1996 CONTENTS

Aiste ar ainmneacha bailte fearainn, páirceanna agus rl. 
le
Síle (ní Luasaigh) Uí Chonchubhair, Goirtín Eoin                                                                                                                                                   



Tá an teach againn sa bhaile in áirde ar chnoc agus os a chomhair amach tá móinéar. Dúirt comharsa béal dorais liom lá, "Má sheasann tú sa mhóinéar sin agus má fhéachann tú timpeall ort tabharfaidh tú faoi ndeara go bhfuil ainm ar gach pháirc, ar gach cnocán, ar gach cloch agus ar gach casadh atá sa bhóthar chomh maith".  Caithfidh mé admháil nár smaoiníos ar seo a dhéanamh riamh fiú. Ach rud eile ní bheadh na h-ainmneacha go léir ar eolas agam. Bhí slí as sin agam, rachainn chun cainte le Dan Seán ó Céilleachair. Is uaidh a chuala mé an chuid is mó des na scéalta agus na míniúcháin seo a leanas.                                 

Séard atá sa Rae Gorm ná píosa de chnoc ar a fhásann fionnán gorm.  Ach tá rud as an gnáth ag baint leis an Rae seo, tá clocha móra anseo agus ansiúd, agus tá roinnt des na clocha seo chomh mór le teach. Glaotar bodhrach ar cheann díobh seo.  Deirtear go mbainfeadh na Lochlannaigh úsáid astu seo chun an fionán a mheilt le haghaidh Beoir na Lochlannach.  Bhí an rún chun é a dhéanamh ag clann amháin.  Lean an rún ó athair go mac anuas tríd na céadta bliain.  Ar deireadh dhein clann eile an áit a ionsaí ag iarraidh an rún a fháil dóibh féin.  Bhí siad ró láidir don chlann a bhí ann.  Dúirt an t-athair dá marófaí an mac go dtabharfadh sé an rún dóibh.  Nuair a maraíodh an mac, dúirt an t-athair leo ansin é féin a mharú chomh maith mar nach dtabharfadh sé an rún ach oiread. Deirtear gur mar sin a cuireadh deireadh le Beoir na Lochlannach sa cheantar.                           

Níl mórán daoine ann is dócha nár chuala faoi Céim an Fhia, an áit ina raibh cath idir Gíománaigh agus Buachaillí Bána i dtaobh cíos a íoc. Scríobh Máire Bhuí Ní Laoghaire amhrán álainn faoin eachtra seo.  Deirtear go raibh duine darbh ainm Breathnach ag teitheadh ón gcath sin mar gur mharaigh sé  duine des na Giomhánaigh. Tá ar a laghad dhá áit gur thug sé a ainm dóibh.  Tá an dá áit seo i nGoirtín Fliuch, baile fearainn ar an dteorainn idir Corcaigh agus Ciarraí.  Leabaigh a Bhreathnaigh a glaotar ar áit amháin; deirtear gur chodail sé i gcoca fionnáin ansan oíche amháin. Ag dul amach as an bpáirc sin tá Póirse an Bhreathnaigh.                                                             

Tá áit eile, i bhfad níos cóngaraí do Chéim an Fhia, ar a nglaotar Poll Smith.  Seo an poll inar cuireadh an Giománach darbh ainm Smith a maraíodh sa chath.  Glaotar Droichidín Smith ar droichead in aice na h-áite sin.                     

Is féidir féachaint síos ar Ghúgán Barra ó áit ar a nglaotar Cloch Bharrach.  Deirtear gur ón gcloch seo a fuair Naomh Fionn Barra a chéad stracfhéachaint den ghleann.  Tháinig sé chuige ansan go mbeadh an áit seo an -oiriúnach le h-aghaidh paidireoireacht agus machnamh ar Dhia.  De réir a chéile tháinig daoine eile ann agus bhí mainistir ann sar i bhfad.                       

Ag bun an mhóinéir atá os comhair an tí againn tá tobar ar a dtugtar Tobairín a Choille.  Mar is soiléir ón ainm éiríonn an t-uisce i gcoill atá timpeall leath mhíle ón tobar féin.  Ach do réir an seanchais tá baint ag naomh eile leis an tobar seo. Deirtear go ndúirt Naomh Gobnait, tar éis di deoch a ól ann lá, go raibh an t-uisce chomh úr agus chomh glan leis an t-uisce a bhí le fáil aici sa tobar i mBaile Mhúirne.(Tá cumhacht leighis san uisce sa tobar sin.)                                             

Ag Béal an Ghleanna tá eas ar a dtugtar Easach a Chirce.  Nuair a bhí ó Súilleabháin Béara agus a lucht leanúna ag teitheadh ó thuaidh bhí ó Súilleabháin ag marcaíocht ar chapall ar a dtugtaí "An Chearc" (ní fheadar cén fáth).  Ar aon chuma bhris an capall cos nuair a tháinig siad chómh fada leis an eas seo, ní foláir nuair a bhí tuirse uirthi.  Bhí air an capall a lámhadh agus is san áit sin a cuireadh í.                       

Tá an scéal ann chomh maith faoi beirt fathach a bhí ag troid, duine acu ag Béal an Ghleanna agus an duine eile sa Ghleann féin.  Bhí Galláin mar lón cogaidh acu.  Thit gallán amháin agus d'fhan sé ina sheasamh. Is é siúd an gallán is airde atá le fáil in Eirinn anois.  Timpeall míle uaidh sin tá cnoc ar a nglaotar Cnoc a Ghalláin. Ach tá an gallán a thit anseo ina luí ar an dtalamh. Níl a fhios ag a lán daoine fiú go bhfuil sé ann toisc go bhfuil raithneach agus aiteann ag fás timpeall air.             

Baile fearainn atá i nDoire na Buairce. Tá scéal an-shuimiúil taobh thiar den ainm sin.  Bhí fear amuigh lá agus bhí sé ag tabhairt aire dos na ba. Pé rud a tharla rug sé greim ar  leipreachán.  D'iarr sé air cá raibh an t-ór aige. Tar éis tamaill dúirt an leipreachán go raibh sé faoi chrann áirithe sa doire. Chuir an fear buarach ar an gcrann sin chun é a mharcáil dó féin. Lug sé don leipreachán imeacht agus chuaigh sé abhaile chun sluasad a fháil, ach nuair a d'fhill sé ar an áit bhí buarach ar gach crann sa doire, agus ní bhfuair sé an t-ór.               

Tá roinnt áiteanna eile nach bhfuil brí na n-ainmneacha chomh soléir sin, nó nach bhfuil iomlán na scéalta taobh thiar díobh ar eolas.  Tá Páirc na gCroc le fáil sa Choill Mhór. Tá crann sa pháirc sin a úsáideadh le h-aghaidh crochadh. Ach ní fheadar cé crochadh ann nó cathain a bhí sé in úsáid don ghnó sin.                                                                     

In aice na páirce sin tá páirc ar a nglaotar Páirc na Tiníle.  Thabharfadh muintir an cheanntair clocha go dtí an tiníl sa pháirc seo. Dhéanfaí na clocha a dhó ansan chun aol a dhéanamh. Bhí an aol sin á úsáid mar leasú talún.                         

Sa chnoc idir an sráidbhaile agus Gúgán Barra tá Béilic an Chait. Bhíodh cait fíáine ag dul timpeall na h-áite fadó ó shin agus chodlaíodh buíon díobh sa bhéilic seo.                          Níl éinne cinnte cén fáth a nglaotar Céim Cora Bhuaile ar baile fearainn amháin.  Tá tuairim ann go mb'fhéidir go mbíodh rince nó patrún de shaghas éigin sa bhuaile acu ann. Mhíneodh sé sin an tagairt do céim agus cora san ainm.                               

Tomhas a bhíodh ag na seandaoine ná "coiscéim, léim agus truslóg".  Thug an tríú ceann díobh seo a ainm do cheann des na páirceanna againn féin sa bhaile.  Tá abhainn bheag ag rith in aice leis.  Fadó is clocha a bhí ann in ionad an droichead atá ann anois agus bheadh ort truslóg a thógaint chun dul ó chloch go cloch.  O shin i leith is Truslóg a tugtar ar an bpáirc sin.           

Tá a lán ainmneacha le fáil sa cheantar atá le fáil in a lán áiteanna eile chomh maith toisc go bhfuil siad ag tagairt do rud faoi leith i bpáirc nó ar ghné áirithe den áit.  Mar shampla, tá Páircín na Cruaiche; Páirc na Seana Grafa; Móinteán na Cochlán; Páirc na Claise; Páirc a Tobair; Coinleach Mór; Céim Carcaigh; Seanabhaile; Carraig a Phoirt; Cúl an Eidhneán; Carraig na Sliogáin; Clochar a Bhroic; Casadh na Spride; Carraig a' Draighean; Páirc na Cabhlaí; Páirc na Mholaigh; Cúm an tSagairt; Páirc an tSéipéil; Faill an Phreacháin; Carraig a Locha; Páirc Rua; An Lug; Páirc na Coille; Páirc na Croise; Páirc an Cuillinn; An Rae; agus rl agus rl.                                                 

D'fhéadfainn leanúint ar aghaidh agus ar aghaidh.  Ach cén fáth go raibh na h-ainmneacha seo go léir in úsáid fadó?  Sé mo thuairim féin ná gur tharla siad ann toisc go raibh na feirmeacha briste suas i bpáirceanna beaga an uair sin.  Dá bhrí sin dá mbeadh duine éigin ag dul amach ag baint féir nó ag cur prátaí caithfeadh sé bheith i ndán insint dos na comharsain agus rl. cé acu cúinne den fheirm a bhí i gceist aige.  Bhí na h-ainmneacha acu chun cabhrú leo.