An Gréasán Gaeilge

GG

©

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

 
 
Litreacha ó Londain.
 
Seán Ó Caoimh.

Eagarthóir: Diarmaid Ó hAirt.

 

(Ms 1482 Sreath Uimh..3489 data 5.1.'59. Roinn Béaloidis Éireann).
Scríobh Seán Ó Caoimh, Cnoc na Faille, Ceapach Choinn a raibh
cónaí air i Londain le leathchéad bliain ag an am, na litreacha seo chuig
Seán Ó Súilleabháin , An Coimisiún Béaloidis. Bhain an Caoimheach
úsáid as an leabhar treorach le h-aghaidh bailiú béaloidis a scríobh Seán
Ó Súilleabháin.
 
Modh eagarthoireachta.
Scríobhadh an t-ábhar seo c. 1957 agus is léir go
raibh eolas éigin curtha ag Seán ar an chóras nua litrithe
caighdeánach, e.g. "oíche" atá aige in áit "oidhche", "naofa”
in áit "naomhtha" etc. Mar sin tá an litriú i gcoitinne
cóirithe agam de réir chórais an chaighdeáin, chómh fada is
chuirfeadh sin isteach ar shainthréithe na canúna. Ní
"ceartaítear" litriú a léiríonn sin i slí éigint, e.g.
"fiaras" [fiabhras], "breach [breith]. Tá an litriú
ceartaithe agam nuair is léir gur botún a rinneadh nó séimhiú
síneadh a fágadh ar lár agus iarracht ar an an litriú a thabhairt de réir
a chéile. Seo roinnt samplaí de na hathraithe atá déanta agam:
's > is; aca > acu, eatorra > eatorthu etc.; scríghte >
scríte; leathannach > leathanach; imthig > imigh ; seadh >
sea; gnóth > gnó; deug > déag; dearmhúd > dearúd; aigen> ag an.
Tá foirmeacha canúnacha atá ag teacht le foirmeacha
ceannfhocal in "Díolaim Dhéiseach" fágtha agam mar atáid.
Deimhníonn an comhartha # tar éis focal ar dheacair é
aithint gur mar sin atá sé sa bhunlámhscribhinn.
 
Diarmaid Ó hAirt, Baile Átha Cliath, January 28, 2002
 
 
An Céad Litir. [do Sheán Ó Súilleabháin ].
 
The Lodge, Twuford Abbey, Park Royal,
N.W.10 22.1.'57.
 
A Sheáin a chara dhil,
 
Seo scagadh beag eile ón leabhar athá anso
agam uait. Tá sé chomh líonmhar is go bféadfaí gach leagan
ann a scagadh arís agus arís eile, is gan tagra ann ná mar
ríomhadh ar theinteáin na Gaeltachta lá eile de'n tsaol.. Táim-
se a chlaíochant leis na focla 's na ráite bhíodh in
úsáid ar an mbaile againn féin, fé mar bhíonn gach ceantar,
agus beag a deifir eatorthu go minic. is bhíodar na
ceantracha cúng de ghnáith, dála is ár n-áit féin, gur ó
aon ghleann amháin idir na sléibhte tháinig urmhór a bhfuil
scríte agam.
Dá spéisiúla is dá shonasaí agam é i dtráthaibh na h-óige, a
chloisint is a glacadh an tseanchais Gaelach ón tsean-
dhream, is spéisiúla agus is shonasaí agam anois é im
sheanóireacht fhéin, anso cois tine thar lear, á mbreaca ar
phár - an lúib tháite idir an dhá ré nár bhriseadh riamh fós.
Is léir an rud a churtar san óige go mbaintear san
tseanóireacht é. Agus músclaíonn gach leathanach de'n
leabhar so á iniúca agam ré na h-óige cois cloch an iarta, i
gcuimhne is i smaointe.
Beidh an leathchéad de bhlianta istigh agam thar lear, más beo
me san bhFómhar so chúghainn. Is iomaí cor a chuir an saol
de ar feadh an ama san. Agus i measc na nGall mo shaothar.
Is cúis áthais liom anois breathnú siar, agus nár chailleas an
oidhreacht a thugas liom ón dúchas. Is géire i bhfad a
luíonn an oidhreacht san i dtúis báire ar íogaireacht is
galar-uaignis an deoraí. An té na tugann ach an Béarla leis
thar lear, níl aige ann acht malairt tíre, agus is fusa dho
bheith ag baile san iasacht. Faoi chaitheas gach bhearta ann a
chleachtú - fóiríor! - ach dar ndóigh tá an iasacht á
cleachtú ag baile, is dá dtrian d'Éireannaigh in Sasana. Ní
h-ionann is an t-am ar leagas-sa cois ann..
Ao' chuma, d'imigh súd is tháinig so.. Leanfaidh mise orm a
soláthar gach a gcuireann do leabhar i gcuimhne dhom, le súil
is go mbeidh tairbhe bheag éigint d'on gcoimisiún
im' pheannaireacht. Mise thá faoi comaoin agaibhse, agus is
geal liom a bheith a soláthar díbh, gan trácht ar an bpléisiúr a
thugann sé dhom féin a bheith ag athnúchant guithe béil na
sean.
Ní chloiseamair ao' rud faoi Shorcha, ní fheadar go mbeadh so
bhfuil sí sloicithe i dtuile na n-eachtrannach. "Live with
them and you become like them".
Guidhimíd beannachtaí Dé, agus beannachtaí na bliana oraibh
go léir, is go mba seacht fearr sibh ar an mbliain seo
chughainn - sean-ghuí na nGael i gcónaí.
 
Do chara go buan,
 
"Sean-Sheán".
 
An Chlann
Ach grásta Dé is dócha ná beimís féin inár mbeathaig ar ao'
chor is a rá gur bean chabhrach ar an mbaile thug ar an saol
sinn - bean gan chéird gan ealaí gan dintiúir gan séala
banaltran, gan fiú amháin i n-ann a h-ainm a scríobh, ná focal
Béarla a labhairt. Ní h-ionann is fé láthair, nuair théann
urmhór na n-aistearaithe chun óspaidéil nó go
beirtheathaslainní faoina luí seol. Agus iad san d'fhanann
ag baile féin, bíonn banaltráí oilte a freastal orthu, agus
gach ao rud oiriúnach fé na lámha acu. Níorbh amhlaidh sin
agan mbean chabhrach ní raibh dada aici, ach uisce is
salann is an phaidir ar a béal. B'annamh riamh a chuirtí
fios ar an dhochtúir. Ní raibh na seandaoine tuaithe
fábharach le dochtúirí ar ao' chor. Ba mhinic ná bíodh sé ar a
n-acfuinn díol as an ndochtúireacht.
Ba dheacair a chreidiúint inniu go mbíodh anam beirte ar
chomraí bhean des an comharsain ná raibh oilte ar lia-eolas.
Siobhán Ní Chiarghusa ab ainm don bhean againne. Sí thug me
féin ar an saol, is a lán eile nach me. Agus níor chaill sí
cás riamh. " Is gearr go mbeifear a glaodhach ar Shiobhán!"
aireófá go minic - áit a mbeadh bean i mbéal aistir.
Dá mar ist óiche rángódh, ní bhíodh de sholas ach
coinneall nó dhó. Ba ghnáthach gur leapacha clúimh nó lócháin
a bhíodh ansna tighthe tuaithe ceann tuí. Dhá ball a gcuirfí
as dóibh inniu mar áraisí cnuim [cnuimh?]. Ar éigint a
leofadh banaltra a h-anáil a tharraingt ar bhunóic nú-bheartha
inniu, gan straingéar ar an mbéal aici. Ba bheag ag an mbean
chabhrach baiseoigín, agus an seile beannachtain ar thóin na
bunóice. An chéad fháilte is an chéad bheannú roimh an leanbh
deóil. Ní bhíodh de shainlíocht ar an gcrios imleacáin ach é
a théamh leis an teine, ná da raghadh chuige sin, in aon
éadach eile dá gcuirtí ar an mbunóic.
B'í an bhean chabhrach a thugadh an bhunóic chun an bhaiste,
is muinín na máthar aisti, a leanbh a thabhairt slán abhaile
chúichi. Pingin rua ní ghlacadh an mhnaoi chaoin
chartannachtúil ó éinne de chionn a saothair, ach pé sólaistí
beaga thugtái ar bórd di. Ba mhaith le Siobhán úd againne,
taoscáinín fuiscí, agus dar ndóigh bhíodh sé tuillte aici.
Ba ghnáthach gurbh é ainm an tsean-athar nó na sean-mháthar
thugtaí ar an gcéad leanbh. Ba ghnáthach leis baiste chur ar an
leanbh thar éis baistí, sin, tabhairt amach dos an cómharsain.
Braoinín le h-ól is caitheamh bídh agus gliadar.
Bhaistí an leanbh lá nó dhó tharéis a beartha, agus ba mhinic
gurbh iad cáirdisí an phósta sheasuíodh leis an gcéad leanbh .
 
Muc is caora mharbhuigh me
Muc is caora mharbhuigh me,
Muc is caora mharbhuigh me,
Chun baiste chur ar Sheáinín.
 
 Timpealltheascadh agus gearradh na bolgaí an chéad
dhochtúireacht a dheintí ar an leanbh. Ach pé mar raghadh don
timpealltheascadh ní fhágfaí aon leanbh gan gearradh na
bolgaí. Galar ró-mhillteach b'eadh an bholgach sar a
bhfuaireadh an leigheas air. I mbainne cích na máthar ar an
gcéad leanbh bhí leigheas na súl-silteach. Ba gnáthach na
súile an-dhearg agus a sileadh leis an ngalar san
(dúileadán).
..Bean síolrúil, bean na gcos caol.
 
A Dhomhnaill Óig más a suirí thu,
Go seolaidh Dia chughat bean de'n mír cheart!
Bheidh chomh síolrúil leis an gcoinín duit,
Is thabhairfeadh clann chúghat gach aon chionn bhliana!
 
B'fheárr gan bean siúil a ligint leastig de'n doras faid is
bheadh bean 'na luí-seol, ach an déirc a chur amach chuichi.
Ba ghnáthach go mbíodh fáistine nó tuar éigint acu ar saol an
leinbh.
"Tá mac óg ag bean a tí seo, ach fóiríor gurb é a bhá
thá i ndán do, " arsa bean acu ag doras Uilic Mhór de Búrc.
Agus b'fhíor di sin. Báthadh é is é na leanbh óg d'ainneoin
a raibh d'fhaire acu air.
Níor chleachta leis an tsean-dhream bunóic a mheáchant, is
mbeadh na gléas acu an uair sin, ní móide gur maith leo a
pheictiúir a thóigint. "Fágaimis mar thug Dia dhúinn é".
sea adeiridís.
Chreideadar dáiríre in iarsmanlú, agus mar chosaint ar an
leanbh chuirtí gabhairisc i dtóin an chliabháin. Ao rud de'n
chruaidh nó de'n iarann adeiridís, ba chosc ar na sídhe é.
Snáthad a mbíodh an chró briste innti b'ea an ghabhairisc.
Le díng iarainn adeiridís sea chuir Naomh Pádraig an ruaig
ar an iarsmanlann bhí i gcliabhán i dtig ina bhfuair sé
bheith istigh oíche. Le colltar deargaithe sa teine chuir
táilliúir an ruaig ar cheann eile acu bhí na shíor-bhéiceachán
san gcliabhán is ag ithe gach a dtagadh dona mháthair d'ullmhú
de'n mbia dho - dtí go dtug an táilliúir bhí ag obair sa tig
aici fé ndear go raibh cúlfhiacla seanduine ag an nglámhánaí
beag. Bhí a leanbh féin san gcliabhán nuair tháinig an
mháthair isteach.
Níorbh ámharach an diúltú ó éinne d'fhiafraí bheith 'na
Chárdas Críost ar bhaiste. Ba ghnáthach gur dhuine éigint
de'n gcine - gaol gairid, nó uncail nó áintín d'iarrfaí
chuige. Ní bhíodh aon chur-as-a-dhiaidh mhór acu ar mar
ghnó, ach ná diúltóidís ach ar eagla go ndeínfidís aon
tuaipleas d'fhágfad fuíoll baistí ar an leanbh mar go
gcreididís go mbíodh saol an té sin mbíodh an fuíoll air
aerachtúil, ciorrúch, ceatach, mí-ámharach. Radharc aige
ar thaisí, agus sprideanna na h-oíche. Leanaí gheibheadh
bás roimh blianta na tuisceana, creidtí go rinneadh aingil ins
na Flaithis díobh. Leanaí gheibheadh bás thar éis baiste
úrláir, creideadh gur chuadar i saghas eile d'aingil, thart
thimpeall Thobair Pharthas, ag ól an uisce dtí go mbídís gan
smál chun a dhul go Flathúnas i measc na n-aingeal. Na
leanaí gheibheadh bás gan baiste, go dtéidís go Limbó i
mbraighdeanas gan pian na fulaingt. Ach ó's rud é go
mbeidh deireadh le Limbó thar éis Lá an tSléibhe, d'réir an
teagasc a gheibhmís d'réir na n-údar, go dtóigfear isteach ar
Neamh iad. Áit ar aon dul le Limbó óir nach peaca n-aghaidh
Dé go ciontach Peaca an t-Sínsir.
Níor mhoilligh na Gaeil an baiste b'iona san is lucht tíortha
eile. "Níl," adeiridís, "Fios cé'n t-áthrú thugfadh ar bhunóc
ó nomant go h-uair." Dá réir ba ghnáthach an baiste i gcionn lae
dhó ar eagla na h-eagla.
Ní raghadh an mháthair i measc na ndaoine ná fiú amháin dtí'n
Aifreann dtí go mbíodh sí coisricthe, thar éis a luí seoil.
 
Tinnis.
 
Anois taim tínn-lag, gan fáil leighis orm,
Is beidh mo mhuintir ag gol im dhéidh!"
 
An té bhíonn tinn ní binn leis ao rud.
 
Tinneas cinn. Ba mhinic gheibhtí faothamh ó bhindeal fliuchta
le bhinéigre thart an éadain.
 
Tinneas Fiacla. Bhíodh a lán cómhairlí ar conas é a mhaolú.
Bhíodh achainí chun Naomh Anna na bhFiacla Faothaimh.
Ruainne tobac a chogaint nó a chur i gcuais na fiacaile.
Coirt na fuinseoige a chogaint go raghadh an sú chun na
fiacaile. Ach an cailín bocht 'fuair mar chómhairle leac
chloiche a bhualadh ar a ceann agus siúl dhá uair déag'
thimpeall na reilige fúithi is go marófaí an phéisteog bhí
san fhiacail, á ciapadh. Chreididís gur péisteog a bhíodh
ag creimigh ag an rúta san fhiacail. An uair bhí an dá thuras
déag déanta ag an gcailín faoin leic mheáite, bhí sí chomh
tuirseach is nór chuimhnigh sí ar a tinneas fiacla. Tinneas
gan trua b'ea an tinneas fiacla. Ach an t-aon leigheas
amháin - í a staitheadh.
 
Tinneas goile. Déistean, aiseag, úrlacann, caitheamh suas.
"Caith suas! Is fearrde thu a gcuireann tu díot!" sea deirtí
leis an té bhíodh ag úrlacan.
 
Tinneas cuirp. Buan, nó buinneach, tinneas croí, loscadh,
sail, saothar, greim: pian, agus briseadh croí, cumha agus
lagmhisneach an dá ní a bhriseann an croí go minic.
 
An Bás
 
Tiocfaidh an bás ar cuaird chúghat,
Leathuair bheag roimh lá,
Bainfidh sé cúntas cruaidh díot,
Gach cluan dár bhuail tu ar mhná.
Beidh tu i rúimín uaigneach,
Beidh braithlín bhán anuas ort,
Ba bhreá í an áithrí an uair úd,
Dá mbeadh d'uain agat í d'fháil!
an bás i Ríocht an tSaoil seo.
Ná tabhair an leabhar san éitheach.
Tá an bás in ár gcionn go léir,
Agus éagfaimídne fós!
 
Ní luibh ná leigheas i n-aghaidh an bháis" Ní cheannuíotar ar
bhreib ná ar ollmhaitheas shaolta é.
 
Teachtaire mise chuir Mac Dé uaidh
Is breib ó éinne níor ghlacas fós!
Luacht ná duais ní ghlacaim ó éinne
Chomh-urraim a thugaim do'n rí is d'fhear na déirce.
Is bocht an urraidh bheadh acu im' leithéid-se,
Fear nach fiú scilling, pingin, ná réal mé!
 
Ná ní sheasuíonn neart, fonn ná fuinneamh 'na choinne,
Pé 'cu mall nó obann a chuaird...
 
"Mharbhuigh me Samson an fear ba thréine,
Nimrod a chuir cogadh ar Fhaolaimh.
Tailc Mac Treoin d'fhiúig an Fhéinne;
Gairid a sheasaigh liom Polyfémus.
Hector na Trae fhágas gan lúth a ghéaga,
Pintus Pilead, an cladhaire Hérod,
Is b'iontach mar thachtas an t-Ímpire Caesar."
 
Tá geoiníl san ngaoith, is lóg na ban-sídhe,
Leanbh a caoi is ní sheasóidh fear a tí seo go lá!
 
Bhíodh an t-aeracht amuigh is an bás istig,
Agus duine de'n lín-tí ar bhruach na síoríochta. raibh
solus saolta á lasadh duibh-ré na h-oíche ann san i seomra an
bháis, is an mistéir sin idir anam is cholann ar theorain an
dhomhain. Ní raibh abairt riamh ab fhíre, ná "gur
driothair do'n mbás an oíche". Fágann an oíche an misneach go
fann i dtigh uaigneach sléibhe mar mbíonn an bás ar cuaird,
gan amharc thar an tairsig ar an ndiamhaireacht leasmuigh is
anam ar thí an aistir fhada bhí roimhis. Tá tuar báis in
gach fuaim is corr dá gcuireann an oíche di. Alltacht in
uaillirt an ghadhair sin amuigh. Tá aeracht i ngleoithíl na
gcat athá a freagairt a chéile go trodanta. Tá caoineadh na
ban-sídhe san séideán san idir lí an doiris. An
doircheadas leasmuigh, ach beidh solus na soillsí tríd aon
nómant a teacht anoir ó Mhaigh Dheilge. An bheirt leanbh a
thug sé do Dhia, a teacht le na soillse chun a anam a
threorú.
Le dhá lá roime seo ghlaoigh an coileach thar éis an
eadartha is a aghaidh ar an bhfuinneog aige. Bhíodar na
fionnóga in aistear a tí thar mar ba ghnáith leo. Bhí sop a
tharraing as a diaidh ag an eireog ó na h-eireaball. Rud nór
bhréagnaigh riamh an tsochraid. Beidh a mhuintir féin a teacht
na dhéin gan mhoill!"
Cainnt de'n tsórt san bhí ar a béal ag mo shean-mháthair,
beannacht Dé le na hanam, an oíche is mo shean-athair in ucht
an bháis. Bhí béice an leinbh ag an doras gan amhras, agus
chonnaic daoine bhí amuigh an solus a teacht chun a tí. Cé
nár éag sé go dtí an mhaidean 'na dhiaidh sin.
Tuartha báis i gcónaí acu glaoch an choiligh thar éis an
eadartha, is go háirithe dá mbeadh aghaidh aige ar sheomra an
tinnis. Tuartha báis na fionnóga gearr do'n tig. Mar an
gcéanna na fiacha dubha. Ach ná rabhadar ar an áit
againne leis na cianta. Brobh nó sop as eireaball na circe.
Tuar deimhntheach sochraide. Éan ag gobadh na fuinneoige,
tuar báis. Géilltear do san i Sasana chómh maith. Éan
drochthuarach acu an fiach dubh leis, ach gur fánach é - thar
an bpeidhre tá riamh in aice Thúir Londainne.
Le linn báis ba ghnáthach an choinneall bheannuithe a chur i
láimh an othair, nó í a choinneáil na láimh muna mbíodh sé
féin mothuithe a dhóthain chuige. Agus crois an logha
iomláin a leagaint ar a ucht. An líntí go léir agus éinne
eile bhíodh istigh a theacht le chéile ar a nglúinibh i seomra
an bháis, fad is bíodh duine acu a léamh úrnaithe is
liodáin na marbh dtí go mbíodh an phuith tarraingte, is tamall
as a dhiaidh sin. Ba ghnáthach gur ar shlat a dhroma
gheibheadh an t-othar bás. Agus thar éis na puithe thiteadh an
ceann siar ar an bpiliúr, béal agus súile oscailte. Thimpeall
trí ceáthrúna uaire 'na dhiaidh sin, sea chuirtí chun an
chóiriú nó an leagadh amach. Le h-órdóg nó le pingin sea
dhúntái na súile. Ba ghnáthach púc faoin smeigín chun béil a
dhúnadh. Chaití an mhéid sin a dhéanamh sar a stalcadh an corp,
bheadh sé an dheacair é a dhéanamh 'na dhiaidh sin. Chaití
leis fáisceán a chur ar na cosa - a choinneáil le chéile, agus
uaireannta ar mhéara na gcos. Ach ar aon chúinse ní
fhágtaí ceangailte iad ag cur an chuirp sa gcómhrain. Bhíodh
scéalta dtaobh daoine ar rinneadh dearúd de sin, is
choinniceadh a lapadaíl ar shlua na marbh iad, is iad ag
iarradh coimeád suas leis an gcuid eile.
Ní h-ana-mhinic a níodh na sean daoine a gcuirp go h-iomlán,
ach nítí ó bhónn go baitheas iad thar éis a mbáis. I gcúinne
na luaithe, nó amach thar an múr-thairsig sea chaití an t-
uisce. Ba mhinicí nítí gan galúnach an corp ná leis. Ach
bhíodh an t-uisce te go maith. Ní dhéintí aon úsáid de'n
rásúr na dhiaidh sin ar éinne beo. Ní chuirtí rásúr maith
faghraithe a bearradh marbháin, bhíodh sé ró-dheacair ceann
fónta acu d'fháil.
Chuirtí stocaí agus bróga nú ar an marbhán. Ach go mbíodh na
bróga chómh héatrom is thagadh dóibh d'fáil. Ní fheaca mise
éinne ar an áit againn tórramtha 'na gcuid éadaig féin. Iad
súd ná bíodh san ord, bhíodh aisléine ortha. Ach b'fhánach an
né beadh i mbrata na scaball. Is muna mbíodh an aibíd acu
féin, gheibhtí ar iasacht í le linn báis, is tórraimh , dtí
go gceannuíotaí gcóir an adhlacain í. Ó bhí teacht thairis
againn roime seo ar an tórramh is ar an adhlacan, níl a
thuille agam le cur leis.
 
Mná Caointe
 
Bhíodh beagnach gach aon bhean tí insna Déisibh fadó 'na
bean chaointe ar a creach féin, ar an am úd ná raibh an Béarla
a brú isteach orthu. Is léir sin ón a liacht caointeachán a
mhair ar bhéala na ndaoine as a ndiaidh. Agus d'réir
dealradh b'iad na mná tuatach ba bhinne is ba bhlasta chuige.
Chaoinidís lucht a dtí féin, agus a ngaolta. Airínn ag mo
sean-mhuintir gurbh mhinic a bhíodh triúr ban dá theaghlach is
ghaolta a caoineadh as béala a chéile as coinn coirp.
Chuireadh bean acu síos ar a ghné is ar a phearsain. Duine
eile acu a mhíneacht , a chneastacht. Bean eile, a chroíléis
is a charthannacht. An focal molta acu go léir. An bhean
a bhí i bhfiaras is go ndubhradh léi gurbh iad na géanna bhí
ag gabaláil is na mná a caoineadh a céile amuigh san scioból,
marbh ag an bhfiaras céanna. D'éirigh sí dá n-ainneoin is
chuaidh amach 'na léine is sheasaigh as cionn an choirp, a cur
racht caointe aisti is í beagnach ins na speallraídí:
 
Mo chreach ghéar fhada dhubh!
Arb é seo fear a tí seo istig,
A raibh scáil na rós ar a phluic,
Dath an aoil ar a chnis?
Maith ab eol san dom,
Nach géanna bhí a béice amuigh,
Fé mar a léiríodh dom,
Ach mná do chaointe a Dhic.
Éirigh a lao is tar liom,
Go gcuirfeam scéala soir,
Glaoig chughat ar Aintí is ar Chit,
Agus Patsaí bhíodh agat ar t-ucht,
Is beidh siad romhat-sa thoir,
Ag geata an Bhuí-chnoic.
 
Focla simplí ar aon staid le chéile, fuíoch ó bhean chroí-
bhrónach. Dic Breatnach ab ainm do'n té bhí ar an gclár. Bhí
a thriúr chlainne curtha roimheas aige san mBuí-chnoc, is
níorbh fhada go raibh an mháthair leo.
Ón dáta bhí ar an leacht as cionn Dhic sea dheimhníodh mo
shean-mháthair a h-aos. Rugadh í an oíche bhí Dic Breatnach á
thórramh. B'fhéidir go ndúbhairt an bhean úd a thuille 'na
ciach tinnis is bróin, ach sin é an mhéid d'áirínn agam shean-
mháthair dá cuid caointe. Ach mharbhuig an oíche sin í. Ath-
iompaigh uirthi. Is b'fhíor di, ba ghearr go raibh sí leo.
B'amhladh san aiges na céadta nach iad.
"Cad bheidh ionainn go luath," mar deiridís an tsean-dhream,
"ach bia dho chiaróga is dho ghaillsigh!"
 
Beidh an chiaróig at iompó san oíche,
An dearga-daol mar chéile a luí leat,
An neantóg na coinleoirí buí,
Is do leacht mharmair mar mhaise lae saoire.
 
Ní raibh ach aon bhean amháin lem' chuimhne-se ar an áit
againn a chaoineadh na mairbh, Bean Uí Mhuíneacháin ab ainm di.
Bhí lóg bhreá íogaireach aici, agus a lán desna sean-
chaointeacháin d'oireadh d'aon ócáid. Chaiteadh sí a clóca
caipine siar siar di is scaoileadh sí a folt anuas le na
slinneáin. Na basa á mbualadh aici is na frasaí deor.
B'fhéidir le h-íogaireacht níos mó ná le brón na deóra. Dar
ndóigh bhídís na mná caointe ag cúmadh filíochta gan a fhios
dóibh féin.
 
Gheall tusa dhómhsa go dtiocfá faoim' dháil ann,
Ach is amhlaidh bhí tu lag marbh is cómhra chinn chláir ort!
 
An Coifín
 
Ba mhinicí an focal coifín againne ná chómhra. Bhí aeracht
sa bhfocal. Bhain sé leis na mairbh is an tsíoríocht nach
feadar. "Ní bheidh ag éinne an lá déanach ach sé troighthe
thalún is na ceithre chláracha". Abairt na réice i gcónaí.
B'fhearr leis an siúinéir aon bhall eile trioscáin a dhéanamh
ná an coifín. Is muna múintí dho conas ina théarma
phrintísigh bheadh thiar air í a dhéanamh. Chínn-se siúinéirí
a ndéanamh fadó agus fúm féin sea bhíodh iad a stéineáil is a
líomhú agus an loiric a scríobh.
De'n dair is de'n liamhán ba ghnáthach na ceannaibh ba
luachtmhuire a dhéanamh. Ba sia, adeiridís saol an liamháin
sa talamh ná an dair. Cé gur dhá shia an dair as cionn
talún ná an liamhán. Ach de'n gclár bog déil sea dhéintí
coifíní na mbocht, agus isí an líomh a choinníodh aon
tseasamh iontu i gcoinne úireac na cré. Ach mo léir! Ba
bheag ba chuma! Dá mbíodh an uair chuige, na taobháin bheith
in aon chlár amháin gan táthadh is amhlaidh b'fhearr é. Ach
níorbh fhéidir an tóin ná an ceann cláir bheith ag na
gnáithshiúinéirí in aon chlár amháin. Chaithí na slinneáin a
tháthadh in oiriúint do ghuaille an chuirp. Coifín chúig
chláir b'eadh an ghnáthchoifín. Cúig chláracha sea ullmhaíodh
an siúinéir chun an choifín a dhéanamh. Uaireanta chaití
luail a dhéanamh do chré na reilige. Dá mbíodh sí fliuch,
trom níor mhór an choifín a bheith neartmhar teann, chuirtí
tiúcht adhmaid inti, nó líneáil adhmaid chun an clár éadrom a
thiúchant is a neartú. Chuirtí sciorta boinn, is caip chinn
chláir léi. B'fhéidir gurb é sin a chiallaigh an chomhrain
naoi gclár. Ón adhlacthóir sea cheannuíotaí na dhiaidh sin
iad críochnaithe is go clúithir leastigh. Bíonn siúinéirí
fé leith acu san a ndéanamh, agus adhmad fé leith mar an
gcéanna.
 
Chonnaic me do dhá láimhín á bhfáscadh san éadach,
Chonnaic mo dhá shúilín á ndúnadh ar a chéile,
Mise thar sáile ag ól do shláinte i nDún Éadain,
Cómhra chinn chláir ort is táirgní 'na h-éadan!
 
Ba scian tríd a gcroí acu spíceáil an chinn chláir. Ní
dhéintí é ó tháinig na scriúnna. Ba chiúine a dtiomáint sin
abhaile ná an spíceáil. Ach ní dhaingnítí an clár go teann
dtí go dtéití chun na reilige. Ní bhíodh an scarúint in
dáiríre go dtí sin. Ach chaithfeadh cúis ana-phráinneach
bheith chuige an chómhrain d'oscailt aon uair amháin d'fhágadh
sé an tig. Pé'cu le h-urraim, nó le faitíos, nó eagla mí-adh
éigint é, is deacair a rá.
 
Glao na Fola
 
Bhíodar an seandaoine ana-chúramach go gcuirtí lena muintir
féin iad. Ba mhinic nach san reilig chéanna a chuirtí an lánú
phósta. Raghadh an fear i reilig áirithe le na mhuintir féin
is an bhean go reilig eile lena muintir. Dá gheanúla is a
ndlúthchaint caradais i rith a saol le chéile dheighilidís óna
chéile marbh. "Glao na Fola", adeiridís fé ndear san dóibh.
Agus bhíodh san le h-uacht, agus b'annamh riamh a chuireadh 'na
choinne. Aon uair a chuirtí rangódh taisme éigint. Airínn
trácht ar shochraid d'uachtadh go Maigh Dheilge, ach rugadh
'un Chnoic Bhuí í. Nuair shroiseadar an crosaire mar ba chór
dóibh iompó chun reilige na Sean-Chabhlach, leanadar orthu an
bóthar díreach. D'éirigh an sí ghaoith, thóigeadh an cóiste
glan ón talamh is d'iompaíodh an ndíg an bhóthair é is
chaitheadh an chómhrain amach ar lár an bhóthair. Is airíodh
an gheoin agus an bogadh páile cruite capall a déanamh ar
Mhaigh Dheilge. Leanadar orthu go dtí an mBuí-chnoc. Ach sé
chreid gach éinne, ná raibh an corp acu san chomhrain, ón uair
ar fhagadar crosaire Mháigh Dheilge. Agus arís an oíche sin
airíodh an gearradh bóthair céanna, a teacht anoir ón mBui-
chnoc. Ní h-é sin an t-aon scéal amháin dá leithéid
inistí; bhíodh na scéalta céanna ó reiligí eile ar fuaid na
nDéisibh.
Sar a gcuirtí an chomhrain san uaigh scaoiltí scriúnna an
chláir. Bhíodh dhá mhíniú ag daoine ar sin. Chun ná beadh
aon mhoill air, ná bac an cómhra d'fhágaint ag gluaiseacht do,
le slua na marbh. Agus chun ná beadh bac air éirí arís an lá
deireannach, ná bac ná moill ar an anam a dhul arís ansan
gcolann di. B'fhéidir eile, lá níos sia siar gur dhanaíd le
muintir an mharbháin , é bheith daingeanta go dlúith le
táirngí. Ach ná beadh sé chómh fuirist sin na táirngí a
scaoileadh leis an scriúnna. Ní raibh aon reilig tuaithe ná
bhíodh sráidbhaile agus ósta taoibh léi, agus dheinidís sin
gnó briosc ag lucht na sochraide, as diaidh an adhlacain, agus
fóiríor níorbh annamh a bhíodh 'na sparthain eatorthu ar a
bhfilleadh abhaile dhóibh, is beagán cuimhne ar an té
chuireadar. Baothantas is dócha nár cheart d'agairt orthu.
I measc a muintir féin ba ghnáthach éadach na mairbh a roinnt
má b'fhiú an t-éadach san. Thabhairfí b'fhéidir baill de mar
dhéirc dho bhochtán éigint, ar an bpaidir ar shon anam an
mharbháin, ach go h-áirithe na bróga, mar na chaithfeadh éinne
eile iad. "Ná sheasamh i mbróga dhuine mhairbh". sea
castaí le h-éinne bhéadh a maireachtain ar an iasacht.
An chéad Dhomhnach as dhiaidh an bháis, ba ghnáthach anam an
duine sin a chur fé ghuí an phobail. "As ucht bhur
gcarthannachta guígí le h-anam - a leithéid seo - fuair bás i
rith na seachtaine. Go ndéine Dia trócaire ar a anam is ar
anamnacha na mairbh atá a fulaingt pianta Purgadóireacht". I
bhfocla mar sin sea chuireadh an tAb Muiris Ó Faoláin i
nGaeluinn éinne gheibheadh bás sa gcomharsanacht fé ghuí an
phobail
 
Go mbeannaí Dia dhíbh a fhoireann,
Go mbeannóidh agus Muire,
Bhíobhair-se seal mar athá sinne,
Beimídne fós mar athá sibh-se,
Is go rabhaimíd go léir fé mhaise,
Ag Rí na Cruinne.
 
- Paidir adeireadh na seandaoine ar a ngabhailt thar reilig
dóibh.
 
"God's Acre" sea thugtar ar chuid desna reiligí i Sasana.
Agus is dócha gur deas oiriúnach an teideal é. Daoine iad go
léir pé áird de'n domhan a bhfuil reilig, a ghlaoigh Dia
chuige as an saol so. Bhí urraim agus adhracht [Ms. euracht ]
aiges na seanGhaeil dá reiligí. Bhí mar bheadh
saghas eagla diaganta acu rompu. B'iad a a n-áraisí
dheireannacha iad:
 
Ní bheidh mar áras agat-sa
Ach maidí úr na coille,
Chun thusa a thabhairt amáireach 'un reilig,
Is dar ndóigh beidh do feádar is do chairde id choinne!
 
B'uaigneach is ba thréigeanta na reiligí tuaithe. Ó shochraid
go sochraid ní théití na ndáil. Muna mbeadh fo-dhuine a
théidh thar éis aifrinn a Domhnaigh chun paidir a chur le
h-anamnacha a mairbh. Dheintí faillí truaileanta orthu.
Broimfhéar, sarráid agus neantóga, fiailí na reilige, is ligtí
leo a rogha ráis a chur díobh. Ligtí don ruaim liath
feartlaoi na leacht a chlúdach, is bhíodh cuid desna reiligí i
dtao' le claíocháin mar dhaingeantas.