Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach
... Ní neart go cur le chéile.
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach
In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh.
In the name of the Father, and of the Son, and of the Holy Spirit
(Sagart) Go raibh an Tiarna libh.
(Priest) May the Lord be with you
(Pobal) Agus leat féin.
(People) And with you
Gníomh Aithrí (sagart agus pobal)
Act of Contrition (priest and people)
(Sagart) A bhráithre tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn an tAifreann a cheiliúradh
(Pobal) Admhaím do Dhia uilechumhachtach
I confess to almighty God
agus díbh-se, a bráithre,
and to you my brethren
gur pheacaigh mé go trom
that I have sined grievously
le smaoineamh agus le briathar,
through thought and through word
le gníomh agus le faillí,
through action and through inaction
trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
through my own fault, through my own fault, through my own grievous fault
Ar an ábhar sin, impím a Naomh Mhuire síor Ógh,
For that reason, I plead Holy Mary ever-virgin
ar na h-aingil agus ar na naoimh,
to the angels and to the saints
agus oraibh-se a bhráithre,
and to you brethren
Guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.
To pray for me to the Lord God
(Sagart) Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe se ár bpeacaí duinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha sioraí sinn.
(Pobal) Amen
A Thiarna, dein trócaire.
Lord, have mercy
(sagart) A Thiarna, dein trócaire. (pobal) A Thiarna, dein/déan trócaire.
(priest) Lord, have mercy. (people) Lord, have mercy
(sagart) A Chríost, dein/déan trócaire. (pobal) A Chríost, dein/déan trócaire.
(priest) Christ, have mercy. (people) Christ, have mercy
(sagart) A Thiarna, dein/déan trócaire. (pobal) A Thiarna, dein/déan trócaire.
(priest) Lord, have mercy. (people) Lord, have mercy
Urnaí
(Sagart) ...
(pobal): Amen
Liotúirge an Bhriathair
An Chéad Léacht
Sliocht as ...
(Tar eis an chead leacht)
(Sagart) Sin é Briathar Dé.
(Pobal) Buíochas le Dia.
Salm le Freagra.
Psalm with response
Canaigí amhrán nua don Tiarna, Óir rinne sé éachtaí.
Sing a new song to the lord, since he did great things
An Dara Léacht
Sliocht as ...
(Tar eis an chead leacht)
(Sagart) Sin é Briathar Dé.
(Pobal) Buíochas le Dia.
Comhgháir an tSoiscéil.
Acclaimation of the Gospel
Alleluia, Alleluia, Alleluia.
Is Mise solus a tsaoil deir an Tiarna.
I am the light of the world says the Lord
An té leanfaidh Mise beidh aige solus na bhFlaitheas.
Who ever follows Me will see the light of Heaven.
Soiscéil
(Sagart) Go raibh an Tiarna libh.
(Pobal) Agus leat féin.
(Sagart) Sliocht as ... de réir N. ...
(Pobal) Glóir duit, a Thiarna.
(Tar eis an tSoiscéil)
(Sagart) Sin é Soiscéil Dé.
(Pobal) Moladh duit, a Chríost.
An Chré
(Sagart agus Pobal) Creidim in aon Dia amháin,
an tAithair uilechumhachtach a rinne neamh agus talamh agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe,
agus in aon Tiarna amháin, Íosa Críost, Aon-Mhac Dé,
an té a rugadh ón Athair sula raibh aon saol ann,
Dia ó Dhia, solas ó sholas, fíorDhia ó fhíorDhia; an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna, agus ar son ár slánaithe, thuirling sé ó neamh.
Ionchllaíodh le cumhacht an Spioraid Naoimh é i mbroinn na Maighdine Muire agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son;
d’fhulaing sé páis faoi Phontius Píoláit agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an treas lá de réir na scrioptúr; chuaigh suas ar neamh;
tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ni bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spioraid Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha, an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
is é a labhair trí na fáithe. Creidim san aon Eaglais naofa,
chaitliceach, aspalda.
Admhaím an t-aon bhaisteadh amháin chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh agus le beatha an tsaoil atá le teacht.
Amen
Guí an Phobail.
Prayers of the Faithful
(Sagart) A Thiarna éist linn.
Lord hear us
(Pobal) A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.
Lord graciously hear us
Liotúirge na hEocairiste
Ofráil.
Offertory
Amen a Íosa do cheannaigh go daor mé ar an gcrann Dé h-Aoine.
Amen Jesus, you who bought me dearly on the cross on Friday
Is do namhaid ad' throaochadh, 's tú 'bhfad ód' ghaolta.
And your enemy exhausting you, and you far from your relations
(Sagart) Is beannaithe thú a thiarna, a Dhia na cruinne mar gur bhronn tú orainn an t-arán seo a ofrálaimid duit. An talamh agus saothar an duine a thugann é mar thoradh agus déanfar de arán na beatha dúinn.
(Pobal) Moladh go deo le Dia.
(Sagart) Tá rúndiamhair an uisce agus an fhíona seo, go ndéantar páirteach i ndiagacht an té sin a dheonaigh a bheith páirteach inár ndaonnacht. Is beannaithe thú a thiarna, a Dhia na cruinne, mar gur bhronn tú orainn an fíon seo a ofrálaimid duit. An fhíniúin agus saothar an duine a thugann é mar thoradh agus déanfar de deoch spioradálta dúinn.
(Pobal) Moladh go deo le Dia.
(Sagart) Tagaimid i do láthair , a Thiarna Dia, le hómós agus le doilíos croí; go mb'fhiú leat ar an ábhar sin glacadh leis an íobairt seo a ofrálaimid duinn inniu. Nigh mo chionta díom, a Thiarna, agus glan díom mo pheaca. Guígí, a bhráithre, go nglaca Dia an tAthair uilechumh-achtach leis an íobairt se uaimse agus uaibhse.
(Pobal) Go nglaca an Tiarna leis an íobairt seo ó do lámha chun onóra agus glóire a ainm, agus chun sochair dúinn agus dá naomhEaglais uile. Ámén
An Urnaí os cionn na Nofrálacha
The Prayer over the Gifts
(Sagart) Guímis ..........trí Íosa Críost, ár dTiarna.
(Pobal) Amen
An Phaidir Eocairisteach
An Phréafáid.
Preface
(sagart) Go raibh an Tiarna libh. (pobal) Agus leat féin.
(priest) The Lord be with you. (people) And also with you.
(sagart) Tógaigí bhúr gcroíthe in airde. (pobal) Tá siad tógtha n-áirde chun an Tiarna 'gainn.
(priest) Raise up your hearts. (people) We have raised them up to the the Lord.
(sagart) Gabhaimís buíochas leis an Tiarna Dia. (pobal) Is ceart 'gus cóir sin.
(priest) Let us give thanks to the Lord God. (people) That is right and fitting.
(Sagart) Is ceart agus is cóir duinn, go deimhin, is cuí agus is tairbheach, buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach áit, a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí, trí Chríost ár dTiarna. Lena theacht ar an saol rinne seisean ionracas an duine a athnuachan; lena pháis scrios sé ár bpeacai; ag aiséiri ó mhairbh dó, réitigh sé an bealach chun na beatha siorai duinn; agus ag dul suas ar do dheasláimh dó, chuir sé doirse na bhflaitheas ar leathadh romhainn. Uime sin, mar aon leis na hAingil agus na Naoimh go léir, gabhaimid iomann molta duit a rá gan stad:
Is naofa, naofa, naofa thú.
You are holy, holy holy
Is naofa, naofa, naofa thú, a Thiarna Dia na slua.
You are holy, holy, holy, Lord God of hosts
Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir, Hósanna ins na hÁrda.
Heaven and earth are full of your glory, Hosana in the highest
Is beannaithe an té 'tá ag teacht in ainm an Tiarna,
Blessed is the one who is coming in the name of the lord
Hósanna ins na h-Árda.
Hosanna in the highest
A Dia, is tú amháin is naofa. Gach ar chruthaigh ftú molann siad thú mar is dual duit. Déanann tú gach rud a bheochan agus a naomhú, le cumhacht an Spioraid Naoimh, trí do mhac, ár dTiarna, Íosa Criost, agus bionn tú de shíor ag bailiú chugat féin, ionas go mbeadh iobairt ghlan á hofráil do d’ainm, o éiri go luí na gréine. Impímid go humhal ort, dá bhri sin, a Thiarna, na tabhartais seo atá tugtha i do láthair againn le coisreacan duit tríd an Spiorad céanna, ionas go ndéanfaí díobh Corp agus Fuil do Mhic, ár dTiarna, Íosa Críost; mar is le hordú uaidh a cheiliúraimid na rúndiamhra seo.
An oiche ar tugadh suas é thóg sé an t-arán, ghabh sé buíochas leat, thug moladh duit, bhris an t-arán agus thug dá dheisceabail é a rá:
GLACAIGÍ AGUS ITHIGÍ UILE ÉSEO: ÓIR IS É SEO MO CHORP A THABHARFAR AR BHUR SON.
Ar an gcaoi chéanna, tar éis an tsuipéir, thóg sé an challis, ghabh sé buíochas leat arís, mhol thú, thug dá dheisceabail í, á rá:
GLACAIGÍ AGUS ÓLAIGÍ UILE AISTI SEO: ÓIR IS Í SEO CAILÍS MO CHUID FOLA, FUlL AN NUATHIOMNA SHÍORAÍ. DOIRTFEAR Í AR BHUR SON AGUS AR SON AN CHINE DHAONNA CHUN MAITHIÚNAS NA bPEACAI.
DÉANIGÍ É SEO I gCUIMHNE ORMSA.
(Sagart) Fógraímis rúndhimhair an chreidimh.
Comhgháir (Tar éis an Choisreacáin).
Acclaimation (after the consecration)
A Iosa fuair tú bás ar ár son, d'éirigh tú ó na mairbh,
Jesus, you died for our sake, you rose from the dead,
Tiocfaidh tú arís.
You will come again
(Sagart) Dá réir sin, a Thiarna Dia, cuimhnímid ar pháis do Mhic a shlánaigh sinn, ar a aiséirí glórmhar agus ar a dheascabáil chun na bhflaitheas. Agus ofrálaimid duit, mar chomhartha buíochais, an iobairt bheo naofa seo, agus sinn ag feitheamh go muiníneach lena theacht athuair.
Féach anuas, impimid ort, ar iobairt na hEaglaise: Is eol duit gurb é seo an Chríost céanna, ar ghlac tú lena bhás in éiric ár bpeacaí. Tabhair dúinn, dá bhrí sin, go líonfar den Spiorad Naomh sinne atá dar gcothú le Corp agus le Fuil do Mhic, agus go ndéantar dínn aon chorp amháin agus aon spiorad amháin i gCríost.
Go ndéana seisean dínn tabhartas foirfe síoraí duitse, a Dhia, ionas go n-éireoidh linn an oidhreacht a bhaint amach i gcuideachta na naomh: sa chéad áit, an Mhaighdean Bheannaithe, Muire Máthair Dé, d’Aspail naofa agus do Mhairtirigh ghlórmhara, Naomh Peadar, agus na naoimh uile.
Tá lánmhuínn againn as an idirghuí a dhéanann siad go buan os do chomhair. An íobairt seo a thugann sinn chun athmhuintearais leat, go dté sí chun siochána agus chun slánaithe don domhan uile, impimid ort, a Thiarna.
Neartaigh d’Eaglais, ar a hoilithreacht ar talamh, i gcreideamh agus i gcarthanacht mar aon le do sheirbhiseach, ár bPâpa Eoin Pól, lenâr nEaspag Eoin agus na heaspaig agus leis an gcléir uile, agus leis an bpobal uile atá roghnaithe agat. Tabhair aird go ceansa ar mhianta an teaghlaigh atá anseo i do láthair de réir do thola féin.
Athair na trócaire, ceangail leat féin do chlann uile, cibé áit a bhfuil siad scaipthe. Lig isteach go geanúil i do ríocht ár muintir atá marbh agus gach duine atá imithe as an saol seo faoi do ghnaoí. Is é ár ndóchas go mbeimidne ina gcuideachta siúd, ionas go mbainfimid aoibhneas as do ghlóir, i dteannta a chéile go deo, trí Chríost an dTiarna trína mbronnann tú gach maitheas ar an saol.
Deireadh Na Paidre
Closing prayer
Is tríd agus leis agus ann a thugtar gach onóir is glóir duitse,
It is through him, with him and in him that all honour and glory is given to you,
A Dhia an t-Athair uile chumhachtach,
God the Father all mighty,
mar-aon leis an Spiorad Naomh trí shaol na saol.
together with the Holy Spirit for ever and ever.
Amen. Amen. Amen.
Ár n-Athair.
Our Father
(Sagart) Guímis chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh:
(Pobal) Ár n-Athair atá ar neamh, go naofar t'ainm,
Our Father who are in heaven, may your name be revered
Go dtagaidh do ríocht.
May your kingdom come
Go ndeintear do thoil ar an talamh, mar a deintear ar neamh.
May your will be done on earth, as is done in heaven
Ár n-arán laethúil tabhair dhúinn inniu
Give us today our daily bread
Agus maith dhúinn ár bhfiacha,
And forgive us our sins
mar a mhaithimíd dár bhféichiúna féin,
as we forgive each others sins
Is ná lig sinn i gcathú
And do not let us into temptation
Ach saor sinn ó olc.
But save us from evil
(Sagart) Saor sinn ó gach olc, impimid ort, a Thiarna. Tabhair dúinn síocháin kebár linn, ionas go mbeimid, le cabhair do thrócaire saor ón bpeaca i gcónai agus slán ón uile bhuairt agus sinn ag súil go lúcháireach le teacht ár Slánaitheora, Íosa Críost.
(Sagart) Óir is leat-sa an ríocht, agus an cumhacht, agus an ghóir,
Yours is the kingdom and the power and the glory
Trí shaol na saol. Amen.
For the lifetime of lifetime (ever and ever)
(Sagart) A Thiarna Íosa Críost, a duirt le d'Aspail: Fágaim síocháin agaibh, tugaim daoibh mo shíocháin: ná féach ar ár bpeachaíne ach ar chreideamh d'Eaglaise. Tabhair síochain di agus aontaigh í ina chéile, faoi mar is toil leat féin, tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
(Pobal) Amen.
(Sagart) Síocháin an Tiarna libh i gcónaí.
The peace of the Lord be with you always.
(Pobal) Agus leat féin.
And with you.
(Sagart) Cuirigí in iúl dá chéile go bhfuil siocháin eadraibh
An cumasc seo de Chorp agus d'Fhuil ár dTiarna, Íosa Críost, go dtuga sé an bheatha shíoraí dúinne a ghlacann é.
A uain Dé.
Lamb of God
A uain Dé a thógann peacaí an domhain, dein trócaire 'rainn.
Lamb of God who takes away the sins of the world, have mercy on us
A uain Dé a thógann peacaí an domhain, dein/déan trócaire orainn.
Lamb of God who takes away the sins of the world, have mercy on us
A uain Dé a thógann peacaí an domhain, tabhair dúinn síocháin.
Lamb of God who takes away the sins of the world, give us peace
(Sagart) Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.
(Pobal) A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal agus leighasfar m’anam.
(Sagart) Corp Criost.
(Pobal) Amen.
Iomann Comaoineach.
Communion Hymn
A Iosa mhilis, ní suíochán duit mo theanga,
Sweet Jesus, my tonge is not a seat for you
Ní lóistín duit mo chroí,
My heart is no lodgings for for you
Ach bronn orainn do bheannaíocht,
But give us your holiness
'S go bhfana sí agam choích'.
And may it stay with me forever
Iar-gcoimaoineach
(Sagart) Guímis ..........trí Íosa Críost, ár dTiarna.
(Pobal) Amen.
(Sagart) Go raibh an Tiarna libh.
(Pobal) Agus leat féin.
(Sagart) Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh, + Athair, Mac, agus Spioraid Naomh.
(Pobal) Amen.
(Sagart) Tá an tAifreann thart. Imigí faoi shíocháin.
(Pobal) Buíochas le Dia.
An Phaidir Gheal.
The Bright Prayer
Céard sin ar do láimh chlí? Corp Chríost.
What is that on your left hand? The body of Christ.
Céard sin ar do láimh dheas? Trí braon d'uisce an Domhnaigh.
What is that on your right hand? Three drops of the water of Sunday.
Dóchas linn Naomh Pádraig.(Iomann Clabhsúir)
St. Patrick is our hope (Closing hymn)
Dóchas linn Naomh Pádraig,
St. Patrick is our hope
Aspal mór na hÉireann,
The great apostle of Ireland
Ainm oirirc gléigeal,
A bright and splendid name
Solas mór an tsaoil é.
The great light of the world
'Sé a chloigh na draoithe,
It was he who defeated the druids
Croíthe dúra gan aon mhaith.
Theirhard hearts of no good
D'ísligh dream an díomais
Brought down the proud
Trí neart Dé ár dtréan-fhlaith.
Through the strenght of God our powerful lord
Sléibhte, gleannta, mánna.
The hills, glens and plains
'S bailte móra na h-Éireann,
And the towns of Ireland
Ghlan sé iad go deo dúinn
He cleansed them for ever for us
Míle glóir dár Naomh dhíl.
A thousand glories to our beloved saint
Iarraimíd ort, a Phádraig,
We ask you, Patrick,
Guí orainne, Gaela,
To pray for us, Irish
Dia linn lá 'gus óiche
May God be with us day and night
'S Pádraig Aspal Éireann.
And Patrick apostle of Ireland.
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach
An brón agus an duairceas tar éis imeacht an phrionsa Séarlas Stíobhart (Bonnie Prince Charlie) atá sa chéad chuid den amhrán Seacaibíteach (Jacobite) so, nuair a briseadh ar a arm i gCùil Lodair (Culloden) 1746; bhí coróin Shasana, na hAlban 's na hÉireann bainte de sna Stíobhairt (Stuarts) ó aimsir Cath na Bóinne 1690, is bhí na Hanovarians i gcoróin feasta. Tá brón is buairt ar an bfhile toisc a laoch a bheith ar díbirt agus tá an brón céanna ar Éirinn féin, is ar an saol is ar an dtimpeallacht in Éirinn go léir deir sé.
Molann sé an prionnsa, a chumas 's a ghaisce, á chur i gcomparáid lenár laochra móra go léir agus iarrann sé ar Aon-Mhac Dé é a thabhairt slán ó bhaol. Is mian leis ansan go gcuirfí deireadh leis an mbrón so go léir, go seinnfí ceol 's go n-ólfaí chun sláinte 's saoil a phrionsa breá. Is feidir a mheas, leis gur i mbéal na mná óige úd, Flora MacDonald, a chuireann Seán Clárach caint an amhrain féin.
Ó bím-se buan ar buairt gach ló,
I am constantly sorrowful each day
Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeor,
Crying hard and shedding tears
mar scaoileadh uainn an buachaill beo
Because the lively lad left us
'S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón!
And no report is given of him, alas!
Curfá:
Is é mo laoch, mo ghille mear,
He is my hero, my lively lad
Is é mo Shéasar, gille mear;
He is my Caesar, a lively lad
Suan ná séan ní bhfuaireas féin - nó: ní bhfuaireas féin aon tsuan ar séan
Peace nor happiness, I did not get - or: I did not get any happy sleep
Ó chuaigh i gcéin mo ghille mear.
Since my lively lad went abroad
A)
Ní haoibhinn cuach ba shuairc ar neóin,
The beautiful cuckoo is not cheerful at noon
táid fíorchoin uaisle ar uatha spóirt,
The true noble hounds have little sport
táid saoithe 's suadha i mbuairt 's i mbrón
The wise and learned are troubled and sorrowfull
Ó scaoileadh uainn an buachaill beo.
Since the lively boy left us
Nó b)
Ní labhrann cuach go suairc ar nóin
The cuckoo does not call cheerfully at noon
Is níl guth gadhair i gcoillte cnó,
And the voice of the hounds is not in the nut woods
Ná maidin shamhraidh i ngleanntaibh ceoigh
Nor the summer morning in foggy glens
Ó d'imthigh uaim an buachaill beo.
Since the lively lad has left me
Níor éirigh Phoebus féin ar cóir,
Phoebus (the sun god) himself hasn't risen properly
ar chaomhchneas ré tá daolbhrat bróin,
On the gentle face of the moon there is a black cloak of sorrow
tá saobhadh ar spéir is spéirling mhór
Their is a change in the sky and a great storm
chun sléibhte i gcéin mar d'éala' an leon.
Since to hills far away the lion has gone
Níl séis go suairc ar chruachruit cheoil,
There is no cheerful fun on the hard-harp music
tá an éigse i ngruaim gan uaim 'na mbeol,
Poets are gloomy without poems from their mouths
táid béithe buan ar buairt gach ló
The women are constantly sorrowful each day
ó théarnaigh uainn an bauchaill beo:
Since the lively lad went away from us
Marcach uasal uaibhreach óg,
Young noble, proud horseman
Gas gan ghruaim is suairce snó,
And youth without gloom and of cheerful manner
Glac is luaimneach, luath i ngleo
A quick hand, swift in battle
Ag teascadh an tslua 's ag tuargain treon.
Cutting down the crowd and striking the strong
Is glas a shúil mhear mhúirneach mhódhail
His lively, fond, modest eye is grey/green
mar leagadh an drúchta ar chiumhais an róis;
Like the dew falling on the edge of the rose
tá Mars is Cúpid dlúth i gcóir
Mars (dia na chogaidh) and Cupid (dia an ghrá) are nicely balanced
i bpearsain úir 's i ngnúis mo stóir.
In the youthful body and in the face of my treasure
Is cas a chúl's is cúrsach cóir,
His pole is wavy and it is properly curly
is dlathach dlúth 's is búclach bórr,
His hair is thick and in locks,
is feacach fionn ar lonradh an óir
Fair and wavy with a golden sheen
ó bhaitheas úr go com mo stóir.
From the fresh top to the waist of my love
Is cosúil é le hAonghus óg,
He is like Aongus óg
le Lughaidh mac Céin na mbéimeann mór,
Like Lughaidh mac Céin (lugh lámh fhada, dia ceilteach) of the great blows
le Cúraoí, ard mhac Dáire an óir
Like Cúraoí, son of Dáire of the gold (rí na mumhan sa Rúraíocht)
Taoiseach Éireannach tréan ar tóir,
Leader of the people of Ireland strong in persuit
le Conall Ceárnach bheárnadh póirt,
Like Conall Cearnach (laoch ón Rúraíocht), breaker of defences
le Fearghus fiúntach fionn mac Róigh,
Like worthy fair-headed Fearghus mac Róigh (laoch ón Rúraíocht)
le Conchobhar, cáid mhac Náis na nós,
Like Conchobhar respected son of mac Neasa (rí uladh sa Rúraíocht), of the good manners
taoiseach aoibhinn Craoibhe an cheoil.
The lovely leader of the Red Branch (an Craobh Rúa) of the music
Ní mhaífead féin cé hé mo stór -
I won't state boastfully who my love is
tá insint scéil 'na dhéidh go leor -
The story is plenty told after him
ach guím chun Aonmhic Dé na gcomhacht
But I pray to the one son of God of the powers
go dtíghidh mo laoch gan bhaoghal beo.
That my hero will come safely/alive
Ach seinntear stáir ar chláirsigh cheoil
Let music be played on a music harp
is líontar táinte cárt ar bord
And let throngs of quarts will be filled on the table
le hintinn ard gan cháim, gan cheo
With high spirits without fault, without gloom
Chun saol is sláinte d'fháil dom leómhan.
That life and health may be got for my lion
Gille mear 'sa seal faoi chumha,
Lively boy for a while lonely
's Éire go léir faoi chlócaibh dubha;
And all of Ireland under black cloaks of grief
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Peace nor happiness I did not get
Ó chuaigh i gcéin mo ghille mear.
Since my lively lad went away
Curfá:
Is é mo laoch, mo ghille mear,
He is my hero, my lively lad
Is é mo Shéasar, gille mear;
He is my Caesar, my lively lad
mo chruatan féin a lua tré léan
Tis my grief to tell through sorrow
mar chuaigh i gcéin mo ghille mear.
how my lively lad has gone away.
Ó seal do bhíos im' mhaighdean shéimh,
O, once I was a maiden mild,
Is anois im' bhaintreach chaite thréith;
And now I'm a spent and weary widow;
Tá mo chéile a' treabhadh na dtonn go tréan,
My spouse is ploughing the waves with might,
De bharr na gcnoc 's in imigéin.
Over the hills and far away.
Curfá:
'Sé no rogha é 'thoghas dom féin,
He is my choice I chose for myself,
Is maith a' domhain go dthabharfainn é,
And all the wordly goods I'd truly give,
D'fhonn é bheith ar bord ar long gan baol,
That he may be safe on board his ship,
De bharr na gcnoc 's in imigéin.
Over the hills and far away.
Ó, go bhfeicead-sa 'n lá, a stór mo chléibh,
'May I see the day, o my hearts treasure,
'Na mbeidh cloig dá mbualadh is druim dá léas',
When bells are rung to the beat of drums,
Gall-trompa 'gabháil gach áitreabh réidh,
And the trumpet is heard in every level holding,
De bharr na gcnoc 's in imigéin!
Over the hills and far away!
'S go bhfeicead-sa'n ch'róin ar stór mo chléibh
And may I see the Crown on my loves head-
A thófaidh ceo is brón de Ghaeil!
(a sight) Which will take away the grief of the Gael!
Gach rí atá san domhan, dá mhéid,
And every king in the world, however great,
Ag umhlú dó le cúnamh Dé!
submitting to him, with the help of God!
Ó, suífead síos ar chnoc go hárd,
O, i'll sit me down on a high hill,
Is geobhad go córach cleite im láimh,
And i'll take, most crrectly, a quill in my hand,
'S má gheibhim mo thoil, go scíbhfead mo shá,
And, if I get my wish, plenty I'll write,
Ar ghnío'rtha suilt 's ar maith mo ghrá.
About the merry deeds and the goodness of my love
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach