(Back To 1998 Contents)
Óráid an Easpaig 1965     


Óráid a thug An tEaspag C. O Luasa nuair a fhreastail sé ag an searmanas oscailte de Seachtain Ghlór Na nGael i mBéal Áthan Ghaorthaidh 27ú Iúil 1965.
                                           
   "A Cháirde uaisle.    I dtosach báire, ba mhaith liom a rá gur cúis áthais dom  -  mar Easpog, mar Gael, agus mar leath-Bhéal Áthan an Ghaorthach  - bheith anseo inniu i measc Gael na tíre.
"Is mó de ghlóire do náisiún a theanga dhúchais ná a soirse, ná fiú  amháin a saibhreas saolta.  Mo léan géar ní hí an teanga dhúchais a labhrann an chuid is mó do mhúintir na hÉireann anois ach teanga na nGall.  Agus ní féidir linn a rá gur 'sa Ghaeluinn atá glór na glóire na nGael anois" -  ach gur "inti ba  chóir dóibh a bheith", agus gurb í náire na nGael atá i dteanga na Sacsan".
         
"Le mórán blian anois tá saoirse ó smacht Shasana againne sna contaethe seo  d'Eirinn.  Ach nil aon tsaoirse againn ó Bhéarla Shasana.  Is amhlaidh atá líon na gcainteoiri  dúchais tar éis  titim ó bhliain go bliain ó thainig rialtas dár gcuid féin i gcomhacht.  Agus ar an gcuma ceéanna chuaigh "sprid" an phobail chun na Gaeluinne i laige in ionad dul i neart.

"Cad is cúis leis seo?  Tá dhá phríomh-chúis leis, is dóigh liomsa. Ar dtúis is insan Ghaeltacht - níos mó ná áit ar bith eile den tuath atá líon  na ndaoine tar éis titim ar fad.  Tá ceantair na Gaeltachta a bhánú  le daichead bliain anuas.  Le linn dúinn bheith ag iarraidh teanga na Gae1uinne a shábháil bhí faillí a thabhairt againn ins na daoine  a bhí ag labhairt na  teanga, fé mar ba rud é an teanga a bhí níos tabhachtaí ná na daoine a bhí á labhairt - nó fé mar ná beadh sí ag brath ortha in aon chor.
   
"Is é an dara cúis, dar liom, leis an scéal a bheith againn mar atá ná gur bhaineamar úsáid as slite chun na teanga a shábháil a bhí ró-thuathalach agus  ró-shaolta.  Bhaineamar triail as éigeantas nach raibh ár gcroí ann; agus ar an dtaobh eile bhí roinnt deontaisí agus postanna á thabhairt de bhárr na Gaeluinne agus níor chuimhníomar in aon chur gur fearr an "sprid" a bhí ann nuair nach raibh aon deontas ná aon phost le fáil aisti.  Más í teanga tíre glóire na tíre agus anam na tíre chomh maith, is ar na nithe a bhaineann le cúrsaí glóire agus    cúrsai na hanam is ceart dúinn bheith ag brath chun dúthracht ar son na  teanga dúchais a mhúscailt, agus ní ar aon spreagadh saolta.
   
"Is fíor nach féidir an Ghaeluinn a choiméad beo - gan trácht ar í a athbheochan - gan sonas áirithe saolta a bheith ag lucht a labhartha.  Ach ní leor spreagadh saolta amhain  chun an cath a bhuachaint, ná fiú amháin a chur chun cinn.  Is cabhair é, ach sin uile.  Cad tá á  mholadh agam mar sin?  So chéad áit molaim forbairt chomh már sin a dhéanamh ar cheantair na Gaeltachta nach mbeidh ar duine ar bith a thagann ar an saol iontu dul lasmuigh díobh ag lorg slí  bheatha ná ag lorg dul ar aghaidh sa tsaol.  Déantar iomadú agus fairsingiú ar phobal na  Gaeltachta, agus déantar na ceantair a leathnú.  Chuige seo beidh gá againn le tionscail áirithe.  Bíodh na tionscail sin bunaithe, áfach, ar acmhainn nádúrtha na gceantar féin, nar shampla, anseo i mBéal Átha an Ghaorthaidh ar thorthaí na feirme agus ar obair adhmaid, in Oileán Cléire ar an iascaireacht.

Molaim ansin san dara áit luí ar an tairbhe spioradálta a ghabhann le labhairt na Gaeilge agus leis an gcultúr Gaelach. Ár dteanga dúchais í an Gaeilge, teanga a bhfuil saibhreas spioradáltachta ina litríocht agus ina gnath-bheannachtaí. Tá an teanga Gaeilge féin agus an Creideamh Críostaí in Éirinn fite fuaite ina chéile le míle go leith bliain..........."                 
"Guím mo  bheannacht ar obair na Seachtaine, ar Ghlór na nGael, agus a Chuspóirí."