Home
Biography
Wedding Music Form
Sample Wedding
Song Book
Mass (for Catholic service)
Public Performances
Pricing

Links
Contact
Comments
View Guest book
Sign Guest book


Church Music
for your Wedding Day

An tAifreann

Deasghnátha Tosaigh

Loinneog don Iontróid

Déanaimid machnamh ar do bhuanghrá, a Thiarna, i gceartlár do theampaill; gabhann do mholadh, a Thiarna, mar do ainm, go himill na cruinne; tá do lámh dheas lán d’fhíréantacht.

Sagart:            In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh
Uile:              Amen
Sagart:           Go raibh an Tiarna libh. (nó “Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé 
                      agus cumann an Spioraid Naoimh libh go Léir.
Uile:              Agus leat féin.

Gníomh Aithrí

Sagart:             A bhráithe tugamis ár bpeacai chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn 
                        an táifreann a cheiliúradh
S.&Uile:         Admhaím do Dhia uilechumhachtach
                       
agus daoibhse, a bhráithe,
                       
gur pheacaigh mé go trom
                       
le smaoineamh agus le briathar,
                       
le gniomh agus le faillí,
                       
trí mo choir féin, trí mo choir féin,
                        trí mo mhórchoir féin.
                       
Ar an bhar sin, impím ar
                       
Naomh Mhuire síorÓgh
                       
ar na haingil agus ar na naoimh,
                       
agus oraighse, a bhráithre,
                       
guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.

Sagart:              Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe se ár bpeacaí duinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha sioraí sinn.

Uile:                Amen
Sagart:            A Thiarna, déan trócaire
Uile:                A Thiarna, déan trócaire
Sagart:            A Chriost, dean trócaire
Uile:                A Chriost, déan trócaire
Sagart:            A Thiarna, déan trócaire
Uile:                A Thiarna, déan trócaire

An Ghlóir

Sagart:              Ghlóir do Dhia sna harda.
S.&Uile:          Agus ar talamh síocháin do lucht a pháirte.
  
                     Molaimid thú. Móraimid thú. Adhraimid thú,
  
                     Tugaimid glóir duit.
  
                     Gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire.
  
                     A Thiarna Dia, a Rí na bhflaitheas,
  
                     A Thiarna, a Aon- Mhic, a Íosa Críost
                        A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar.
  
                     Tusa, a thógann peacaí an domhain,
  
                     déan trócaire orainn.
  
                     Tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí.
  
                     Tusa ata i do shuí ar dheis an Athar, dean trócaire orainn.
  
                     Oir is tú amháin is naofa, is tú amháin is Tiarna.
  
                     Is tú amháin is ró-ard, a Íosa Criost,
  
                     mar aon leis an Spiorad Naomh i ngloir Dé an tAthair. Amen

Urnaí

A Dhia, trí ísliú do Mhic d’ardaigh tu an cine daonna as umar na haimiléise; tabhair lúchair naofa do d’fhíréin; mar a d’fhuascail tu iad ó dhaoirse an pheaca, cinntigh dóibh aoibhneas síoraí na bhflaitheas. Sin é ár nguí chugat trínár dTiarna...
Uile:                Amen 

Liotuirge an Bhriathair

An Chéad Léacht

Sliocht as ................................
(Tar eis an chead leacht)
Sagart:              Sin e Briathar Dé.
Uile:                Buíochas le Dia.

Salm le Freagra (Sampla)

‘Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith orm.

 

‘Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhíth orm.

Cuireann se i mo luí mé I móinéar fear uaithne.

Seolann sé ar imeall an uisce mé

Mar a bhfaighim suaimhneas.

 

‘Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith orm.

Seolann sé mé ar rianta díreacha

Mar gheall ar a ainm.

Fiú dar súilfainn i ngleann an dorchadais

Níor bhaoil liom an tolc

Agus tú faram le do slat is do bhacall

Chun sólás a thabhairt dom.

 

‘Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith orm.  

An Dara Léacht

Sliocht as ................................
(Tar eis an dara leacht)
Sagart:              Sin e Briathar Dé.
Uile:                Buíochas le Dia.

Alleluia
...............................

Soisceal

Sagart:              Go raigh an Tiarna libh.
Uile:                Agus leat féin.
Sagart:              Sliocht as an Soisceal naofa de réir ....................
Uile:                Glóir duit, a Thiarna.
......................................
(Tar eis Soisceal)
Sagart:              Sin é Soisceal Dé.
Uile:                Moladh duit, a Chríost.

Aitheasc

Sagart:
A Dhia bheannaigh tú cuing an phósta le rúndiamhair éachtach grásta, agus rinne tú sacraimint d'aontas Chríost agus na hEaglaise de chonradh na lánúine. Deonaigh go gcuirfidh do shearbhóntaí A. agus A. i ngníomh gan staonadh gach a gcuireann an creideamh i dtuiscint dóibh inniu. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Uile:                Amen

Gnás an Phósta
Seasann an lánúin agus gach duine i láthair. Beannaíonn an sagart don lánúin.

Beannú
A chlann dhílis Dé, tá sibh tar éis teacht go dtí an eaglais seo chun go mbuailfeadh Dia séala naofa bhur ngrá i láthair an tsagairt agus an phobail seo. Is cuing naofa é an pósadh Críostaí agus cuireann sé bláth ar an ngrá nádúrtha. Ceanglaíonn sé orthu siúd a bhíonn páirteach ann bheith dílis dá chéile go deo. Bunaíonn sé eatarthu ceangal a mhaireann ar feadh a saoil agus nach féidir a bhriseadh. Éilíonn sé go mbeadh grá agus meas acu ar a chéile, (go nglacfaidís ó Dhia le cibé leanaí a bhronnfadh sé orthu agus go dtógfaidís iad i ngrá Dé). Mar chabhair dóibh ina bpósadh dáiltear ar an lánúin grásta buanseasmhach na sacraiminte.
An é sin an tuiscint ata agaibh ar an bpósadh?
Orla agus Paul: Is é.

Dearbhú Toilteanais
Tugann an sagart cuireadh don lánúin a thabhairt le fios go bhfuil siad toilteanach dá chéile.
Sagart: Tugaim cuireadh daoibh dearbhú os comhair Dé agus na hEaglaise gurb é bhur dtoil é go ndéanfaí fear céile agus bean chéile díbh.
Orla, an toil leatsa bheith i do bhean chéile agamsa?
Orla: Is toil. Paul, an toil leatsa bheith i do fhear chéile agamsa?
Paul: Is toil. Glacaim leat mar bhean chéile agus bronnaim mé féín ort mar fhear chéile ~
Orla: Glacaim leat mar fhear chéíle agus bronnaim mé féin ort mar bhean chéíle ~
ag breith greim láimhe ar a chéile dóibh deir siad:
~ chun grá a thabhairt dá chéile go dílis,
más fearr sinn, más measa,
más saibhir, más bocht,
más tinn, nó más slán,
go scara an bás sinn (nó: gach lá dár saol)

Sagart: An ní a cheanglaíonn Dia, ná scaoileadh duine é. Go neartaí Dia leis an toil atá tugtha agaibh dá chéile agus go mbronna sé go fial oraibh a bheannacht.

Beannú na bhFáinní

Sagairt: Beannaigh Paul agus Orla, a Thiarna, agus déan a saol pósta a choisreacan. Go raibh an fánne (na fáinní) seo mar chomhartha ar a ndílseacht agus go gcuire se (siad) i gcuimhne dóibh a ngrá dá chéíle. Trí Chríost ár dTiarna.
Orla agus Paul: Amen
Cuireann an fear fáinne na mná ar a fáinneog. Ní miste dó a rá:
Orla, caith an fáinne seo mar chomhartha ar ár ngrá agus ar ár ndílseacht. In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
Ní miste don bhrídeog fáinne an fhir a chur ar a fháinneog siúd. Ní miste di a rá:
Paul, caith an fáinne seo mar chomhartha ar ár ngrá agus ar ár ndílseacht. In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
Ní miste don fhear ór agus airgead a thabhairt dá bhean chéile, á rá:
Paul:    Tugaim duit an t-ór agus an t-airgead seo, comharthaí ar mo mhaoin shaolta uile.
Ní miste don brideog ór agus airgead a thabhairt dá fear céile, á rá:
Orla:    Tugaim dhuit an t-ór agus an t-airgead seo, comharthaí ar mo mhaoin shaolta uile.

Gui an Phobail
(Tar eis gach paidir)
L:                     A Thiarna, eist linn.
Uile:                A Thiarna, bi ceansa agus eist linn.

Liotuirge na hEocairiste

Iomann Ofrála

(Mura gcantar iomann ofrála, deir an sagart: )

Sagart:              Is beannaithe thu a Thiarna, a Dhia na cruinne, mar gur bhronn tu orainn an t-arán seo a ofrálaimid duit. An talamh agus saothar an duine a thugann e mar thoradh agus deanfar de arán na beatha duinn.

Uile:                Moladh go deo le Dia.
Sagart:              Tri rundiamhair an uisce agus an fhiona seo, go ndeantar pairteach sinn i 
                        ndagacht an te sin a dheonaigh a bheith páirteach inár ndaonnacht. Sagart:              Is beannaithe thu, a Thiarna, a Dhia na cruinne mar gur bhronn tu orainn an 
                        fion seo a ofrálaimid duit. An fhiniuin agus saothar an duine a thugann e mar 
                        thoradh, agus deanfar de deoch spioradálta duinn.
Uile:                Moladh go deo le Dia.
Sagart:              Tagaimid i do láthair, a Thiarna Dia, le homos agus le doilios croi; go mb’fhiu 
                        leat ar an ábhar sin glacadh leis an iobairt seo a ofrálaimid duit inniu.
Sagart:              Nigh mo chionta diom, a Thiarna, agus glan diom mo pheaca. Sagart:              Guigi, a bhráithre, go nglaca Dia an tAthair uilechumhachtach leis an iobairt 
                        seo uaimse agus uaibhse.
Uile:                Go nglaca an Tiarna leis an iobairt seo o do lámha chun onora agus 
                        gloire a ainm, agus chun sochair duinne agus dá NaomhEaglais uile.

Os Cionn na nOfrálacha

Sagart:            A Thiarna go ndeana an iobairt seo a ofrálaimid chun gloir d’ainm sinn a 
                        ghlanadh, agus go dtuga si sinn nios mo faoi reim na beatha o neamh. Sin é 
                        ár ngui chugat trí Chriost ár dTiarna.
Uile:                Amen.

An Phaidir Eocairisteach

An Phreafáid

Sagart:              Go raibh an Tiarna Libh.
Uile:                Agus leat féin.
Sagart:              Tógaigí bhur gcroíche in airde.
Uile:                Tá siad tógtha in airde chun an Tiarna againn.
Sagart:              Gabhaimis buíchas leis an Tiarna Dia.
Uile:                Is ceart agus is cóir sin.

Is ceart agus is cóir dúinn, go deimhin, is cuí agus is tairbheach, buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach áit, a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí.
           
Óir ghráigh tú an domhan le trócaire chomh mór sin gur sheol tú do Mhac chugainn mar Shlánaitheoir. Ba é do thoil go mbeadh sé ar aon dul linne, ach gan smál peaca, le go mba ghean leat ionainne gach ar ghean leat ann. Chailleamar tabhartais do ghrásta trínár n-easumhlaíocht, ach ghnóthaigh umhlaíocht do Mhic ar ais dúinn iad.
           
Uime sin, a Thiarna, mar aon leis na hAingil agus leis na Naoimh go léir, molaimid thú agus deirimid le mórtas.
Is naofa, naofa, naofa thú, a Thiarna Dia na slua.
Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir.
Hósanna sna harda.
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna.
Hósanna sna harda.
 

Paidir Eocairisteach 3

A Thiarna Dia, is tú amháin is naofa. Gach ar chruthaigh tú molann siad thú mar is dual duit. Déanann tú gach rud a bheochan agus a naomhú, le cumhacht an Spioraid Naoimh, trí do Mhac, ár dTiarna, Íosa Críost, agus bíonn tú de shíor ag bailiú pobal chugat féin, ionas go mbeadh íobairt ghlan á hofráil do d’ainm, ó éirí go luí na gréine. Impímid go humhal ort, dá bhrí sin, a Thiarna, na tabhartais seo atá tugtha i do láthair againn le coisreacan duit a naomhú tríd an Spiorad céanna, ionas go ndéanfaí díobh Corp agus + Fuil do Mhic, ár dTiarna, Íosa Chríost; mar is le hordú uaidh a cheiliúraimid na rúndiamhra seo. An oíche ar tugadh suas é thóg sé an t-arán, ghabh sé buíochas leat, thug moladh, bhris an t-arán agus thug dá dheisceabail é á rá:

GLACAIGÍ AGUS ITHIGÍ UILE É SEO;
ÓIR IS É SEO MO CHORP
A THABHARFAR AR BHUR SON.

Ar an gcaoi chéanna, tar eis an tsuipéir, thóg sé an chailís, ghabh se buíochas leat arís, mhol thú, agus thug dá dheisceabail i, á rá:

GLACAIGÍ AGUS OLAIGÍ UILE AISTI SEO;
ÓIR IS Í SEO CAILÍS MO CHUID FOLA,
FUIL AN NUATHIOMNA SHÍORAÍ.
DOIRTFEAR Í AR BHUR SON AGUS
AR SON AN CHINE DHAONNA
CHUN MAITHIÚNAS NA bPEACAÍ.
DÉANAIGÍ É SEO I gCUIMHNE ORMSA.

Sagart:              Fógraímis rúndiamhair an chreidimh.
Uile:                A Íosa, fuair tu bás ar ár son.
                       
D’éirigh tú ó na mairbh.  Tiocfaidh tú arís.

Dá réir sin, A Thiarna Dia, Cuimhnímid ar pháis do Mhic a shlánaigh sinn, ar a aiséirí glórmhar agus ar a dheascabháil chun na bhflaitheas. Agus ofrálaimid duit, mar chomhartha buíchais, an íobairt bheo naofa seo, agus sinn ag feitheamh go muiníneach lena theacht athuair. Féach anuas, impímid ort, ar íobairt na hEaglaise: Is eol duit gurb é seo an Chríost céanna, ar ghlac tú lena bhás in éiric ár bpeacaí. Tabhair dúinn, dá bhrí sin, go líonfar den Spiorad Naomh sinne atá dar gcothú le Corp agus le Fuil do Mhic, agus go ndéantar dínn aon chorp amháin agus aon spiorad amháin i gCriost. Go ndéana seisean dínn tabhartas foirfe sioraí duitse, a Dhia, ionas go n-éireoidh linn an oidhreacht a bhaint amach i gcuideachta na naomh: sa chéad áit, an Mhaighdean Bheannaithe, Muire Máthair Dé, d’Aspail naofa agus do Mhairtírigh ghlórmhara, Naomh Ainm agus na naoimh uile. Ta lánmhuinín againn as an idirghuí a dhéanann siad go buan os do chomhair. An íobairt seo a thugann sinn chun athmhuintearais leat, go dté sí chun síochána agus chun slánaithe don domhan uile, impímid ort, a Thiarna. Neartaigh d’Eaglais, ar a hoilithreacht ar talamh, i gcreideamh agus i gcarthanacht mar aon le do sheirbhíseach, ár bPápa Ainm, lenár nEaspag Ainm, leis na heaspaig agus leis an gcléir uile, agus leis an bpobal uile atá roghnaithe agat. Tabhair aird go ceansa ar mhianta an teaghlaigh atá anseo i do láthair de réir do thola féin. A Athair na trócaire, ceangail leat féin do chlann uile, cibé áit a bhfuil siad scaipthe.
           
Lig isteach go geanúil i do ríocht ár muintin atá marbh agus gach duine atá imithe as an saol seo faoi do ghnaoi. Is é ár ndóchas go mbeimidne ina gcuideachta siúd ionas go mbainfimid aoibhneas as do ghlóir, i dteannta a chéile go deo, trí Chríost ár d’Tiarna trína mbronnann tú gach maitheas ar an saol.
           
Is tríd, agus leis, agus ann a thugtar gach onóir agus glóir duitse, a Dhia an tAthair uilechumhachtach mar aon leis an Spiorad Naomh, trí shaol na saol.
Uile:                Amen.

Deasghnátha na Comaoineach

Sagart:              Guímis chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh:

S.&Uile:          Ár nAthair atá at Neamh,
go naofa d’ainm, go dtaga do ríocht,
go ndéantar do thoil ar an talamh,
mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha,
mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin,
agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.

Sagart:              Saor sinn ó gach olc, impímid ort, a Thiarna. Tabhair dúinn síocháin lenár linn, ionas go mbeimid, le cabhair do thrócaire, saor ón bpeaca i gcónaí agus slán ón uile bhuairt agus sinn ag súil go lúcháireach le teacht ár Slánaitheora, Íosa Críost.

Uile:                Óir is leatsa an ríocht agus an chumhacht agus an ghlóir trí shaol na saol.

Sagart:             A Thiarna Íosa Críost, a dúirt le d’Aspail: Fágaim síocháin agaibh, tugaim daoibh mo shíocháin: ná féach ar ár bpeacaine ach ar chreideamh d’Eaglaise. Tabhair síocháin di agus aontaigh í ina chéile, faoi mar is toil leat féin, tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.

Uile:                Amen.
Sagart:             Síocháin an Tiarna libh i gcónaí.
Uile:                Agus leat féin.
Sagart:             Cuirigí in iúl dá chéile go bhfuil síocháin eadraibh.
Sagart:             An cumasc seo de Chorp agus d’Fhuil ár dTiarna, íosa Críost, go dtuga sé an 
                        bheatha shíoraí dúinne a ghlacann é.
Uile:                A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn,
                        A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn,
                        A Uain Dé, a thógann peacaí an domhain, tabhair dúinn síocháin.
Sagart:             A Thiarna Íosa Críost, Mac Dé bheo, thug do bhás beatha don domhan le 
                        toil an Athar agus le cabhair an Spioraid Naoimh. Saor mé ó mo pheacaí 
                        uile, agus ó gach urchóid, trí do Chorp agus d’Fhuil naofa. Tabhair dom cloí i 
                        gcónaí le d’aitheanta agus ná lig dom scaradh leat choíche.
Sagart:             Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. 
                        Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.
S.&Uile          A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal 
                       agus leigheasfar m’anam.

Loinneog don Chomaoíneach

Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna; is aoibhinn don fhear a thriallann chuige.

Iargomaoineach

A Thiarna, dhil tú ollmhaitheasaí iontacha orainn san Aifreann seo. Deonaigh, impímid ort, go gcuirfimid fáilte i gcónaí roimh do ghrásta slánaitheach agus nach rachaidh aon stad orainn ach do do mholadh de shíor Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Uile:                Amen.

Deasghnatha Deiridh  
Sagart:              Go raibh an Tiarna libh.
Uile:                Agus leat féin
Sagart:              Go mbeannaí Dia uilechumhachtacch sibh, + Athair, Mac agus 
                        Spiorad Naomh

Uile:                Amen.
Sagart:              Tá an tAifreann thart. Imgí faoi shíocháin.
Uile:                Buíochas le Dia.

Barr