FEAR NAOFA

Bhí fear naofa ina chónaí in Eirinn fadó. Molaga an t-aimn a bhí air. Bhí sé ina gcónaí i gContae Corcaigh. Lá amhain tháinig sé go Bré Mór. Bhí fear saibhir ina chónaí i Bré Mór agus bhí sé tinn. Bheannaigh Molaga do agus thosaigh sé ag guí. Taréis tamaill tháinig biseach ar an bhfear saibhir.Bhí áthas an domhain air agus thug sé páirceanna i Bré Mór do Mholaga. Thóg Molaga séipéal ann agus teach dó féin. Bhí beacha aige freisin agus fuair sé mil ó na beacha. D’fhan sé i Bré Mór ag guí agus ag tabhairt aire do na daoine breoite. Nuair a bhí sé aosta chuaigh sé ar ais go gContae Corcaigh agus fuair sé bás ann.