Agallamh Beirte
Domhnall: Hí a Sheáin, cá raghair, cá ngeobhair?
Seán: Hó hó nach fiosrach ataoi Is greannmhar an cheist í sin a chur ar éinne, nó an bhfuil aon tabhairt suas in aon chor ort.
Domhnall: A a Sheáin, ná bí ar meirg liom.
Seán: Ní rabhas ach ag magadh. Táim ag dul siar faoi dhéin tigh Mhichíl Dhomhnaill Mhór. Táimíd ag dul ag iascaireacht má bhíonn an tráthnóna oiriúnach.
Domhnall: Ag dul ag iascaireacht, agus gan fiú slat ná cóir ar bith agat.
Seán: Nach bhfuil anois, nach féidir liom slat a bhaint i ndeisc'na sciollach ar mo shlí siar, agus féach anso balls of twine for fishing line and bended pins for hooks.
Domhnall: Yerra a Sheáin, ná bac leis inniu agus raghaidh mise leat Dé Sathairn.
Seán: Tá go maith a Dhomhnaill, glaodhfaidh mé chugat tar éis dinnéir Dé Sathairn.
----------------------------------------------------------
Go mairir do bhróga deas nua.
Mairfead dar ndó agus tuile acu.
Sa Standing a fuairis iad is dóch'.
Ní hea, ach ó Cúilleach sa village.
Ar chuiris aon snas orthu fós?
An braoinín is lú ná feicfeá é.
D'fhoghlaim Dónal ó Duinnín, Acharas agus Conchubhar A'Coitir, Curraithe an agallamh beirte thuas ó Maitias ó Luasa, nuair a bhíodar ar scoil.