Seanfhocail
|
|
1. Ag duine féin is fearr a fhios cá luíonn an bhróg
air. |
2. Aithníonn ciaróg ciaróg eile. |
3. Aithnítear cara i gcruatan. |
4. An gad is giorra don scornach is túisce is ceart a
scaoileadh. |
5. An lao ite i mbolg na bó. |
6. An luibh ná faightear is í a fhóireann. |
7. An rud a chíonn an leanbh is é a níonn an leanbh.
|
8. An rud a scríobhann an púca, léann sé féin é. |
9. An rud a théann i bhfad téann sé i bhfuaire. |
10. An rud is annamh is iontach. |
11. An rud is measa le duine ar domhan n’fheadair sé nach
é lár a leasa é. |
12. An rud nach bhfuil leigheas air caithfear cur suas leis.
|
13. An rud nach féidir ní féidir é. |
14. An t-uan ag múineadh méilí dá mháthair. |
15. An tslat nuair a chruann le haois is deacair í a shníomh
ina gad. |
16. An té a bhfuil builín aige gheobhaidh sé scian lena ghearradh.
|
17. An té a bhíonn amuigh fuarann a chuid. |
18. An té a bhíonn siúlach bíonn sé scéalach. |
19. An té a bhíonn thuas óltar deoch air. |
20. An té a bhíonn thíos buailtear cos air. |
21. An té a dtéann teist na mochóirí amach air ní cás dó
codladh go headra. |
22. An té a mbíonn an rath ar maidin air bíonn sé air tráthnóna.
|
23. An té nach bhfuil láidir ní foláir dó bheith glic. |
24. An té nach mbeireann ar an ngnó beireann an gnó air.
|
25. An té nach nglacann comhairle glacfaidh sé comhrac. |
26. An té nach trua leis do chás, ná déan do ghearán leis.
|
27. Ar mhaithe leis féin a níos an cat crónán. |
28. Ar scath a chéile a mhaireann na daoine. |
29. Bailíonn brobh beart. |
30. Beart gan leigheas, foighne is fearr dó. |
31. Beatha duine a thoil |
32. Beatha teanga í a labhairt. |
33. Beidh lá eile ag an bPaorach. |
34. Bliain le duine agus bliain ina choinne. |
35. Breithnigh an abhainn sara dtéir ina cuilithe. |
36. Briseann an dúchas trí shúile an chait. |
37. Bíonn adharca fada ar na buaibh thar lear. |
38. Bíonn an fhírinne searbh. |
39. Bíonn blas ar an mbeagán. |
40. Bíonn blas milis ar phraiseach na gcomharsan. |
41. Bíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha. |
42. Bíonn dhá insint ar gach aon scéal. |
43. Bíonn gach tosú lag. |
44. Bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh. |
45. Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú. |
46. Cailín ag Móir is Móir ag iarraidh déirce. |
47. Caora mhór an t-uan i bhfad. |
48. Chonaic mé cheana thú, arsa an cat leis an mbainne te. |
49. Ciall agus michiall - dís ná gabhann le chéile. |
50. Cuir an breac san eangach sula gcuire tú sa phota é.
|
51. Cuir síoda ar ghabhar - is gabhar fós é. |
52. D’ordaigh Dia cúnamh. |
53. Doras feasa fiafraí. |
54. Dá dhonacht é Séamas ba mheasa bheith ina éagmais. |
55. Dá fhad lá tagann oíche. |
56. Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breall ar dhuine
éigin. |
57. Éire i bpáirt, Éire ar lár. |
58. Éist le fuaim na habhann agus gheobhair breac. |
59. Fear na bó faoina heireaball. |
60. Feileann spallaí do bhallaí chomh maith le clocha móra.
|
61. Filleann an feall ar an bhfeallaire. |
62. Gach dalta mar oiltear. |
63. Galar gan náire an tart. |
64. Giorraíonn beirt bóthar. |
65. Glacann fear críonna comhairle. |
66. I dtosach na haicíde is fusa í a leigheas. |
67. I dtus an mhála is ceart a bheith tíosach. |
68. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. |
69. Imíonn an tuirse is fanann an tairbhe. |
70. Iomad den aithne a mheadaíonn an tarcaisne. |
71. Is ait an mac an saol. |
72. Is beo duine tar éis a bhuailte ach ní beo é tar éis
a cháinte. |
73. Is binn béal ina thost. |
74. Is breá an ní an óige ach ní thagann sí faoi dhó. |
75. Is báidhiúil iad lucht aoncheirde. |
76. Is cuma nó muc duine gan seift. |
77. Is deacair ceann críonna a chur ar cholainn óg. |
78. Is deacair rogha a bhaint as dhá dhíogha |
79. Is dána gach madra i ndoras a thí féin. |
80. Is dóigh le fear na buile gurb é féin fear na céille.
|
81. Is fada an bóthar nach bhfuil casadh ann. |
82. Is fada siar a théann iarsma an drochbhirt. |
83. Is fearr a bheith díomhaoin ná droch-ghnóthach. |
84. Is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas. |
85. Is fearr an tsláinte ná na táinte. |
86. Is fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas. |
87. Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán. |
88. Is fearr go mall ná go brách. |
89. Is fearr leath ná meath . |
90. Is fearr lán doirn de cheird ná lán mála d’ór. |
91. Is fearr mac le himirt ná mac le hól. |
92. Is fearr marcaíocht ar ghabhar ná coisíocht dá fheabhas.
|
93. Is fearr rith maith ná drochsheasamh. |
94. Is fearr súil le glas ná súil le huaigh. |
95. Is fearr súil romhat ná dhá shúil i do dhiaidh. |
96. Is furasta fuineadh in aice na mine. |
97. Is gaire cabhair Dé ná an doras. |
98. Is geal gach nua agus is searbh gach gnáth. |
99. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin. |
100. Is geall le scíth malairt oibre.
|
101. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.
|
102. Is iad na muca ciúine a itheann
an mhin. |
103. Is in ithe na putóige a bhíonn a
tástáil. |
104. Is iomaí cor a chuireann an saol
de. |
105. Is leor nod don eolach. |
106. Is leor ó Mhór a dícheall. |
107. Is lia gach othar i ndiaidh a leighis.
|
108. Is lú ná fríd máthair an oilc. |
109. Is mairg a dheanann deimhin dá dhóchas.
|
110. Is mairg a dhéanann an t-olc is
a bhíonn bocht ina dhiaidh. |
111. Is maith an scáthán súil charad.
|
112. Is maith an scéalaí an aimsir. |
113. Is maith an t-anlann an t-ocras.
|
114. Is maith an t-iománaí an té a bhíonn
ar an gclaí. |
115. Is maith le Dia féin cúnamh. |
116. Is maol gualainn gan bhráthair.
|
117. Is minic a bhris béal duine a shrón.
|
118. Is minic a bhí cú mhall sona. |
119. Is minic a gheall tailliúir is ná
tiocfadh sé. |
120. Is minic ciúin ciontach . |
121. Is mór é luach na foighne. |
122. Is olc an chearc nach scríobann
di féin. |
123. Is olc an ghaoth nach séideann do
dhuine éigin. |
124. Is sleamhain an leac ag doras duine
uasail. |
125. Is treise dúchas ná oiliúint. |
126. Is trom cearc i bhfad. |
127. Is túisce deoch ná scéal. |
128. Is í an chiall cheannaigh an chiall
is fearr. |
129. Is í an dias is troime is ísle a
chromann a ceann. |
130. Mair a chapaill is gheobhair féar.
|
131. Maireann an chraobh ar an bhfál
ach ní mhaireann an lámh a chuir. |
132. Maireann croí éadrom i bhfad. |
133. Marbh le tae agus marbh gan é. |
134. Mian mic a shúil. |
135. Mol an óige agus tiocfaidh sí. |
136. Mol gort is ná mol geamhar. |
137. Mura gcuirfidh tú san Earrach ní
bhainfidh tú sa bhFómhar. |
138. Mura mbeadh agat ach pocán gabhair
bí i lár an aonaigh leis. |
139. Más cam díreach an ród is é an bóthar
mór an t-aicearra. |
140. Más maith leat do mholadh faigh
bás: más maith leat do cháineadh pós. |
141. Más olc maol is measa mullach. |
142. Múineann gá seift. |
143. Namhaid an cheird gan í a fhoghlaim.
|
144. Nuair a bheidh do lámh i mbéal na
con tarraing go réidh í. |
145. Nuair a bhíonn an cat amuigh bíonn
na lucha ag rince. |
146. Nuair is crua don chailleach caithfidh
sí rith. |
147. Nuair is gann é an bia is fial é
a roinnt. |
148. Ná bac le mac an bhacaigh is ní
bhacfaidh mac an bhacaigh leat. |
149. Ná cuir do leas ar cairde. |
150. Ná déan nós is ná bris nós. |
151. Ná tabhair breith ar an gcéad scéal.
|
152. Ní bheathaíonn na breithre na braithre.
|
153. Ní bhfuair minic onóir. |
154. Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn
an smacht. |
155. Ní bhíonn fear náireach éadálach.
|
156. Ní bhíonn in aon rud ach seal. |
157. Ní bhíonn tréan buan. |
158. Ní breac é go raibh sé ar an bport.
|
159. Ní dhéanfadh an saol capall ráis
d’asal. |
160. Ní dhéanfaidh smaoineamh an treabhadh
duit. |
161. Ní fhaigheann lámh iata ach dorn
dúnta. |
162. Ní fiú bheith ag seanchas agus an
anachain déanta. |
163. Ní féasta go rósta is ní céasta
go pósta. |
164. Ní féidir bheith ag feadaíl is ag
ithe mine. |
165. Ní féidir leis an ngobadán an dá
thrá a fhreastal. |
166. Ní féidir é a bheith ina ghruth
is ina mheadhg agat. |
167. Ní haithne go haontíos. |
168. Ní heaspa go díth carad. |
169. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
|
170. Ní ionann dul go tigh an rí agus
teacht as. |
171. Ní lia duine ná tuairim. |
172. Ní lia tír ná gnás. |
173. Ní mar a shíltear a bhítear. |
174. Ní mhealltar an sionnach faoi dhó.
|
175. Ní neart go cur le chéile. |
176. Ní sia gob an ghé na gob an ghandail.
|
177. Ní thagann ciall roimh aois. |
178. Ní théann dlí ar riachtanas. |
179. Ní troimide an loch an lacha. |
180. Níl aon tinteán mar do thinteán
féin. |
181. Níl leigheas ar an gcathú ach é
a mharú le foighne. |
182. Níl luibh ná leigheas in aghaidh
an bháis. |
183. Níl saoi gan locht ná daoi gan tréith.
|
184. Níl sprid ná puca nach bhfuil fios
a chúise aige. |
185. Níl tuile dá mhéad nach dtránn.
|
186. Níl íseal ná uasal ach thíos seal
agus thuas seal. |
187. Níor bhris focal maith fiacail riamh.
|
188. Níor chaill fear an mhisnigh riamh
é. |
189. Níor líon beannacht bolg riamh.
|
190. Pós bean ón sliabh agus pósfaidh
tú an sliabh ar fad. |
191. Ritheann fear buile trí thuile go
dána, ach is minic thug tuile fear buile le fána. |
192. Sciúrdann éan as gach ealta. |
193. Seachnaíonn súil an ní ná feiceann.
|
194. Síoda ar Shiobhán is na preabáin
ar a hathair. |
195. Súil le breis a chailleann an cearrbhach.
|
196. Tabhair rogha don bhodach agus is
é an díogha a thoghfaidh sé. |
197. Tagann gach maith le cairde. |
198. Taithí a dhéanann máistreacht. |
199. Tar éis a thuigtear gach beart.
|
200. Tarraingíonn scéal scéal eile. |
201. Tosach sláinte codladh : deireadh
sláinte osna. |
202. Tuigeann Tadhg Taidhgín. |
203. Tír gan teanga tír gan anam. |
204. Tús maith leath na hoibre. |