(Back To 1999 Contents)
An Máistir  -  Cérbh é?

Fionnbarra Ó Murchú  1922 - 1968

le Máire Bean Uí Mhurchú,   

Ins na blianta fada ó d'imigh Fionnbarra, beannacht Dé leis, uainn, is minic a cuireadh an cheist orm  "Conas a tharla gur chuir Fionnbarra Ó Murchú tús leis an Meánscoil i mBéal Átha'n Ghaorthaidh"?  Tá sé in am dom na cuimhní atá agam ar na céad blianta do Scoil Mhuire a bhreacadh síos.  Ós rud é go bhfuil Scoil Mhuire ar an saol le dachad bliain i mbliana, is mithid dom a chúlra a chur ar fáil d'éinne go mbeadh suim acu innti.

Ag tosach na bliana 1922, rugadh Fionnbarra os cionn an tí tabhairne ar an bPríomh Sráid i mBeanntraí, áit a raibh cónaí ar Seán Ó Murchú agus a bhean, Siobhán Máire Ní Chróinín.  Sar a phós siad, chaith Seán roinnt blianta in Americá ag obair i monarcha bróg.  B'í máthair Fhionnbarra úinéir an tí tábhairne, agus lámh leis bhí siopa beag deisiú bróg ag a hathair.  B'é Fionnbarra an leanbh deiridh ag Seán agus Siobhán Máire, an duine is óige de seachtar.  Garsún breá oscailte, misniúil ab ea Fionnbarra.  Is dócha go raibh airgead níos flúirsí fén am seo - bhí cuid des na páistí ag obair, agus bheartaigh Seán agus a bhean go mbeadh seans meánscolaíochta ag an mac ab óige acu.  Cuireadh Fionnbarra go Choláiste Fearann Phiarais i gCorcaigh sa bhliain 1936.

Scoláire stuama, aibidh, cliste ab ea Fionnbarra.  Níorbh aon ualach dó an staidéar.  Iománaí an mhaith ab ea é chomh maith.  Bhí sé ar fhoireann an Choláiste agus nuair a bhí sé fásta go leor, ar fhoireann Mionúr Chorcaí.  Bhí an saol ag dul go maith dó, go dtí Cásc na bliana inar thóg sé an Scrúdú Árdteistméireachta.  Ag filleadh ar ais dó go dtí Choláiste Fearann Phiarais i ndiaidh saoire na Cásca, fuair sá an bus ó lár chathair Chorcaí go dtí an Linn Dubh.  In ionad fanacht go dtí gur stop an bus, léim sé, agus thit sé ar a dhroim.  Bhí an drom gortaithe, ach ní dúirt sé faic le héinne, ar eagla ná ligfí dó imirt dá chontae.  D'éirigh leis an gortú a cheilt, go dtí gur imigh sé abhaile go Beanntraí i ndiaidh na scrúdaithe, ach thug a mháthair fé ndeara láithreach go raibh a mac ab óige bacach.

Thóg a mháthair go dtí an dochtúir é, agus thosaigh sé ar bhóthar an tinnis, tinneas a lean ar feadh geall leis fiche bliain; tinneas a chuir deireadh leis na brionglóidí a bhí aige dá saol.  Chaith sé tréimhsí fada san ospidéal.  Ní raibh ainm ar bith ag na dochtúirí don galar a bhí air.  Bheartaigh sé, idir na tréimhsí san ospidéal, an chúrsa staidéar a dhéanamh in Ollscoil Chorcaí chun Céim B.A. a bhaint amach.  Fad is a bhí sé san Ollscoil, bhí suim aige i nGlún na hAiséirí, Conradh na Gaeilge agus na Cumainn Gaelacha eile, mar bhí an ghrá aige don Ghaeilge.  Lean sé ar aghaidh san Ollscoil go dtí Cásc na bliana 1942.  Ba é seo bliain na Céime dó.  Ach in ionad bheith ina shuí san Ollscoil, bhí sé i leaba a thinnis san ospidéal.

Idir na blianta 1942 agus 1954 bhí sé sa bhaile ach ní raibh sé díomhaoin.  Múinteoir den scoth ab ea é agus ós rud é nach raibh meánscoil do bhuachaillí i mBeanntraí ag an am sin, ní raibh aon ganntanas scoláirí air - leads a bhí ag dul dos na gárdaí, nó ag iarraidh scoláireacht Meánscoile (a chuir an Comhairle Chontae ar fáil) a bhaint amach, mar shampla.

I 1955, chuala Fionnbarra go raibh máinlia in Essex, Sasana a d'fhéadfadh obráid a dhéanamh ar na cosa aige (fén am seo bhí na cromáin agus na glúine ar fad tinn ón ngalar) a cuirfeadh ar a chumas carr a thiomáint.  D'imigh sé go Sasana chuig Mr. Shires in Ospidéal Grays, in Essex.  Deineadh na hobráidí ar na cosa agus fad is a bhí sé i Sasana cheannaigh sé "Invacar".  Bhí an Invacar oiriúnach do dhuine nach raibh úsáid na gcos aige.

I 1958 d'fhill sé ar an Ollscoil chun an Céim a ghnóthú agus i Samhain na bliana 1959 bhain sé amach an tÁrd Teastas in Oideachas.  Bhí Fionnbarra ag súil go bhféadfadh sé an bearna i mBeanntraí a líonadh le meánscoil do bhuachaillí a bhunú.  Níor éirigh leis an iarracht seo agus bhí an t-ádh le Béal Átha'n Ghaorthaidh gur mheas Fionnbarra go mbeadh fáilte roimh meánscoil ins an mbaile beag Gaeltachta seo.

Níor éirigh leis  seomra a bheadh oiriúnach mar seomra scoile a aimsiú go dtí gur mhínigh sé an fadhb a bhí aige do Shéamus Ó Corcora, Bainisteoir Uachtarlainne i mBéal Átha'n Ghaorthaidh.  Chuir Séamus agus a bhean, Eibhlín céad míle fáilte roimh an scoil nua, agus is i seomra suite Uí Chorcora a chaith an scoil nua an chéad bhliain dá saol.

I mí Márta 1968, d'fhógraigh an tAire Oideachais, Donncha Ó Máille (beannacht Dé lena anam) go mbeadh saor oideachas ar fáil ag gach scoláire dara leibhéal.  Roimhe seo, ní bhíodh oideachas meán scoile ar fáil ach ag daoine a raibh an tairgead acu an táille scoile a íoc.  Bhíodh comórtas do scoláireachtaí meánscoile  ag roinnt des na scoileanna reiligiúnda agus bhuaigh na daltaí ba chliste sa ceanntar iad. Mar sin, fágadh formhór muinntir an cheanntair gan deis oideachais méan scoile.


Sa bhliain 1965 thosnaigh an Roinn Oideachais ar feachtas chun réimse na n-ábhar a bhí ar fáil ins na meánscoileanna a leathnú.  Chuige sin, bheartaigh an Roinn Oideachais ar chomhnascadh scoileanna beaga le chéile i mbailte ar fud na tíre.  Ba é an "buzz word" comhnascadh, nó amalgamation.  Roinneadh an tír ar fad ina limistéirí.  Tugadh an limistéir ba lú i gCúige Mumhan do Scoil Mhuire.  Mheas an Roinn Oideachais go mbeadh oideachas níos éifeachtaí ar fáil do scoláirí meánscoile dá mbeadh aon scoil mór amháin in aon ceanntar ar leith in ionad roinnt scoileanna beaga agus toisc go mbeadh na scoileanna mór, bheadh réimse ábhair níos leithne,  agus rogha níos fearr, ag scoláirí.  Áit go raibh scoil an bheag, bheartaigh an Roinn Oideachais í a dhúnadh síos agus na daltaí a aistriú go dtí scoil níos mó.  Is é an tainm a bheadh ar na scoileanna móra seo ná scoileanna phobail.

Chuir an Roinn Oideachais cruinnithe ar siúl ar fuaid na tíre chun an chomhnascadh a mhíniú do mhuintir na háite agus do lucht bainistíochta na scoileanna.  Ní cruinnithe ciúin , dea-bhéasach a bhí ins na cruinnithe seo.  Bhí muintir na háite agus lucht bainistíochta na scoileanna an mhí shásta leis na socruithe a bhí i ndán dos na scoláirí.  I mórán bailte idir beag agus mór, bhí turasanna buis fada i gceist dos na daltaí.  Is minic a tógadh raic ag na cruinnithe seo.

I gcás Scoil Mhuire de, ós rud é gur tugadh an réimse talún is lú i gContae Chorcaí di agus gur mheas an Roinn Oideachais go raibh an líon daoine ró bheag chun an scoil a choiméad ar siúl, ba é an réiteach a bhí acu ná Scoil Mhuire a dhúnadh agus na scoláirí a thógaint ar an mbus go Baile Bhúirne.  Gan aon dabht ní raibh muintir Bhéal Átha'n Ghaorthaidh, ná lucht bainistíochta na scoile sásta, ná leath shásta leis an réiteach seo.  Tionóladh roinnt mhaith cruinnithe, a bhí achrannach go maith, sar a bhfuair Fionnbarra (beannacht Dé leis) bás obann i mí Iúil 1968, agus leanadh leis na cruinnithe seo, nach raibh réiteach ar bith ag teacht astu, go dtí 1974.

Fén am seo bhí an Chéim B.A. agus Árd Teastas san Oideachais bainte amach agam agus bhí mé ag múineadh agus mé im' bhainisteoir ar Scoil Mhuire.  Timpeall an ama céanna tháinig an tUasal Roibeáird Ó Buachalla mar Phríomh Oifigeach Feidhmiúcháin do Choiste Oideachais Ghairm Bheatha Chontae Chorcaí.  Chuir an tUasal Ó Buachalla roinnt tuairimí chugam i dtaobh saoil Scoil Mhuire sa todhchaí.  Ba é an toradh a bhí ar an iniúchadh ná go gcomhnascfaí an mheán scoil, Scoil Mhuire, agus an Gairmscoil a bhí i mBéal Átha'n Ghaorthaidh le roinnt mhaith blianta sar ar bunaíodh an mhéanscoil.  As sin amach Scoil Phobail a bheadh ann.  Choiméadfaí an t-ainm "Scoil Mhuire".

Nuair a bhí Fionnbarra Ó Murchú ag druidim i dtreo fearúlachta, ba mhór a dhílseacht don Ghaeilge agus bhí deamhóid thar chuimse aige don Mhaighdean Mhuire.  Ní tré tionóisc a hosclaíodh Scoil Mhuire ar fhéile na Maighdine.  Ba é an chéad turas scoile a bhí ag daltaí na scoile nua-bhunaithe ná oilthireacht go dtí Cnoc Mhuire. Tháinig an dá grá a bhí aige - don Mhaighdean Mhuire agus dá theanga dúchais le chéile nuair a chuir sé aithne ar an Léigiún Mhuire agus ar an mbrainse de, "An Réalt" a dhein a gnó trí mheán na Gaeilge.

Bhuail mise le Fionnbarra Ó Murchú don chéad uair nuair a thug brainse Cathair Chorcaí den Réalt cuairt ar Bheanntraí.  I ngan fhios dá chéile bhí an Maighdean Mhuire ag tabhairt an bheirt againn le chéile.  Shocraíomar go bpósfaí sinn ar an 21ú lá de Mheithimh 1960.  Cheannaigh Fionnbarra suíomh tí ó Dhiarmaid Ó Mathúna (beannacht Dé leis) Drom an Ailligh, agus thóg Dónal Ó Seitheacháin (beannacht Dé leis) bungaló an bhreá dúinn ar an láthair sin.  Le himeacht ama, rugadh triúr clainne dúinn - Máire, Seán agus Caitríona.

Lá stairiúil do Bhéal Átha'n Ghaorthaidh agus do dhaltaí Scoil Mhuire, ab ea an 8ú lá de Mheán Fomhair 1959 nuair a hosclaíodh doras na scoile nua do naonúr déag scoláire óg, idir bhuachaillí agus cailíní, don chéad uair.  Ar an lá stairiúil sin lasadh coinneal beag bídeach, coinneal an dóchais, do ghluain óg Bhéal Átha'n Ghaorthaidh, nuair a tháinig Scoil Mhuire ar an saol, don chéad uair, i seomra suite Shéamuis (beannacht Dé lena anam uasal) agus Eibhlín Uí Chorcora.  Ó am go chéile bhí laetha dorcha i ndán do Scoil Mhuire ins an naoi mbliana a bhí Fionnbarra Ó Murchú ina Árd Mháistir, ach fé choimirce na Maighdine Muire ní fhéadfadh go mbeadh teip i ndán don scoil nua.  Tá an coinneal bídeach a lasadh i Meán Fomhair 1959 ag soilsiú go láidir ó shin.  Tá doras Scoil Mhuire ar oscailt ó shin i leith i nGaeltacht Mhúscraí.  Gura fada buan í.


Máire Bean Uí Mhurchú,   8ú Meán Fomhair 1999.