Oiche Ghaelach

Áth Luain

 
Seo é an t-alt le Fiona Donnelly a bhí le feiceáil san ATHLONE TOPIC Déardaoin 14ú Feabhra 2002. P.J. Murray a ghlac na pictiúir.
 
Clic ar athlone.ie chun breathnú ar an tionscadal nua a cuireadh ar siúl Mí Feabhra 2002 in Áth Luain chun an cultúr dúchais a thabhairt ar ais i measc an phobail. Séard atá ag tarlú ná teacht le chéile tigh Carty's, 26 Sráid Dhíog Mhuire, gach chéad Mháirt na míosa áit a mbíonn an Ghaeilge á labhairt agus á cleachtadh i gcomhrá agus sa cheol.
Pól Ó Casaide, Mícheál Pléamoinn agus Geoff Foy a chuir tús leis an rud. Chinneadar gur mhór an bhuntáiste é do dhaoine go bhfuil spéis sa nGaeilge agus i séisiúin chéilí acu an tráthnóna gaelach seo. Slí foghlamtha atá anseo go bhfuil atmasféar sóisialta agus craic araon ann.
"Tugann an oíche ghaelach seo seans do dhaoine pé ar bith Gaeilge atá acu a úsáid" adeir Pól. "Bíodh Gaeilge ón gcliabhán acu nó an cupla focal féin tá fearadh na fáilte roimh chách..."
"Séard atá i gceist anseo ná go bhfuil daoine in ann labhairt lena gcáirde as Gaeilge agus misneach a thabhairt dá chéile. Tar éis an chupla pionta scaoileann an teanga agus mh'anam ach go dtabharfair faoi deara go bhfuil i bhfad níos mó in do chloigeann ó na laethe scoile ná mar a bhí tú a cheapadh..."
"Creidim gur maith an rud é rud éigin mar seo a chur ag imeacht in Áth Luain agus cuireann sé ionadh orm an méid spéise a taispeánadh leis an mbliain anuas ann."
"De ghnáth bíonn scata maith anseo gach mí."
Ar ndóigh, bhí slua maith ann nuair a bhuaileamarna isteach an oíche cheana agus chuir sé ag smaoineamh sinn an oiread sin daoine óga agus a bhí istigh. Bhí atmasféar scaoilte agus aerach ann agus na poirt, ríleanna, bailéid agus amhráin á mbualadh amach ag na ceoltóirí dúinn! Deis a bhí ann do dhuine ar bith go raibh talann aige/aici páirt a ghlacadh. Bhí daoine ag labhairt go réidh as Gaeilge, agus daoine eile ag streachailt le habairtí ach gach duine, idir óg agus sean, agus spórt á bhaint as an oíche acu.
Bhí grúpa amháin ach go háirithe ann, Erin Sprouse, Cathy Ellis agus Rita Appleby agus cuma orthu go raibh an-oíche go deo acu. Tháinig Erin ó Ohio, Cathy as Nua Eabhrach agus is as Oileán Mhanainn í Rita.
"Táimid ar cuairt le gaolta anseo agus is í seo an oíche dheireannach in Éirinn againn" adeir Erin liom. "Mar gur seo í an oíche dheireannach bhíomar ag iarraidh an ceol gaelach agus thángamar anseo. Togha an chraic atá ann. Bhaineamar taitneamh as an gcuairt agus táimid ag faire chuig an chéad uair eile cheana féin. Ní chreidimid na hathruithe a fheicimid in Éirinn ó bhíos anseo an uair dheireannach tá 14 bliana ó shin. Tá gach rud tagtha go mór ar aghaidh agus chomh nua-aimseartha sin!"
Paul Breen atá i bhfeighil ar an suíomh idirlín...
"Chuireas an láithreán lín suas mar bhí sé i gceist agam spéis a spreagadh san oíche ghaelach seo," ar sé. "Togha an smaointe é go mbíonn an Ghaeilge á húsáid agus daoine ag éisteacht leis an gceol gaelach den scoth agus ag an am céanna an craic ann i gcónaí. Déan iarracht an t-aos óg a mhealladh isteach i ranganna Gaeilge agus tuigfidh tú gur jeab do-dhéanta atá ann, ach deirim leat go mbaineann siad sult agus spórt as seo!"

Mar sin má tá tú ag iarraidh an cultúr gaelach a athbheochan, nó mura bhfuil uait ach oíche chraic agus siamsa, tabhair tú féin agus do chuid cháirde anseo go Carty's. Tosaíonn an oíche thart ar 10 i.n. agus ná déan dearmad teacht go luath agus do shuíochán a fháil!

 

 

 

damien agus edel

Damien Johnston agus Edel Moriarty.

 

ag baint taitneamh as an gceol gaelach

Togha an spóirt as an gceol gaelach: Erin Sprouse, Ohio; Betty Brown, Áth Luain; Cathy Ellis, Nua Eabhrach; agus Rita Appleby.

paul paul agus geoff ag caint

Paul Breen, Geoff Foy agus Paul Prendergast.

na seanlaethe

Jimmy Langton ag machnamh ar na seanlaethe.

 

taitneamh as an oiche

Leo Lawless agus Dick O'Brien ag baint taitneamh as an oíche ghaelach tigh Carty's.

grupa de cheathrar

Liam Joyce, Starchy Fallon, James Hickey agus Oliver Nugent.

na ceolteoiri

Ag déanamh ceol ar an oíche: Billy is Katey Henshaw á dtionlacan le fliúit as na flaithis!

an craic

Togha an chraic!!

ag labhairt gaeilge

Gaeilge á labhairt: Sorcha Giobín, Pól Ó Casaide agus Tomás Conlon.

la breithe

Ag ceiliúradh a lá breithe Anne O'Connor (sa lár) lena hiníonacha Caroline agus Laura.

togha na hoiche

Sár oíche tigh Carty's: Tom Brereton (ar chlé) agus Kevin Sullivan (ar dheis).

blas an ghuinness

Blaiseadh den Ghuinness: Jim Burke, Brian Luby agus Bill Denver (Minnesota).

 

Tabhair sracfhéachaint ar chúpla láithreán spéisiúla Gaeilge:
 
www.fainne.org - treoir idirlín
www.beo.ie - iris idirlín
www.gaelsaoire.ie - ag iarraidh saoire!!
www.fiosfeasa.com - dluthdhioscaí - CDs gaelacha
www.jesuit.ie/tearmann - creideamh ar an líon!
www.oideas-gael - Cúrsaí Gaeilge do chách!

 

Barr an Leathanaigh

 

An Chéad Leathanach