An Gréasán Gaeilge

GG

"A World-wide Word-Web of the Irish Language"

 

Litreacha ón mBlascaod

 Le déanaí is mé ag féachanint trí pháipéir an Athar Phiarais de Hindeberg

S.J. atá i gcomhad agam in Acadamh Ríoga na hÉireann thánaig mé ar

leathanaigh láimhscribhinne i bpeannaireacht Thomáis Uí Chriomhthain.

Dealraíonn sé go raibh comhfhreagras idir Tomás agus Piaras i dtús na

dtríochadaí nuair a Piaras ina shagart óg. Tá roinnt pointí suimiúla le

tabhairt faoi deara as an gcómhfhreagras seo. Ceann dóibh isea chomh

toilteanach is a bhí Tomás chun cómhfhreagas a choimeád suas le daoine ón

dtaobh amuigh agus is léir go raibh cuid mhaith cómhfhreagais ar siúl aige.

Mar adeir sé ar ócáid amháin "Sé cinn atá insa bhóthar in aonacht léi seo."

Tá sé suimiúil freisin go raibh ganntanas páipéir ag cur air agus mar a

dhearbhaíonn sé go raibh triúr acu ag scríobh, rud a léiríonn nach raibh sé

chomh haonaránach mar scríobhaí agus a cheapadh b’fhéidir. ábhar spéise

freisin is ea chomh toilteanach is a bhí sé pointí Gaeilge a phlé leis an

sagart óg.

 

an litriú leasaithe agam ar mhaithe le soléiteacht ach tá iarracht déanta

agam (gan dul thar réasún leis), ar rudaí ar leide iad d’fhoghraíocht an

scríobhaí a fhágáil slán agus a chaomhnú chomh maith agus ab fhéidir - gan

an iomarca "caighdeánú" e.g. "míllte" in áit "millte" etc. De ghnáth is "a"

agus "an" a bhí ag Tomás in áit "i" agus "in." Bhí "a" in áit "ag" aige

roimh chonsain i gcás ainm bhriathartha e.g. "a faire", "a cur" etc. Tá na

leaganacha seo agam mar a bheidís sa chaighdeán cé le bheith macánta is

leasc liom litreachta nach bhfoghraítear a scríobh más téacs canúnach atá i

gceist. Is eolas breise don léitheoir an cuma in ar scríobhadh an téacs an

céad lá.

Táim faoi chomaoin ag mo chara, is mo chomhghleacaí, an Dr. Éamonn O hOgáin,

fear a bhfuil an-eolas aige ar Ghaelainn Chorca Dhuibhne, as an scríbhinn

seo agam a iniúchadh agus as tuairim a chaitheamh faoi pointí doiléire nuair

ba ghá san.

Diarmuid Ó hAirt

23 Samhain 2000

  

Ls. 1. On mBlascaod, An t-Oileánach, Nollaig a sé.

Reacaireacht bheannaithe ó m’athair féin,

go raibh beannacht Dé lena anam agus le hanaman na marbh go léir.

Paidir bheag:

A Iosa féach orainn, a Iosa fóir orainn, a Chríost bí truamhéileach orainn,

a Thiarna maith na peacaí dúinn. A Thiarna agus a Shlánaitheoir agus a Rí

naofa na bhFlaitheas táimíd a d’iarraidh maithiúnachas agus párdún ort, a

Dhia Ghlórmhar na bhFlaitheas. Nár leomhna tú crosa ná claonbheart, ná

mailís an tsaoil bhoicht seo ar ár n-anam, nár leigir dúinn aon ní a rá ná a

dhéanamh i gcoinne do ghrásta féin, ach leas ár n-anama. Toil Dé go

ndeinimíd, greann Dé go dtuillimíd, ár n-antoil féin go smachtaímíd, bás

beannaithe go bhfaighimíd ar deigh-uain dár n-anam, a Shlánaitheoir an

Domhain, a Thiarna.

Paidir bheag eile:

[Leagan eile i "Seanchas ón Oileán Tiar" lch 235].

A Rí ghil, dein díon dár n-anam go léir,

Díbir na drochsmaointe agus an peaca ón ár mbéal,

Tabhair dúinn an tslí ghlan díreach dár n-anam chuin Dé,

Sara sínfear sinn síos insa leaba bheag chaol.

A Rí na nAingeal is a chara na dtrua-bhochtán,

Is a Mhichíl Naofa a Ard-aingil, bí farainn ar uair ár mbáis,

Cabhair agus grásta agus cáirde ó Dhia chughainn,

Do chabhair gach lá agus táimíd á iarraidh;

Sácraimint na hAithrí go neartaí Dia linn,

Go raibh ár n-anam ar do chomraí, a Mhic na Baintiarna.

 

Seo mar a fuaireas óm m’athair féin iad,

Má chuireas le cuid acu,

Do chuaidh a thuilleadh acu in éag uaim.

An duine eile do thug focal maith óna a bhéal dom

Guím anso dhóibh beannacht Dhé ghil.

 

An Sméarlach Cróndubh.

Tomás O Criomhthain cct.

A AthairMhic do dhealbhaigh gach tír is áit,

Táimíd atuirseach gan fáil ar bheatha againn ar dhroim oileáin,

na ceannaithe ag dul chun lagaireacht is do mheath a dtrácht,

Ag an saíghdeadh mallaithe atá insa bhfarraige ag cur na long ar lár.

A Dhia Ghléigil go gcuirir staonadh ar an gcoímheascar áir,

O ná ghéillim-se ar aon chor gur Agat-sa atá

An cine daonna dá réabadh gan scíth gan spás,

Is led shaorthoil go bhféachair-se chughainn i dtráth.

A Mhaighdin ghlórmhar cuir focal cóir ceart dos na boicht seo i ngéibh,

A ghlanfaidh bóthar is do dhéanfaidh treorú ar lucht so an léinn,

Is ní fada an dóchas go nglanfar bhur mbóthar le cúnamh Dé,

Is an Sméarlach Cróndubh atá ag déanamh cóncais chomh dall le daol.

 

Do bhí Tomás O Criomhthain lá ag dul go dtí Daingean Uí Chúise tríd an

mbóthar. Tá áit insa bhóthar, go dtugaid siad Gallán na Cille B[h]rice air;

níl ón mbaile mór aníos go dtí an gallán so ach aon bhóthar amháin agus níl

ann ach míle ‘shlí. Tá dhá bhóthar as súd siar. Is ag an ngallán so do bhí

an Sméarlach Cróndubh so thuas go bhfuilim ag tagairt do, gunna lán aige,

agus dosaen nó breis de mhná tí ina thimpeall, mála beag bán a láimh gach

nduine acu. Do bhí an ghrian ag dul siar go maith insan am so, iad casta

abhaile ón nGallán. Sin é an uair do bhí na mná ag gol. B’éigint dóibh Dún

Chaoin a bhaint amach gan gráinne.

(Do tháinig an dá leabhar chugham agus fiacha an tobac leis - gura buan

daoibh agus fad saoil).

Do bhí an tOileánach ag an gCill Bhreac insan am so, go raibh an Sméarlach

agus lucht so na déirce ag allagar lena chéile. Do bhí m’aghaidh-se ar an

nDaingean síos. Insan am so, ar scarúint na mban abhaile gan gráinne acu, do

tháinig sruth óm shúile le trua dos na mná. Do thugas agus an té do bhí im

threo fé’n mbaile mór síos - Daingean. Dob é so an t-am do cheap Tomás na

ranna thuas.

*

Ls. 2. Litir ón mBlascaod, Lúnasa a 27, 1933.

 A Phiarais go bhfuil do thriallsa chuin Eaglais Dé,

Gur breá liom An tOileánach a bheith agat le léamh,

An t-ArdMháistir go dtugadh lámh leat i gcaitheamh do shaoil,

Do chuir an páip[éar] seo im láimh chugham go greanta sa Ghaeilg.

A Oigfhir chreidiúnaigh, tá meas lán-mhór agam ort gan amhras, cé go bhfuil

na céadta thar sáile cheana go dtí me de leitreacha, ós gach páirt don

domhan.

Tá súil agam, agus dóchas as Dhia agam, mar i dtosach an scríbhinn dom do

chuireas mo ghuí Chuige, me do choimeád insa stuidiúir [stiúir?] cheart, nó

go mbeinn réidh leis.Agus dar liom go bhfuil an caibeadal deiridh atá ann chomh[?]

dulta síos le haon phioc eile do.

an post agus a aghaidh chuin an Chaladh agus is cóir dom gan na giobail

so a choimeád chuin moille. Toisc go bhfuil an deabhadh orm agus gur fearr

liom an litir bheag ná seachtain moille do dhul uirthi seo. Glacfead le

cúpla líne eile uait más toil leat í do chur chugham, agus b’fhéidir go

mbeadh a freagairt sin níosa shia agam le cúnamh Dé.

Mise agat le mórmheas,

An tOileánach nó T.O C.

Abair "sí" le Gaelainn, agus "sé" le Béarla.

 

Iad so do thagann go dtí an áit seo, bíonn dearmhad déanta ar an Oileánach

na dhiaidh acu. Seo mar b’éigint dom a dhéanamh dóibh ansa deireadh. Níl

fhios ag aoinne an mór breac agam dóibh ar an gcuma so:

Buail-se leis anuas ar bhileog do leabhair féin an marc so leis agus is

dóigh leo go bhfuil do thuras anso agat. Cuir gúm ar do leabhar féin chuin

tosaigh.

...................................

. Tomás O Criomhthain, .

. An t-Oileánach. .

. Ughdar an Leabhair seo. .

. Lughnasa a 27. 1933 .

...................................

 

Ls. 3. Litir ón mBlascaod, M. Fógh. 21, 1933

A óigfhir ardchéimeach, tá do leitir léite agam agus cuireann sé iontas mór

orm, duine chomh hóg leatsa, a rá ná beadh sé im chumas a bheag nó a mhór

do rá ina taobh. Litir breise nó easnamh cínn, nó rud éigin, ach do chuaigh

díom. Féach do litir roimpi, an méid do fuaireas le rá: "é" agus "í", gur

innseas duit iad. Dá mbeadh beagán in aon litir leat go dtuigfinn ná beadh

ceart, dob é an céad rud ná iad do cheartú dhuit, ón uair gurbh fhiú liom

ort é. Ach is mar atáid siad is ea is fearr liom iad, gach nduine ina

ghaeilgeoir cheart. Ach is tearc do thagann na litreacha gan beagán

easnaimh.

 

A Phiarais óig go bhfuil glórtha Dé id bhráid,

Is dlí na n-ord sa bhóthar romhat gach lá,

An Té is treise cómhacht ad threo de shíor is ‘ghnáth

A fharaire chró a chuir romhat do shaol mar táir.

 

Sea, a ógánaigh uasail, nílim cortha fós do bhlúire beag do chur go dtí thu.

Agus is dócha ná beadh aon duine ach an oiread liom gurbh fhiú led

leithéidse caradas do dhéanamh leo, ach tá mór-urraim agamsa duit, toisc go

bhfuair do leithéid amach me chomh fada siar ó thír na hÉireann.

Is mó scríobh déanta agamsa ar an Oileánach, ó sroicheadh an chéad cheann

acu, iad ag teacht ina scataí gach lá, agus a leabhar féin aige gach nduine.

Agus do fuair cuid acu glaoch gan coinne leis, agus tá a leabhartha sin

anso fós ina ndiaidh.

Seo, dearmhad, ar leathanach a cúig:

[An píosa breise seo curtha isteach i scéal an Ghabha

Féach thíos. DóhA].

Is dóigh liom ná féadfainn a bheith ag féachaint ar stropa bheag pháipéar

mar na rudaí móra so, ach níl sé im chumas féin déanamh ‘e cheal a

leithéidí.

 

Ls. 4.

Mar d’athraigh an Gadaí Dubh ón ndrochfhuadar do bhí fé as a óige,

is mar do thug Dia cónamh do le linn casadh air Féin do.

Is i ngleann éigin i measc na gCruacha Dúbha Mhic Ghiolla Coda laisteas ba

mhó do lonnaigh sé. An fhaid do lonnaigh sé leis an gcéird, agus ad réir

mar tá cur síos ‘na thaobh, do bhí sé meilte go maith aici ansan am gur thug

suas í. Maidean mhoch ar bhreacadh an lae agus na haoirí do bhí i mbun a

dtréad feadh na hoíche a machnamh ar a bheith a baint na dtithe amach, iad

a féachaint thall agus abhus, do chonnaic duine acu caol-dheatach as thaobh

an ghleanna. Ach dob ait leo sin.

"Nach fearra dhúinn dul insa treo go bhfuil sé?" arsan chéad bhuachaill do

chonaic an gal.

"Ach ní maith liomsa dul mar a bhfuil sé," arsan buachaill eile.

"Bíodh súil ar an stoc mar sin agat mar sin nó go dtiocfadsa le cuntas go

dtí thu," arsan fear misniúil.

"O beidh," arsan buachaill eile leis.

Ní stadann an fear eile don ráib sin nó go mbaineann amach an gleann. Agus

dhineann mórstaidéar nó go gcuireann caint air. Do chuir a lámh i mbosca

do bhí laistigh do, agus do thóg amach nóta chúig bpúnt.

"Seo é seo dhuit, agus glaoigh ar an sagart, agus abair leis gurb é mo leithéid

atá ag glaoch air."

"Raghad gan mhoill" arsan t-óigfhear, "agus ní ghlacfad faic uait," arsan

t-óigfhear.

"O tá sé ann coimeád é," arsan Gadaí, "ach ní thiocfaidh sé siúd leat,"

arsan seanfhear. Léimeann an Slataire Ceolmhar.

"Ní bheadsa i bhfad!" arsan Slataire, "ní bheidh sé im dhiaidh ann," ar

seisean leis an bhfhear tinn creachta.

"Go raibh beannacht Dé id bhóthar," ar seisean leis, "nó go sroichfir go

dtí me arís.

Do shroich an t-óigfhear go dtí é go tapaidh, ach ba theacht gan sagart do

bhí aige chuige. Dúirt an sagart leis an ngiolla gur rófhada do bheadh an

fear sin sar a raghadh sé féin ag tabhairt aon lámhaíocht leis - fear go

raibh an áit go raibh sé sladaithe creachta riamh aige - arsan sagart leis an

aoire. An uair do shroich an teachtaire groí go dtí Ceallachán, níor fhan

focal aige. Do chuir sé lámh ‘on phruaist aríst agus do tharraig amach bile

go raibh uimhir a chúig air.

 "Seo dhuit é seo agus cuir chuin eitigh arís é," arsa Ceallachán.

"Raghad ann arís leis gan pioc leisce orm agus cá bhfios duit ná go mbeadh

beirt agam le chois a chéile a teacht go dtí thu."

"Tusa á rá sin agus Dia ad fhreagairt." arsa Ceallachán.

"Tánn tú tacaithe aríst!" arsan sagart leis an aoire.

"Táim, táim." arsan t-óigfhear, "táim á chlos ón chéad lá do fuaireas aon

chlos ar bhréithre Dé, gur órdaigh Sé cónamh lá an ghátair", arsan

Slataire, "agus b’fhéidir nárbh fhearra dhuitse leis a bheith chomh

stifneálta agus tánn tú!" ar seisean leis an sagart.

"Gluais, agus beam araon i dtreo a chéile!" arsan t-aoire fónta do bhí

leacaithe le bréithre Dé.

"B’fhéidir go bhfuil an ceart agat." arsan sagart.

"Tá," arsan t-aoire, níl aon duine·do thabharfaidh lámhaíocht leis an

bhfear críonna cráite úd go bhfuil an bás ag faire ar é bhreith chuin siúil,

go dtabharfaidh Dia a luach do féin," arsan t-óigfhear mánla, gur bhog

an scéimh bheannaithe do bhí le feiscint ina ghnúis féin an sagart

ceanndáine, gur ghluais an bheirt acu a n-aonacht go dtí gleann

Cheallacháin.

"Tugaimís moill," arsan sagart, "féachaint an clos dúinn an mbeadh aon

tsórt cainte ar bun aige, " arsan sagart.

Insan am so do bhí a shúil curtha aige Ceallachán do gach n-aon eile ach do

Dhia amháin, agus thug sé aghaidh ar Sin ag lorg na cabhartha, agus dar

ndóigh ba mhaith an Té sin ar deireadh thall. Do bhí an sagart agus an t-

aoire, go raibh lámh Dé leis féin, ag éisteacht leis don chéad iarracht.

 

Faoisdine Cheallacháin chuin Dé na Glóire:

[Leagan eile don scéal in "Seanchas ón Oileán Tiar" lch. 234 agus don dán i

"Duanaire Duibhneach" lch. 100]

 

Nach mór mar ritheas i gcoirthibh do thréig mo shnó,

Is gan traochadh do bhrisinn-se dlithe Mhic Dé na gCómhacht,

Spéis ní chuirinn-se i nduine dá naofacht cló,

Do dhianchloígh feasta me ar easpa gan aon phioc stóir.

 

Mo stór do chaitheas níor ghabhas leis meon sa tsaol,

Is na móide agam, ba mhinic am beol Mac Dé,

A dheighMhic úd nár dhiúltaigh sa Pháis ‘nár dtaobh,

Go leigheasfaidh Tú ár gcóngrach Lá na nAon.

 

na nAon beidh spéir ar lasadh do shíor,

Agus clann chlainne Éabha air aon chnoc caithfeam a bheith cruinn,

Beidh cáil gach n-aon dá léamh is a mbearta dá scríobh,

A láthair AonMhic Dé mar achtaigh an Rí.

 

Ba róchlaon a chómhraigh mo bhearta le cian,

A stróireacht ar bhóithre agus an ainnise am dhiaidh,

Dá seachnónainn gach dóbheart dár dhineas fós riamh,

Ba chóir dom mo dhóchas le casadh ort a Dhia.

 

Is Dia an t-Athair do shealbhaigh na Flaithis naofa,

Is Dia an Mac d’fhuilig ar son na cine daonna,

Is Dia an Spioraid Bheannaithe do thug solas dá haspalaibh naofa,

Gach ciach is dochma dá mbeidh orainn go ndeinir a réiteach.

 

Réiteach fuarthan go dtí orainn féin ó Chathair na nGrást,

Is gach géibhinn féin dá mbeidh orainn go brách,

Led shaorthoil a AonMhic do greadadh sa Pháis,

Tabhair saor ón uile bhaol sinn is ón mearthall smáilc.

 

I mearthall smáilc a fágadh mise insa tsaol,

Is i ndeascaibh Chloinn ¦dhamh a crádh me a stracadh mo ghéag,

A Mhic Muire na nGrást d’fhuilig bás peannaide agus péin,

Fuascail ár gcás a Dhia álainn, m’amharc ná tréig.

 

Ná tréig me a Spiorad Naofa a thug solas don domhan,

Ná tréig in aon bhaol sinn agus tabhair dúinn cabhair,

Led shaorthoil-se a AonMhic do greadhadh go lom,

Tabhair saor ón uile bhaol sinn ar eagla a bheith trom.

 

Is trom iad ár gcortha is iomarcach claon ár bpáirt,

Mar ba scéimear mise níor ghabhas Muire mar scéith im láimh.

O b’fhealltach mise is me tuiscint mo shaoil mar táim,

Is le cabhair ‘nár gcoinne go leige Mac Dé na nGrást.

 

"Pé ní is féidir liom do chur a dtreo an fhir óig seo," ar seisean.

"O, do bheirt againn," arsan sagart.

"O, más maith leis seo é," arsa Ceallachán.

"O, bíodh aon ghuí amháin againn." arsan t-óigfhear.

D’éag an fear aosta gan mhoill, an bheirt eile go hobann ina dhiaidh. Do

chonacadar so go léir do bhí a radharc an ghleanna, na trí colúir

ghlégeala insa ghleann insa léim dóibh a fágaint, iad ag tarrac in airde ar

an ngormspéir dóibh.

A Chríoch.

Dob é an riocht do chuaigh ar na coirp insa ghleann ná clúdach orthu insa

lantán mar bhíodar lena chéile insa ghleann.

 

Mise, Tomás O Criomhthain agat,

Le mórmheas, a Phiarais ghroí uasail.

An tOileánach.

Meitheamh, 28, 1934.

 

Ls. 5. An Gabha Geal Bán

Fear dob ea é seo gurbh fhiú liom tagairt agus beagán cuir síos do dhéanamh

ina thaobh riamh agus inniu féin. Is é bonn atá leis an aiste seo agam ná

turas dár thug an Mhaighdean Bheannaithe Muire, gur bheartaigh sí ar chuaird

do thabhairt go dtí cara gaolach di, do bhí aistearach go maith ó bhaile, ón

áit go raibh sí féin. Ach do bhí beartú aici ar mhí do chaitheamh ‘na

fochair ar shroistint na háite dhi. Sea, is beag go ndéantar machtnamh don

tsórt so dho más ar a bheith mall féin, ná go mbíonn sé ag faire amach chuin

é chur chuin chinn luath nó mall.

Do bhí an Mhaighdean Mhuire leis á fáil féin ullamh chuin a turais féin do

chiorrú, agus do chrom sí ar a bheith réidh chuige ar mhochóirí na maidine.

Ní raibh an Naíonán Beannaithe ach a lámhncán go lag insan am so, agus dob é

sin ba mhó go raibh sí ag cur suím ann. Agus gan puínn moille do bhí an

fearas chuin é a iompar lena chéile gan rómhoill aici.

Plainnín do bhí déanta d’olainn uan do bhí ina thimpeall. Bhí dhá cheann

an phlainnín, ceann do aniar thar gach gualainn léi agus an Naíonán fillte

fuaite insa chuid eile thiar ar a drom aici; brat maisiúil luachmhar aniar

uirthi, dealg órnáide ag coimeád an bhrait gan lámh ná cos.

Ar a fáil féin ullamh ar an gcuma so dhi ar mhochóirí na maidine is i gcló na

mná boichte do chuir sí roimpi an t-aistear do chuir di pé luath nó mall é.

D’fhág sí slán agus beannacht ina diaidh, ansin do chuir an Mhaighdean

ghlórmhar chuin a bheith a ciorrú an aistir mar fhéadfeadh. Níor mhór an

scíth ná an mhoill do dhin sí nó go raibh an déanaí a diurdam §[druidim]§ léi

ach do shroich sí tigh maith nár fhág aon cheal bídh ná dí ortha go headartha

amáireach. Lár arna mháireach i meán an lae, do chrom an lá ar shéideadh gála

trom gaoithe thar fóir do bhí a luí lánthrom uirthi, í a d’iarraidh é do

choimeád insa bhfoirm cheart. Do bhí sí ag broic stáir mhaith do’n lá,

fé dheireadh gur stiall an dealg do bhí ag coimeád an bhrait uirthi. An

gála ag leagadh na gcrann. B’éigint di lámh léi do bhogadh agus é do chur a

ngreim sa bhrat, an lámh eile i ngreim ansa bhfilléad.

Do chuaigh sí ar scáth toir ar chliathán an bhóthair a lorg sánais ón ngála

míllte go raibh mórchuid nithe aige dá thógaint sa spéir las-in-airde dhi do

bhí a cur crith-eagla agus scanradh uirthi. Ní rófhada mar sin di insan am

gur thánaig maor na feirme agus chuir caint fheargach ghránna dhána as. Do

phreab sise ina seasamh, agus dúirt: "Ba mhór mo baochas ort," ar sise

leis, "dá mbeadh sé id chumas cipín do dhéanfadh dealg brád dom brat... Is

í mo leathlámh atá á choimeád i rioth an lae ó mhaidean agus an lámh eile seo

liom á choimeád so ar mo drom," ar sise leis.

Níor mhaith é freagra an Mhaoir seo ar an mnaoi ghlórmhair do chuaigh ar a

ímpí. Agus i dteannta gan é bheith i mbun aon lámhaíocht do thabhairt léi,

ach í do chuir dá treoir ar fad dob é dob annsa leis. "Go raibh beagrath ort

maran tu atá go tiarniúil agus go beagnáireach," ar seisean léi, "agus fág

bun mo chuid talún agus ná cuir náire orm, nó b’fhéidir go gcuirfinn-se an

madra atá anso id dhiaidh do bhainfeadh an teaspach díot!" ar seisean. "O,

féadfair gan an dealg do bhac," arsan Mhaighdean leis, "ach má cuireann tú

an madra liom, b’fhéidir ná déanfeadh sé rud ort, agus gurb ort féin do

chasfeadh sé," ar sise leis.

Nach mór mar bhí na hathracha nimhe ar scriúbaigh[?] i gcorp an fhir bhréin

seo. Do cheap sé gur daoine saibhre do bhí ann riamh gan aon bhochtán ann

insan am fé láthair agus ná beadh duine bocht ná bochtán go brách arís ann

ach í seo do bhí ar an láthair an uair seo.

Do bhog an Mhaighdean as an áit do bhí aici agus do chrom sí ar a bheith a

ciorrú na slí tamall eile, a lámh i ngreim insa bhrat aici mar bhí, easba

caradais na duirce d’fhág sí ina diaidh ná tabharfeadh an cipín déil di. Ní

rófhada do bhí sí ansan am gur nocht machaire mór eile talún lena lán stoic,

fear ina mbun agus madra mór dubh aige ina dtimpeall do bhí chómh mór le

capall. Do tháinig sí suas chun cainte leis. Do labhair seisean léi, chuin

tosaigh léi, agus dúirt:

"Tá an iomarca le déanamh agat," ar seisean.

"Do chaill an dealg do bhí ag coimeád an bhrait seo, agus is éigean dom, mo

lámh a chur á choimeád nó go sroichfead a mhalairt, pé lá nó am é," ar sise

leis, "agus is dócha ná beadh aon chipín id thimpeall ná ábhar a leithéid do

choimeádfeadh orm é nó go dtiocfeadh lá breá éigin orainn?" arsan Bhean

Bheannaithe leis.

D’fhreagair sé agus dúirt:

"Níl aon bhlúire adhmaid ag fás insa talamh so ná bhfuil dearglofa," ar

seisean léi.

"Sea, níl leigheas ar sin leis," ar sise, "mara fearr nára measa!" - ag

tabhairt a cúil do agus á fhágaint mar a raibh sé.

Clann na beirte máthar dob ea an an dá aoire seo, do dhrochthreabhchas, mar

raibh puinn cur amach ar dhlithe Dé acu. Driotháir do Thadhg Riabhach ab

ea Dónall Gránna acu. Agus d’fhág an Mhaighdean Bheannaithe ina diaidh as a

hamharc iad.

Ní rófhada go bhfeacaidh sí leirg mhór eile fhairsing eile, tithe fánacha

anso agus ansúd le feiscint. Agus ceárta dar léi dob ea an tigh ba ghiorra

dhóibh mar do bhí mórán capall ina thimpeall. Dob ar thaobh an bhóthair do

bhí an cheárta so. Tigh mór maisiúil dob ea í seo agus gnó dá réir di. Do

bhí an gabha idir dá lín an dorais agus do bheannaigh go séimhialta dhi agus

dúirt:

"Nach liobarnach atá do bhrat agat," ar seisean léi.

"O, do thug an gad brád do bhí á choimeád an lá fiain do bhí ann a dtosach

na seachtaine," ar sise.

"Do bhraitheamair é go maith," arsan gabha.

"Ná tiocfá isteach agus suí i mbun do shois, tá an lá óg fós," arsan

gabha, "nú ar thárlaig aon duine leat do dhéanfadh cipín maith láidir le

scian duit," ar seisean léi.

"Insa ghreim ba mhó do rug orm do thug an bheirt a thárlaigh orm an t-eiteach

dom," ar sise.

Do bhí slataire d’óigfhear do mhac leis an ngabha ina sheasamh a mbéal an

doiris. Do chuir an t-athair caint air, an bhean mhaith seo do thabhairt go

dtí an dtig agus bia do chur go dtí í.

"Agus tabhair leat go dtí an áit seo aríst í an uair do bheidh sí réidh, go

bhfáisceam an brat di a gcomhair an bhóthair - don mhnaoi chóir," arsan gabha.

Do dhein an mac mar dúirt sé leis go preabúil.

Do chuir an t-athair a lámh ina phóca, do thairrig aníos leathchoróin agus

píosa eile do mhianach dhaor, do chuir lena chéile an teallach iad, do

thairrig amach an dealg órnáideach astu, nár cheapadh riamh a leithéid le

greantacht seo mar tá ráite de shíor.

Ní rófhada an mhaoil gur dhruid an gabha leis an mbrat agus an bireán ina

láimh aige go greanta, do chuir crúca insa bhrat agus do cheistigh í cad é

an treo gurbh fhearr é do chur a ngreim insa chlóca, mar, ar seisean léi:

"Ní bhogfaidh an gad so a ghreim go brách gan a lán féin don éadach do

thabhairt leis, mar tá deabhadh orm anois beidh cead scoir aiged láimh féin

air am an ghátair. Druid anso i leith go mbeadh fhios agat conas é bhogadh

agus do scaoileadh gach am go mbeadh call leis," arsan Gabha Geal Bán. Do

chuir sé ina luí ar a guaille mar ba cheart é agus an dealg mar ar cheart do

féin a bheith. Do bhain seacht croitheadh as láimh na mná fónta agus

do phreab ‘on teallach agus do chuir chuin gnótha é.

Do ghuigh an Mhaighdean don ngabha, agus dúirt:

"O is ceart duit amharc do thabhairt ar an Naíonán," ar sise, "thóg an clogaide

cheann," ar sise.

"Go raibh bail ó Dhia oraibh!" arsan gabha, "tá an bheirt agaibh go

hálainn."

"Tóg dá mhuineál an práisléad agus coimeád agat é an fhaid do mhairfir beo,

leig uait ar chomha ná ar chleas é sin!" ar sise.

"Is dócha go mbíonn an iomarca allais agus oibre ortsa," arsa an Mhaighdean

Mhuire leis an ngabha.

"O geallaim duit ná bíonn sé am chumas a thuilleadh do dhéanamh go minic,"

ar seisean léi.

"Sea," ar sise leis, "guím-se chuin Dé tuirse na ngaibhne do chur ar na

buachaillí mbó," ar sise.

Níor ghearán aon ghabha ar a strus gnótha riamh ó shoin. Seanfhocal é atá

fíor adeir siad.

Níor leag an gabha as a thigh greanta féin í go headartha bó lá arna

mháireach. Le linn dn mhnaoi bheannaithe a bheith a fágaint tí an ghabha,

do bhí scéala ann go raibh an chéad mhaor do bhuail léi, do bhí chuin an

mhadra do chur léi, marbh, agus gurbh é a mhadra féin do mhairbh é. Sin mar

a d’oscail an Mhaighdean féin do an uair do chuir sé as an bhfoithin í. Is

lánmhinic do chas Dia spóca á bhreis insa roth chuin na tóirtéise do bhaint

don té go mbíonn an iomarca air de.

Mise, agat, an fear thiar, an tOileánach, is a bheannacht.

(Tá triúr againn ag scríobh, slán beo sinn, ach is minic sinn gearra insa

páipéir.)

 

Ls. 6.

A Phiarais bheannaithe gur taitneamh lem chroí thú,

Ní bhuaileann aon tuirse me chuin giota do scríobh duit,

Féach na ranna so gan aithis ná díomas,

Ní chaithfeadsa an Timthire uaim nuair a chífead.

 

Seo rann do cheap Piaras Feirtéar agus é ar teitheadh fén lic ansa chnoc so:

 

A Dhia atá thuas an trua leat mise mar atáim,

Am chaonaí uaigneach nach mór go bhfeicim an lá,

An braon atá thuas ar uachtar leice go hard,

A titim am chluais agus fuaim na toinne lem sháil.

 

Seo síos dán beag do cheap Tomás O Criomhthain, An t-Oileánach, suím

bhlianta ó shoin. Do fuair Tomás deigh-chlú agus cáil mhaith uathu.

 

Domhnach bheannaithe Dé dhom

Is me a déanamh scíth is me am stad,

Ar bhántaibh an Bhlascaoid seo

Is me féachaint soir ó dheas,

Sea dhearcas an gluaisteán néata,

Is í ag déanamh siúil lánphras,

Mar eala a raibh inti gléasta,

Is í ag téarnamh chughainn isteach.

 

Do bhí an currachán so ag gluaiseacht,

Chomh luaimneach le searc,

Níor thuigeas go raibh sa mórmhuir

Do scuabfadh tháirsi amach.

Dá mbeinnse a síorchur tuairiscí,

Níor luadh liom cheana a stair,

Nó an raibh sí aige Fionn an uair úd

Ina ruagairtí thar lear.

 

Na Conallaigh a mhaímse am bhréithre,

Gur méinn liom a dtabhairt amach,

Is ón gConsailéir a dtéarnamh,

Do réitíodh siar gach beart.

Dob é thóg an chéad cheo d’Éire,

A bhí i ndaorbhroid tréimhse mhaith,

Is thug cead ár gcinn dúinn féining

Le cónamh Dé anso amach.

 

Ar thógaint scíth don méid seo,

I lantán féarmhar glas,

Na hoileánaigh ar gach taobh dóibh,

Go léir i gcóir is i gceart.

Níl gnó a bheith a léiriú an scéil seo,

D’aoinne nár rángaig ann,

Ach fé bhun Pharrathas an naomh geal,

Ní raghadh in aon áit as.

 

Anois táim chuin scor dom ráite,

Ní maith liom dánta ar fhaid,

Ach radharc an lae seo im áireamh,

Ansan oileán ní raibh riamh ann.

Flaithiúlacht Treibh Uíbh Ráthaigh,

Beidh a dtáisc ar feadh suim seal,

Ach a radharc a chéile lá dúinn,

Insa Ríocht in airde ar fad.

 

Do threibh na gConnallach groí ó Chathair Uíbh Ráthaigh an gluaisteán báid

do bhí acu a teacht go dtí an Blascaod, an lá ba bhreátha do tháinig an ‘on

oileán so ó shoin, cé go bhfuil áireamh blian ann. Iad go léir uasal.

 

A AthairMhic do dhealbhaigh gach tír is áit,

Táimíd atuirseach gan fáil ar bheatha againn ar dhroim oileáin,

na ceannaithe a dul chuin lagaireacht is do mheath a dtrácht,

Aige an saighead mallaithe atá ansa bhfarraige,

Go bhfuil na loing dhá mbá.

A Dhia ghléigil go gcuirir staonadh leis an gcoimheascar áir,

O ná géillimse ar aon chor ná gur chughatsa atá

An chine dhaonna dá réabadh gan sos gan spás,

Is led shaorthoil go bhféachairse chughainn i dtráth.

 

Do stop na Dúchrónaigh sinn siar thar Daingean - ní sinne, an tOileánach,

go raibh aon chur ná stop acu orainn - ach Tuath an Daingin, go raibh na

bóithre gearrtha acu orthu. Do bhí cead againn gach a raibh insa bhaile

mhór do thabhairt tríd an bhfarraige ach gach roinnt do thabhairt dóibh siúd

do bhí ag briseadh na mbóthar. Do bhí mórán dos an longaibh dá chur ar thóin

poill san am úd, iad lán go smig, brúscar aige an mbád fé thoínn á dhéanamh

dóibh, iad ag imeacht ina raic ar fuaid na farraige. Ach do thugadar bóthar

sa bhfarraige dúinne féin mar fuair Maois fadó..

Mise agat an tOileánach, is a bheannacht.

Sept., 12th 1934.

 

(Do shroich do dhuais fhlaithiúil leis me. Go raibh faid mór ar do shaol gan

díth gan easba sláinte agus ar a bhfuil páirteach lena chéile ann agaibh.)

 

Ls. 7

Litir bheag is ea í seo mar go minic bíonn punann sa locht orm a dhéanamh,

agus bím a d’iarraidh freagairt do gach nduine. Sé cinn atá insa bhóthar a

n-aonacht léi seo. Bíonn an aimsir a briseadh as so amach. Lá poist is ea

an lá amáireach agus ba mhaith liom gan an t-ógshagart beannaithe do bheith

chun deiridh.

Mise, le mór-mheas,

An t-Oileánach, nó Tomás O Criomhthain.

Ullamh glan duit pé am gur maith leat litir eile do chur ar mo thuairisc.

Beannacht Dé leat agus linn go léir.