(Back To 1999 Contents)

Scoláire Bocht na Seascaidí


Eibhlín Ní Luasa
Drom an Ailligh


Samhradh na bliana 1959. Bhíos réidh leis an mbunscoil agus ní raibh fhios agam ó thalamh an domhain cad ab fhearr dom a dhéanamh. Ní raibh mórán rogha ag duine óg an uair sin - dul ar obair mar chailín aimsire nó dul go scoil chónaithe, rogha an dhá dhíog i ndairíre.

I lár an tSamhraidh áfach tháinig réiteach na faidhbe  mar fógraíodh ar an Cork Examiner go
n-osclófaí meán scoil i mBéal Átha'n Ghaorthaidh. Scoil chomhoideachais lán-Ghaelach a bhí i gceist. Cheapas go mbeadh sé sin oiriúnach dom. Thapaíomar an deis agus cláraíodh mé féin agus naonúr déag eile sa  scoil nua. B'é Fionbarra Ó Múrchú a bhunaigh an scoil agus b'é a bhí mar árd-mháistir. Ar an ochtú lá de Mheán Fomhair tar éis Aifrinn i Séipéal Fionbarra agus Rónáin bhailigh daltaí na céad bliana le chéile i seomra suite Uí Chorcora. Ba dheacair  a chreidiúint go raibh meán scoil i ngiorracht scread asail de mo thig féin. Bhí cónaí ormsa i nDrom an Ailligh agus ní raibh le déanamh agam ach pocléimnigh síos an bóthar.

Chuireamar aithne ar cháirde nua sa scoil, daoine óga ó Bhaile Bhúirne, Réidh na nDoirí, Ínse an Gheimhlidh agus an Céim. Chuireamar aithne ar chairde nua eile chom maith, Canon Sheehan ó Dhún ar Aill, Wordsworth agus Shakespeere, Eisirt agus Jimín Mháire Thaidhg. D'fhoghlaimíomar nithe cosúil le "Mensa Mensa Mensam". Teoragán Pythagorus and "Fair Daffodils, We weep to see you haste away so soon".

Rud amháin a chuaigh i bhfeidhm orm ná an deabhóid a bhí ag an Máistir Nua don Mhaighdean Mhuire. D'oscail sé an scoil ar an ochtú lá de Mheán Fomhair, breithlá don Mhaighdean Muire agus thug sé Meán Scoil Mhuire mar theideal ar an scoil. Thug sé Teaghleach Mhuire ar a theach chónaithe féin. Thug sé an rang ar oilithreacht go Cnoc Mhuire i ndeireadh na bliana. Bhí pictiúir de Mhuire  na Dea Chomhairle ar crochadh sa tseomra ranga agus dúirt sé go mbeadh a chuid oibre agus an scoil faoi choimirce na Maighdine Muire.

Is cosúil go ndeachaigh fealsúnacht an Phiarsaigh i leith an oideachais i bhfeidhm ar an Máistir.
Luaigh sé "The Murder Machine" go minic. Bhí sé beagáinín mí fhoighneach le córas na scrúdaithe. Cheap sé go raibh an t-oideachas sin an-chúng. Mheas sé go raibh dualgas air forbairt a dhéanamh ar an duine iomlán. "Ní theastaíonn uaim asail a dhéanamh daoibh" ar seisean go minic. "Tiomáineann tú asal ach spreagann agus mealann tú an duine."

Gan amhras bhí béim ar gach gnéith den chultúr Gaelach. Is í an Ghaeilge a bhí mar ghnáth theanga na scoile agus fiú sa chéad bhliain ghlacamar páirt i ndráma Gaeilge "An Fiach Bán,"
dráma faoi luíochán a deineadh in aimsir na nDubhchrónach. Léiríomar an dráma sa Halla
C.Y.M.S. i gCorcaigh. Is cuimhin liom go maith go bhfuaireamar tae agus ceapairí i dteach fairsing galánta Mrs. Danny  Bán an Aoil san Mardyke níos déanaí an oíche sin.

D'fhanamar sa scoil seo ceithre bliana agus dheineamar go léir ár ndícheall. Ní raibh brú ró mhór orainn mar ní raibh córas na bpoinntí nó an fhoirm C.A.O. ag déanamh imní dúinn. Bhíomar saonta i gcomparáid le daltaí scoile an lae inniu ach bhí an timpeallacht inar mhaireamar simplí freisin.

Ní raibh an Máistir léannta seo ach naoi mbliana i bhfeighil na scoile. Samhradh na bliana 1968 bhí sé ar saoire i gCorca Dhuibhne san áit ab annsa leis nuair a tháinig an Rógaire Báis aniar

adtuaidh air. Bhí an téarma caite aige i ngleann seo na ndeor agus bhí éacht oibre déanta aige. Fuair sé a luach saothair sna Flaithis san áit nách mbeadh aon ní de dhíth air.

Thóg sé an bhunchloch agus leanann a chuid oibre ar aghaidh. Chuir sé síol an oideachais agus táimídne, na h-iarscoláirí, ag baint an Fhómhair.

Go rabhaimíd  go léir i gcomhluadair a chéile i Riocht Dé.

Eibhlín Ní Luasa
Drom an Ailligh