise atá curtha ar fáil go nuige seo?

Ar an bhfianaise ba mheasa in éadan fhórsaí na Corónach a tháinig chun solais os comhair an bhinse bhí an buama táirní a fritheadh i bpóca le duine éigin den 14 a maraíodh, nó cruthaíodh gur i ndiaidh a bháis a cuireadh an mála céanna isteach sa bpóca úd. Dá mbeadh sin ina sheilbh agus é fós beo, dhéanfadh an t-urchar a mharaigh é é a phléascadh! Ní fios go fóill cé a chuir an mála úd i dtaisce sa bpóca. Saighdiúirí? Ball den RUC? Gníomhaí de chuid an MI5 (nó 6, nó 7, nó eile)?

Cén sórt duine é Gregory Campbell? Fear seicteach? Nó fear fuatha? Níl aon fhianaise agam gur duine é atá seicteach nó i ngreim ag fuath in éadan duine daonna ar bith eile. Níl clú an chiníochais air, go bhfios dom (agus ró-mhinic is é an seicteachas na héadaí a chlúdaíonn an ciníochas in Éirinn.

Ar na féidireachtaí eile nár mhiste a iniúchadh tá gníomhaíocht pholaiteora neamhscrupalaigh, a deir rudaí áirithe os ard le tine a adhaint agus vótaí a charnadh dá réir, nó atá ag snámh go sona sásta in uisce an chiníochais. Faraoir, tá a leithéidí fairsing go leor thuaidh theas.

B’fhéidir dá ndéanfadh Gregory Campbell tagairtí d’ócáidí uafáis eile a lua, agus feachtas a bhunú le binse eile a chur ar bun, go suaimhneodh sin an pobal Protastúnach; ach, lena chois sin, go bhfaigheadh sé tacaíocht ón bpobal i gcoitinne, idir Phrotastúnach agus Chaitliceach: Kingsmills, 1976, go háirithe.

An rud a tharla, mionbhus a stopadh, a raibh istigh ann a tharraingt amach agus iad a mharú, toisc gur Protastúin a bhí iontu: B’shin gníomh nach féidir a chosaint ach amháin faoi chiníochas!

Faoin am sin bhí Caitlicigh neamhchiontacha faoi bhrú mór i dTriantán an Mhurdair, mar a tugadh ar an gceantar a raibh an murdar gan taise gan trua ar bun. Rinneadh iarracht faoi eachtra Kingsmills a “mhíniú”, Dia linn, lena rá go forleathan sa gceantar úd gur reprisal a bhí ann, agus gur ceadaíodh sin faoi rialacha an chogaidh! Sampla eile ab ea é sin den ghalar intinne atá i bhfeidhm go forleathan ar fud na hÉireann, thuaidh theas, go maitheann cuspóir maith bealaí ar bith a úsáidtear le sin a bhaint amach . . .

Mar is eol go sáchfhorleathan faoin am seo, is dócha, is Poblachtóir mise, agus le tamall fada. Más ea, duine mé a bhfuil ardmheas agam ar shoiscéal Wolfe Tone.
Faoin soiscéal céanna, agus go han-soiléir, níl áit ann don gciníochas de chineál ar bith. Daoine a mharú toisc gur Protastúin a bhí iontu, le brú a chur ar lucht mharú na gCaitliceach i gCo Ard Mhacha: B’shin ciníochas lom, gan masc ar bith.

Cheapfainn go ndéanfadh sé maitheas, mar dhroichead a bhunú idir Caitlicigh agus Protastúin in Éirinn, dá ndéanfadh muid an fód a sheasamh in éadan ciníochais agus sin a dhéanamh soiléir, agus fáilte a chur roimh iniúchadh poiblí, agus Mandela, abair, nó Cadar Asmail, ina cheann air. Kingsmills ar dtús agus Aoine na Fola ina dhiaidh sin.

Buamáil a chuir samhnas as cuimse orm, agus náire, an ceann a bhfuil an lipéad úd air mar Aoine na Fola. Tagaim leis an leithscéal a dúradh faoin am, go gceadaítear buamáil faoi rialacha an chogaidh. Tá a leithéid ann, cinnte. Ach ár muintir féin a chur i gcontúirt a mbáis? Ní thig liom glacadh leis sin.

Faoin am sin, i ráiteas a d’fhoilsigh Óglaigh na hÉireann, dúradh gur tugadh rábhadh réasúnta, go raibh buama le pléascadh, sa gcaoi go mbeadh deis ag an gConstáblacht ruaig amach a chur ar shiopadóirí agus eile, le go mbeidis slán.

Tharla go rabhas féin i ngar don bhuamáil, mé i mo charr ó BhÁC, le cuairt a thabhairt ar chairde, nuair a stopadh an trácht. Faoim am, ní raibh a fhios agam cén fáth.
Ar an mbóthar a bhí ag dul trasna ar an gceann a rabhas féin, agus go leor eile, inár stad, bhí néal eile, mar a déarfá, seans, anuas freisin ar an trácht.

Ós rud é gur airde an bóthar sin ná an ceann ag a raibh mise im chime, bhí léargas maith agam ar a raibh ag fanacht, idir otharcharranna agus fheithicilí de chuid na Constáblachta, agus eile. Foirgneamh ard le feiceáil agam chomh maith, a raibh clog mór greanta air. Ní cuimhin liom anois cén t-am a bhí ann ach nuair a mharcáil sé an uair nua ba ansin a bhí an pléascadh le clos . . . agus ar aghaidh leis na hotharcharranna agus eile romham.

Ba léir ón méid a bhí feicthe agamsa go raibh péas agus otharcharranna ag fanacht ar an bpléascadh. Ionann sin is a rá go raibh rábhadh fáite acu, mar a chuir in iúl ar ball eagrais ar leith, chomh maith le hÓglaigh na hÉireann.

Maith go leor. Níor chaitheas seal ró-fhada ó thuaidh nó bhí orm a bheith ag obair mar fho-eagartbhóir ar an Irish Independent an oíche dá gcionn. Ar dhul isteach ann dom scaoileas mo scéal faoin mbuamáil, faoin rábhadh, ach níor chreideadar mé. Seanscéal agus a thóin leis!

Sin eachtra eile fola a thuileann iniúchadh poiblí. An fíor gur thug Óglaigh na hÉireann rábhadh faoin mbuamáil a bhí i bplean acu, rábhadh réasúnta? Má thug, cén fáth nár bhog na húdaráis, chun go mbeadh daoine neamhchiontacha bogtha ó chontúirt a mbáis nó a loit?

I ndiaidh a dtarla san Ómaigh d’eisigh Ruairí Ó Brádaigh, bail ó Dhia air, ráiteas bunúsach tábhachtach faoi chearta an ghnáthdhuine i gcogadh, agus buamáil ar bun. Chomh fada lem eolas, ní raibh éinní nua sa méid a dúirt Ruairí, faoi choinbheintiúin an chogaidh. Dá bhrí sin, ar éigean a bheadh aon rud contráilte ó thaobh shoiscéil Wolfe Tone sa mholadh atá déanta agam anseo. Nó an amhlaidh atá tuairim éicínt eile ag léitheoir ar bith?

Tá géarghá le feachtas eolais, le go dtuigfeadh Poblachtóirí, agus eile, cúlra an chogaidh seo, cogadh na Saoirse, agus go mbeadh gach éinne slán sábhailte feasta faoi Liberté, Égalité, Fraterníte, na saoirse, na Poblachta; gur ó aiséirí Mheiriceá in éadan na Corónach, agus ó éirí amach na Fraince, a tháinig síolta an Phoblachtais go hÉirinn.

Ná déantar dearmad gurbh iad na Protastúin, i Meiriceá agus in Éirinn, go háirithe na hEasaontóirí, a chuir tús leis an éirí amach san dá thír.

Is é an t-éirí amach in éadan na tíorántachta oidhreacht na nEasaontóirí, agus na bProtastún i gcoitinne. Ioróin na staire a bhí sa mhana úd faoi thus na haoise seo caite, mar a bhí Ulster will fight and Ulster will be right, nuair a d’éirigh said amach in éadan na nGall.

— Deasún Breatnach
 
 

Contents
NEWS FROM SAOIRSE (freedom).
The Voice of the Irish Republican Movement.

Republican Sinn Féin
http://rsf.ie
223 Parnell Street, Dublin 1
229 Falls Road, Belfast


Don't sell out to STORMONT / LEINSTER HOUSE.
Buy SAOIRSE every month !

ISSN 0791 - 0002 
To get a hard copy of SAOIRSE delivered to you each month send a cheque or postal order to:
SAOIRSE -- Irish Freedom, 223 Parnell Street, Dublin 1, Ireland
The subscription rates are: Ireland . . . £12.00; Other EC countries . . . £13.00;
Rest of Europe . . . £15.00; World (airmail) . . . £17.00;
US edition . . . $30.00 (available from: PO Box 1912, Point Pleasant, New Jersey, 08742, USA.)

Or
Make a donation to SAOIRSE for its internet service.

DO NOT SEND CASH IN THE POST.

SAOIRSE -- Irish Freedom, 223 Parnell Street, Dublin 1, Ireland
Telephone: 00-353-1-872 9747 FAX: 00-353-1-872 9757
e-mail: saoirse@iol.ie

Starry Plough


Web layout by SAOIRSE -- Irish Freedom
February 11, 2002 

Send links, events notifications, articles, comments etc, to the editor at: saoirse@iol.ie.



 
 
 
 

RSFhome