FAOI aimsir seo an Mhárta ní thig liom ábhar an reifrinn a sheachaint, agus mé i dteagmháil le daoine daonna, mar atá sibhse, a léitheoirí, a chairde.I ndiaidh an oiread sin díospóireachta, cheapfaí go mbeadh ar chumas ár máistrí an t- ábhar a scagadh go hionraic, chomh soiléir sin, is a thuigfeadh gach éinne go baileach céard é a bheadh i gceist, mar atá beatha an duine óg san áit is contúirtí dó, an bhroinn, d’eile! An bheatha sin a chur ó chontúirt, agus beatha a mháthar ar an dóigh chéanna. Ach rud casta a rinne siad de, sa chaoi go bhfuil go leor trína chéile faoi.
Mar sin féin, níl le déanamh agamsa lá na vótála ach TÁ a scríobh nó a chur in iúl sa mbothán vótála. Sa mhéid sin, táim ar aon tuairim leis na hEaspaig Chaitliceacha, agus cuid mhaith den gcléir eile. Ní foirfeach é téacs na cáipéise a bheas os ár gcomhar amach, ach is céim chun feabhais é, dar liom, agus, sa mhéid sin, tá sé ionmholta.
Fíor dhuit, bail ó Dhia ort: Caitliceach creidimheach atá ionaim, Caitliceach traidisiúnta, agus peacaí lena chois. Ach faoi scathán an ábhair seo, cheapfainn, tá i bhfad níos mó daoine ar fud an domhain ná an Caitliceach traidisiúnta ar aon tuairim, maidir le ceart bunúsach an duine dá bheatha.
Ceart bunúsach é i ngach sibhialtacht, measaim, ceart
an linbh sa mbroinn a theacht amach agus an tréimhse istigh thart,
gan bac, gan contúirt ar bith, ach fáilte a bheith roimhe.
Sin an traidisiún domhanda. Sin ár n-oidhreacht. Is fíor
go raibh mionlach ann i gcónaí gach áit ar feadh na
staire a cheap agus a chleachtaigh a mhalairt de mhoráltacht. Ach
in éadan an dlí agus an phobail a d’oibrigh siad, agus dlí
ab ea é a cuireadh i bhfeidhm chomh fada agus a bhí sin indéanta.
Nós sách nua is ea é a leithéid de “rogha” a bheith ag an mháthair agus é a bheith aitheanta, nó údraithe (!), ag an dlí, ag ceardchumainn, ag grúpaí polaitiúla, ag irisí, ag nuachtáin, ag raidió, ag teilifís, agus, mo léan, ag cuid mhaith den phobal.
Cuid eile is ea é seo uilig den bhrúidiúlacht atá ag éirí chomh coitianta sin ar ár sráideanna, inár dtithe, inár gclubanna (nó ar an tsráid lasmuigh díobh) agus, i gcoitinne, i ngach gné dár saol.
Nach ag méadú i gcónaí atá goineadh agus marú ar na bóithre? Ar éigin tá lá ar bith slán gan scéal mná eile fós faoi ionsaí collaíochta, nó faoi dhuine bocht eile atá sáite ag scian, nó leanaí ag clamhsán faoi dhaoine fásta a bheith ag cur as dóibh ar bhonn na collaíochta.
Ar ndóigh, tá ruaig curtha ar Dhia. Níl sé ann a thuilleadh, má bhí riamh. Dar le daoine eile, tá sé marbh. Agus tá folús ann. Agus céard eile a mbéifí ag súil leis ach go ndéanfaí an folús sin a líonadh...le fuath, le ciníochas, le leithleas, le murdar, le saint agus, dáiríre, le gach ceann de na seacht nginpheacaí marfacha.
Cén chaoi a mbeadh seans ar bith ag an té is neamhchiontaí
a éalú ón scriostóir faiseanta seo, an beithíoch
brúidiúil liob-rálach...liobrálach, mar dhea!
Ach fan go fóill: Sa gcuid ba mhó den am ba ag an bhfear, agus sin amháin, a bhí an deis chéanna.
Ní go maith a thuigim an argóint atá ag tacú le rogha nua seo na mban, go bhfuil cead acu bás nó beatha a bhronnadh ar an neach sa mbroinn. Seans gur ag brath ar phoinnte éigin dlí atá sé, nár chóir dúinn “duine daonna” a thabhairt ar an té atá fós sa mbroinn, go gcaithfear fanacht go dtí go saolaítear é, mar a déarfá, le go dtuillfeadh sé a leithéid; agus féach, sin dearcadh agus polasaí Roinn an Dlí sna 26 Chontae, mar a tugadh le fios ar na mallaibh. Nach ea?
Ach céard é a d’fhéadfadh a bheith i mbroinn ár mban ach neach daonna? Is fíor go bhfuil mallacht againn mar chuid dár ndúchas agus atá ar an dóigh seo a leanas: “Go bpósa tú cat, go mbeire sí piscín duit, agus go gceada Ard-Rí na Glóire go bhfaighe tú an chlaimhe!”
Fiú sa mbarbaracht nua seo a dtugtar coitianta “an tIarthar” air (domhan Mhic an Toim agus araoile), níor airigh mé caint dá laghad, ach amháin mar ghreann, faoi ghníomh collaíochta idir duine agus cat.
Táim in amhras an bhfuil a leithéid indéanta. Ach an té a chum an mhallacht úd, ar éigean a bhí sé dáiríre.
Saol eile ar fad atá ann anois, nuair a cheapann daoine áirithe nach bhféadfaí a bheith cinnte faoi nádúr an té atá sa mbroinn go dtí a theacht amach inár measc. Nó an amhlaidh atáid dáiríre? Nó ag magadh fúinn? Nó ar thóir leithscéil le marú a dhéanamh?
Ar na leithscéalta sin tá tuairim dhochtúra go
mba chóir an té sin a mharú toisc máchail éigin
a bheith air. Ba shin an dlí aimsir Hitléir, Dia linn!
Ar ndóigh, níl sé chomh fada siar sin nach gcuimhneodh corrléitheoir, ar a laghad, go mbíodh Mac an Chait gnóthach uair in Éirinn, agus gur mharaigh sé a lán, nó go raibh sé ciontach ina mbás, mar Bhrigadier Kitson.
Ar léigh sibh riamh Low Intensity Operations? Nó Gangs and Pseudo-Gangs?
Is dócha gur trá na Críostaíochta is cúis leis an mbrúidiúlacht nua, agus an “mé-fhéineachas”, agus leis an éirí in airde a ghabhann léí. Tá géargá le misean nua, agus b’fhéidir le Dia go ndéanfadh Naomh Pádraig rud éigin práinneach faoi sin.
Nach raibh cúrsaí suarach go maith faoin am a tháinig seisean isteach inár measc, agus an chéad ghin á mharú mar ordú, más fíor, íobairt a d’iarr an té a bhí á adhradh ag an saol Gaelach an uair sin, mar a bhí Crom Dubh, neach atá á chomóradh fós againn, dála an scéil, faoi dheireadh an tsamhraidh!
Ar na gnéithe is suaraí a bhaineann lenár gcultúr nua tá ciníochas. Agus mé an-óg, bhí an bochtannas go forleathan ar fud na tíre, agus fáilte roimh na tincéirí a bhí in ann ár soithí a dheisiú ar chostas réasúnta; ach thairis sin dream scéalach a bhí iontu, agus bhíodh amhráin acu, agus ceol.
Ansin tháinig miotal eile sa bhfaisean, an t-alúmanam,
d’eile, agus thit an tóin as tionscal an stáin, agus briseadh
ar an seanchaidreamh, faraor.
Bhíodh caint le cloisteáil in éadan na nIúdach ach ba mhó i bhfad agus ba láidre é an feachtas in éadan na bProtastúnach.
Is cuimhneach liom go maith an gáire a rinne mise, faoi rún, ar ndóigh, nuair a fuaireas ordú gan éinní a cheannach sa tsiopa “Protastúnach”. Siopa Protastúnach! Seafóid, arsa mise.
Ach bhí an fuath le feiceáil ar an taobh eile, chomh maith: job éigin ar fáil agus “no Catholics need apply” (téigh leat siar ar sheaneagráin den Evening Mail de chuid na dtriochaidí). Is ea, ambhaist, culchies, red-necks, Proddy Dogs agus Cats’ Licks...ach, ar a laghad ar bith, níor ionsaigh muid a chéile ar na sráideanna. Níor mharaigh muid iad. Agus féach mar atá anois.
Tá, ar ndóigh, leigheas ar na cúrsaí seo uilig, mar a mheabhraigh ár Slánaitheoir dúinn, mar atá grá don gcomharsa a chur i bhfeidhm gan stop gan staonadh thús deireadh ár saoil. Sin go díreach an eochair. Ach sin, freisin, ár gcosaint, mana a bheas le tuiscint níos fearr, seans, ach machnamh doimhin a dhéanamh ar an moladh céanna.
Is dócha go bhfuil sé seo uilig ró-fhada, agus,
mar a deir tusa sa gcúinne, pas beag leadránach. Ach cead
cainte ag an mbean, nó ag an bhfear úd, sa gcúinne,
mar litir chuig an Eagarthóir, bail ó Dhia uirthi (nó
air).
— Deasún Breatnach
![]() The Voice of the Irish Republican Movement. Republican Sinn Féin
|
Or
Make a donation to SAOIRSE
for its internet service.
DO NOT SEND CASH IN THE POST.
SAOIRSE -- Irish Freedom, 223 Parnell Street, Dublin 1, Ireland
Telephone: 00-353-1-872 9747 FAX: 00-353-1-872 9757
e-mail: saoirse@iol.ie
![]()
Web layout by SAOIRSE -- Irish Freedom March 11, 2002 Send links, events notifications, articles, comments etc, to the editor at: saoirse@iol.ie. |