Má tá tú ag tógáil Clainne le Gaeilge bíodh Comhluadar agat!

    Go to the English version.

Gaeilge sa bhaile?

An bhfuil Gaeilge á labhairt sa bhaile?
Má tá, níl tú leat féin; tá Comhluadar ann le tacú leat.
clann
líne
múnteoir

Comhluadar?

Bunaíodh an eagraíocht Comhluadar i 1994 le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Tá teaghlaigh á gclárú ag Comhluadar chun grúpaí áitiúla a bhunú ar fud na tíre.
líne

Tá Comhluadar ann duitse...

Nuair a chláraíonn tú le Comhluadar tá tú ag oscailt doras nua cumarsáide duit féin agus do do chlann.

Is cuma cá bhfuil sibh in bhur gcónaí, cén líofacht atá agaibh, nó cén t-aoisghrúpa ina bhfuil sibh, tá fáilte romhaibh teacht i gComhluadar linn.

múinteoir
líne

Cuireann Comhluadar tacaíocht ar fáil mar seo a leanas:

Seirbhísí Eolais agus Comhairleacha

Ceist agat? Comhairle nó eolas uait? Beimid in ann freagraí a thabhairt duit agus ár dtaithí a roinnt leat, nó tú a threorú i dtreo na foinse eolais cuí.

Teaghlaigh a Chur in Aithne dá Chéile

Beidh deis agat aithne a chur ar dhaoine eile i do cheantar atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge freisin. Is iomaí cairdeas a bhunaítear i gComhluadar -- cairdeas idir tuismitheoirí agus idir páistí.

Ócáidí Sóisialta agus Oideachasúla

I rith na bliana, tugtar cuireadh do thuismitheoirí agus do pháistí teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí -- mar shampla, cóisirí, ceardlanna, imeachtaí, turais, taispeántais, srl. Gliondar orainn go mbíonn Gaeilge líofa ag Daidí na Nollag!

Seirbhísí trí Ghaeilge a éileamh

Guth aontaithe sinn ar mhaithe le cearta teaghlaigh Ghaeilge i gás seirbhísí riachtanacha poiblí, mar shampla, síceolaithe le Gaeilge, srl. Tugaimid cúnamh freisin seirbhísí riachtanacha eile, ar nós feighlithe, a aimsiú.
líne

Tuilleadh eolais uait?

Más spéis leat clárú linn nó tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil linn ag:

Máiréad Uí Dhomhnaill
Comhluadar
19, Bóthar na Faiche
An Charraig Dhubh
Co. Bhaile Átha Cliath
Fón & Facs : +353 1 288-5894

Máire Ní Scannláin
Comhluadar
45, Sráid Molaga
Cloch na Coillte
Co. Chorcaí
Fón Póca: +353 87 230-3289

Ríomhphost: comhluadar@eircom.net
Idirlíon: http://homepage.eircom.net/~comhluadar/


ImeachtaíÁiseannaSláinte


HTML le
EGT
1999-11-13
Dearadh le