Tuar na Fola
-Sean Cara
Measc bánta mín réidh ‘gus sléibhte is gleann
Measc na gcnoc is na dtor is na bóthre cam
Sin suíomh an pharóiste, atá seascair is teann
Tuar na Fola an t-ainm, seo linn anall.
Is iontach an alt í, lá gréine geal buí
Is an ghaoth ‘niar aneas ag sioscarnaigh tríd
An smólach beag donn in a thréan guth gó binn,
Is an chuach ag fáiltiú romhainn go h-uasal bog caoin.
Tá ceol an londuibh dá seoladh san aer,
Ins an tuath bhog tais le breacadh an lae,
An drucht ann ag spréachadh ar bharr an fhéir,
Is na tithe mar seoda ar feirmeacha méith.
Feicim aitinn bhuí-órga ag dathú na ngleann,
Is na fraocháin go dlúth ar sheasaibh ne mbeann,
Tá an dair is an ghiúis is an cnócapall ann
Is leoithne úr ag bogadh na gcrann.
O dheas thiar tá riasc mín réidh
An mhóin dá sleachtadh ó thosach an lae
Port na fuiseoige dá stealladh ón spéir
‘San fraoch fé lán-bhláth ar chliathán an tslé
Tá an bainne is uachtar da thál ann go fuíoch,
Tá rath ar a mhuintir, is saibhreas is maoin,
An reachtaireacht éachtach ag gabháil ann de shíor
Go h-ealaoínta éifeachtach, cumasach, dian.
Bíonn craic agus ceol agus sult ann de shíor,
Is an mílte ceoltoírí ag sgoilteadh na ndíon,
Bíonn gleo agus caidreamh agus muintearas tí,
Is ná déantar dearmadann ar amach an dreoilin.
Ní taisce den óg, táid beo, láidir, groí,
Táid cróga sa chaismirt I bpáirc ná n-aichí,
Ar mbrata dá seoladh is an t-ádh ‘nár ndiaidh,
Seo sláinte na nóg ar lá na gcluichí.
Gúim rath ar ár mhuintir, cuid imithe chun fáin,
Go mbeidís go deo, gan easpa, gan práinn,
Go rabhaimis go léir gan uachar ná dúchlán,
Go sona, go súgach ar bhruach an Allacháin.