|
|
|
|
|
1996 CONTENTS Dan Seán ó Céilleachair
Agus an Iris seo á ullmhú againn, tháinig fear amháin isteach in ár n-aigne go minic, agus bé sin Dan Seán ó Céilleachair, Beannacht Dé lena anam. Blianta eile nuair a bheadh fadhb nó ceist agat faoi stair na h-áite, nó a leithéid bheadh slí as agat. D'fhéadfá dul chun cainte le Dan Seán, agus cinnte bheadh freagra na ceiste aige ar bharr a theanga.
Ach faraoir, sciobadh Dan Seán uainn go tobann i dtús mí Aibreáin. Ba mhór an chailliúint é don cheantar in iomlán agus go h-áirithe dá bhean chéile Joan agus dá chlann. Bhí árd-mheas ag gach éinne air, idir óg agus aosta.
Fear mór le Gaeilge ab ea Dan agus bhí sé eolasach árd-éireamach. Bhí ana chuimhne aige agus bua na cainte chomh maith. Bhí stór mór scéalta, seanfhocail agus ráitisí aige. Is cinnte go bhfuil a lán acu imithe leis. Ba bhreá an comhluadar é agus is é a bhí go maith chun scéal a insint.
Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh an Cumann Staire i mBéal Atha'n Ghaorthaidh i 1991 agus beimíd i gcónaí buíoch dó as ucht an chabhair go léir a thug sé dúinn. Chuir sé go mór le h-aon ócáid a bhí ar siúl, le méid a eolais agus a líofachta.
Bhí ana shuim ag Dan i nDrámaíocht agus aisteoir iontach ab ea é. Ghlac sé páirt in an-chuid drámaí áitiúla. An oíche sula bhfuair sé bás, fiú, bhí sé i láthair ag Féile Drámaíochta na Mumhan, san Halla anseo agus é ag baint lán taitneamh as na drámaí.
Comharsa den scoth ab ea Dan agus bhí sé ullamh i gcónaí lámh cúnta a thabhairt d'éinne. Bhí ana chur amach aige ar gach saghas oibre. Chaith sé a shaol le feirmeoireacht agus bhí sé mar fhear a'phoist ar feadh blianta, job a bhí ag a athair, Seán Dónal Liam roimis.
Is deacair a chreidiúint go bhfuil fear chomh beo bríomhar imithe uainn ar shlí na fírinne, ach sin mar a bhíonn an saol. Táim cinnte go mairfidh a chuimhne linn. Ar dheis Dé go raibh a anam.
|
|
|
|
|