|
|
|
|
|
1996 CONTENTS Cath Chéim an Fhia le Donnchadh ó Luasaigh, Béal Atha'n Ghaorthaidh
Trátha an ama seo, 175 bliain ó shin, a buaileadh Cath Chéim an Fhia. I gcuimhne na hocáide, ba mhaith liom cúlra an scéil agus cúrsaí an chatha, mar a tuigtear domhsa iad, a ríomh arís.
Snáth is ea an scéal seo sa ghréasán leathan den chos-ar-bholg atá de shíor á imirt ar an dtionónta, ar an gCaitliceach, ar an náisiúnaí, ar an duine bocht, ar an nGael ag an nGall riamh ó theip ar chóras na dTaoiseach tar éis Chinn tSáile go dtí ár n-am féin.
Tar éis na hAondachta, bhí na daoine seo ina suí go teann, an córas leo agus iad á oibriú go hinnealta. Bhí an iliomad saghas éagóra á imirt ar 'Thadhg', ach b'é an ceann ba mheasa leis ná ceist na ndeachmhaithe. Do réir córais an ama bhíodh ar an dtionónta (i.e. an Caitliceach agus rl.) an deichiú chuid dá theacht isteach a dhíol chun na hEaglaise Ghallda a choiméad i mbarr maitheasa.
Mar seo a d'oibríodh an córas. I rith an fhómhair thagadh meastóir timpeall agus dheineadh sé iniúchadh ar na barraí go léir a bhí ag an dtionónta. Ar fheabhas na mbarra a dheintí an teacht isteach a mheas. Dá mbeadh toradh an tailimh go maith bheadh an deachú árd. Thairis sin, dá ráineodh go mbeadh col ag an meastóir leis an dtionónta bocht bí cinnte go mbeadh an deachú ní ba airde ná an ceart. In airde ar seo, bhíodh ar dhuine eigin an meastóir féin a dhíol agus ina theannta sin arís bhí díolaíocht ag dul do fhear bailithe an airgid. Leagtaí cuid d'ualach an tuarastail seo ar gach ceann teaghlaigh agus bhíodh an cháin sin le díol i dteannta na ndeachmhuithe.
Faoi dheireadh thiar thall d'éirigh daoine amach i gcoinne an chórais seo in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Ní raibh pobal Uíbh Laoire chun deiridh. An 'Captaen Rock', a bhí ina chónaí ar Charraig Fharraire i gCill Mhuire, a ghríosaigh chuige iad. Thiomsaigh sé siúd roinnt mhaith fear agus dhein iad a chur fé mhóid a bheith dílis dó.
Thuig 'An Córas' go rabhthas chucu agus chuireadar na sean-ghíománaigh (i.e. Yeomen) ar bun arís. (Cuireadh ar bun do chéad uair iad i 1779, iad ar aon dul agus ar aon chuspóir, geall leis, leis na hOglaigh a bhí ag Grattan.) Na Muskerry Blue Light Dragoons a tugtaí orthu. Robert Warren ó Bhaile Gallda a bhí ina thaoiseach orthu ag an bpointe seo. Fuaireadar airm, armlón, éide agus gach rud eile a bhí uathu ó bhuíon cairbinírí I gCathair Chorcaí. Cuireadh roinnt de na gíománaigh armtha seo siar go Beanntraí. Tháinig tuilleadh gíománach go hInse Geimhleach agus b'é an Rifle Brigade a bhí mar ainm orthu.
Bhí an 'Captaen Rock' agus a chuid Buachaillí Bána ar thóir arm fan am seo - ní raibh acu féin ach pící, speala agus cúpla seanghunna. Thug sé ordú dá chuid fear arm agus armlón a thógaint ó na Gaill mórthimpeall na Banndan agus in iarthar Chorcaí.
D'imigh Buachaillí Bána Uí Laoire siar go Beanntraí agus thógadar roinnt gunnaí ó na tiarnaí ann. Thugadar cuairt ar thigh Iarla Bheanntaraí agus fuaireadar airm ann. Tháinig amhras orthu ansan go mbeadh fhios ag an muintir thiar cé thóg na hairm agus tháinig eagla orthu go leanfaí iad. Shocraíodar le Buachaillí Bána Bheanntraí scéala a chur chucu dá mbraithfidís aon ní ag tárlú.
Deir insint eile ar an scéal gur lean uaisle Bheanntraí agus a mbuíon na Buachaillí Bána cúpla míle den bhóthar anoir, ach go raibh eagla orthu tabhairt fés na Buachaillí Bána agus gur fhilleadar ar an mbaile. Lorgaigh na Gaill cabhair agus tháinig san 'ón gcóras. Tháinig an ghiúistís ó Bheanntraí chucu agus slua mór saighdiúirí ina theannta. Tháinig Hedges agus Sweet ó Mhagh Cromtha agus an Barrach Mór ó Chill Barra.
Bhí fhios ag an 'gCaptaen Rock' go gcuirfí an tóir arís agus mar sin d'aimsigh sé fear faire do na Buachaillí Bána. B'é a n fear a d'aimsigh sé ná Dónall ó Laoire na Bearraice, laistiar den Chéim. Chuir sé fé bhrí na mionn trí huaire é i dtreo is go mbeadh sé dílis dó agus bheith ina fhear faire aige. Dá bhfeicfeadh Dónal an t-arm ag teacht chaithfeadh sé cur de, go barra Charraig na nGíománach ar thaobh na Dúchoille, agus adharc a shéideadh go tréan fé thrí. Ní raibh aon chúram eile ar Dhónall.
Bhí go maith agus ní raibh go holc. Bhí an t-am ag sleamhnú thart, mar a deireadh an tseanamhuintir, agus céachta dúdorcha na hoíche ag teacht agus ag imeacht - an láir bhán ag dul ar scáth na cupóige agus an chupóg ar teitheadh uaithi, madraí gearra ag amhastraigh san áit ina mbídís agus sa bhall ná bídís ní labhraidís in aon chor.
Deich lá agus deich noíche a chaith Dónall ag faire gan éinne ag cur chuige ná uaidh ach i ndeireadh na haimsire sin chonaic sé slua mór saighdiúirí ag teacht - Murtach ó Súilleabháin, giúistís Bheanntraí, istigh ina lár; Hedges agus Sweet ó Mhagh Cromtha ar na cliatháin agus Barrach Mór Chill Barra ag déanamh na slí dóibh.
Dhein Dónall a chuid gnótha mar a socraíodh. Léim sé ar an gcarraig agus lig sé líú. An Buachaill Bán ba ghiorra do Dhónall, nuair a d'airigh sé an líú chuige, phreab seisean ar an gcnoc ba ghiorra dhósan agus chuir sé siúd an líú ar aghaidh. Mar sin dóibh gur shrois an líú Carraig an Ime, deich míle fichead slí ó Bheanntraí. Triúr a bhí ag obair i reilg Ghobnatan i mBaile Bhúirne an lá san, (Eanair 21ú, 1822), chualadar an líú agus thángadar 'go námhadmhar' i dtreo láthair an chatha. B'shin lá na cinniúna do dhuine den triúr san ámh.
Tháinig na saighdiúirí aniar i bhfad ní ba thapúla ná mar a bhí coinne ag na Buachaillí Bána leo agus nuair a shroiseadar an taobh thoir den Chéim ní raibh aoinne ann rompu. Dheineadar caol díreach suas ar thigh Bhuachalla Báin de mhuintir Cheallaigh - saghas cinnire ceantair ab ea é siúd - chun é a phionósú. Dódh tigh air agus murach an captaen a bhí orthu, loiscfí ina bheathaidh istigh é, a deirtear.
Nuair a bhí an méid sin déanta in ainm 'an chórais' dhein na saighdiúirí a slí síos fé dhéin an bhóthair mhóir arís, áit a raibh na capaill acu. Fonn a bhí orthu dul soir fén bparóiste agus a thuilleadh den tsórt so oibre a dhéanamh. Féachaint dar thugadar, ámh, chonaiceadar na Buachaillí Bána ag teacht ina dtimpeall agus tháinig eagla orthu gabháil níos sia soir. D'imigh na gíománaigh in airde ar chnocáinín a bhí i leathaoibh an bhóthair agus d'imigh na Buachaillí Bána in airde ar an talamh ard sin fan chliathán Thúirín na nEan siar. Chomh luath agus a fuair na Gaill radharc ar na Buachaillí thosnaíodar ar chith tiubh piléar a scaoileadh leo. Bhí na Buachaillí Bána ar scáth na gclathacha, ad'iarraidh bheith ag druidim leo siar fén gCéim. Ach, mo léir; ní raibh aon scáth fónta ós na clathacha agus thiteadar isteach i lagán beag a bhí fé scáth carraige. Deir daoine gur phreab Smith, an gíománach, chun na Buachaillí Bána a ruaigeadh ón scáth carraige agus gurb ag an bpointe sin a maraíodh é.
Tá insint eile ar an scéal chomh maith.
Do réir an scéil seo tháinig na Buachaillí Bána in am tráth agus chruinníodar ar na hInseacha, ar Thúirín na nEan agus ar Chloch Bharrach. Bhí an bóthar an uair úd ag gabháil siar fan chliatháin an chnoic. Bhí na Buachaillí Bána cruinnithe ar an taobh theas den bhóthar, chonaiceadar na saighdiúirí ag teacht agus chuadar i luíochán. Bhí saighdiúirí coise ag na gíománaigh agus nuair a thángadar so i dteannta na mharcshlua os comhair na mBuachaillí amach chaith na Buachaillí Bána leo. Bhain san preab as na gíománaigh agus chuadar san i luíochán leis.
Cheap na Buachaillí Bána bochta go raibh na Gaill go léir marbh acu agus ritheadar chucu, líú áthais á chur go hárd san aer acu, ach bhí dul amú orthu. Phreab na Sasanaigh 'marbha' san aer, scaoil gach fear acu, chualathas torann na ngunnaí agus chonacthas an deatach. Rith na Buachaillí Bána ach nuair a ghlan an ceo chonacthas go raibh beirt acu sínte, fuar marbh.
B'iad an bheirt a maraíodh ná Amhlaoibh ó Loinsigh, Darach, duine den triúr úd a d'airigh an líú i reilg Ghobnatan, agus Fionnbarra ó Laoire, Gaortha an Tornórna.
Thosaigh an troid i ndáiríre ansan. Bhí na fir 'ag lamhach agus ag líonadh' ar gach taobh agus mhair an scéal ar an gcuma san tamall. Amach sa ló tharla go raibh Smith agus Séamus Breatnach ag caitheamh ar a chéile ó thaobh carraige. Theip ar lón ar Shéamus i ndeireadh báire. Aisiúil go leor theip na piléir ar Smith chomh maith ach bhí roinnt púdair aige, Chonaic Séamus go raibh Smith ag baint cnaipe dá sheaicéad le cur sa ghunna. Cad a dhein sé ach léim a chaitheamh agus thúirling thall in aice Smith. D'éirigh leis é a chosc ar a bheaignit a úsáid air (trína lámha a bhriseadh) gur tháinig Conchúirín Buí ó Laoire (deartháir Mháire Bhuí) ar an láthair. Rug sé ar an mbeaignit agus dhírigh ar Smith.
'O mercy, boys, mercy', arsa Smith.
'A Mhuire, go raibh mercy ag an ndiabhal ort!' arsa Conchúirín. Rop sé an bheaignit go croí i Smith agus d'fhág sé ann é,
'sínte ar a tharr in airde ar ardleacain fhraoigh dhubh, Ba ghránna bhí a ghnaoi is gan taointe ar a thóin ……'
Nuair a bhí Smith marbh orthu d'fhiafraigh oifigeach den mBarrach cé acu ab fhearr leis 'troid, cúlú nó géilleadh'.
'O', ná géillig,' ar seisean, 'mar marófar gach uile dhuine againn go dtí an nduine déanach. Deiníg cúlú más féidir.'
Deineadh rud air. D'imigh cuid de na saghdiúirí siar i dtreo Bheanntraí, tuilleadh soir i dtreo Mhagh Cromtha. Deir na cuntais gur fágadh beirt marbh ar thaobh na nGael; duine amháin ar thaobh na nGall.
Sin scéal an Chatha go nuighe seo. Mar a dúirt an file -
'Céad moladh mór le hIosa nár dhíolamarna as an dtóir Ach bheith ag déanamh grinn de, is á insint ar só'.
|
|
|
|
|