EAGARFHOCAL

Bunaitheoir Choláiste na bhFiann, Domhnall Ó Lúbhlaí

cuisle

Litreacha

Cuirfear fáilte roimh litreacha ónár léitheoirí. Foilseofar cuid de na litreacha sa chéad eagrán eile de Cuisle.

Cuisle

An tEastát Tionsclaíochta, Casla, Co na Gaillimhe.

Teil: 091 572077. Facs: 091 572 076. Ríomhphost: cuisle@tinet.ie

 

 

EAGARFHOCAL

Domhnall Ó Lúbhaí: ní leor do ‘chloigeann a choinneáil síos’

 

SCÉAL MÓR i mbéal phobal na Gaeilge faoi láthair is ea na líomhaintí maidir le mí-úsáid gnéis ar pháistí a d’fhreastail ar choláistí samhraidh de chuid Choláiste na bhFiann tráth (féach leathanach xx).

Is díol imní iad na líomhaintí do thuismitheoirí ar fud na tíre a chuir a gcuid páistí chuig na coláistí samhraidh seo, agus chuig coláistí samhraidh eile, i rith na mblianta.

Tá imní ar lucht na gcoláistí samhraidh trí chéile faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a leithéid de líomhaintí ar mheon an phobail i leith na gcoláistí. Sa chomhthéacs seo, is mairg nach bhfuil tada le rá ag Domhnall Ó Lúbhlaí faoin scéal.

Is mairg mar gurbh é Domhnall Ó Lúbhaí a bhunaigh Coláiste na bhFiann tríocha bliain ó shin i 1968. Ar feadh i bhfad ba é Domhnall Ó Lúbhaí Coláiste na bhFiann agus ba é Coláiste na bhFiann Domhnall Ó Lúbhaí.

Níl aon fhear beo i saol na Gaeilge is mó a chuaigh i gcion ar aos óg na tíre le daichead éigin bliain. Ó na 1950í ar aghaidh, nuair a thosaigh sé ag plé le scoláireachtaí trí mhí Ghael-Linn, bhí tionchar mór aige ar na mílte buachaillí is cailíní óga. Chuaigh feabhas a chuid múinteoireachta i bhfeidhm orthu nuair a tháinig siad ina sluaite bliain i ndiaidh bliana le freastal ar choláistí samhraidh Choláiste na bhFiann. Spreag sé dílseacht neamhghnáthach ina measc le cumhacht a phearsantachta agus lena theachtaireachtaí láidre réabhlóideacha faoin tír agus faoin teanga.

Ní i gColáiste na bhFiann amháin a bhí tionchar aige ar dhaoine, áfach. Chuaigh sé i gcion ar na céadta gasúr scoile le linn a thréimhse mar mhúinteoir Gaeilge i gColáiste Chillian i gCluain Dolcáin agus i scoileanna eile sa cheantar – Moyle Park College agus Dean’s Park Community College. Tá cuimhne ag go leor iarscoláirí dá chuid ar an gcur chuige beoga, paiseanta – agus, in amantaí, borb – a bhíodh aige sa seomra ranga.

Slat tomhais amháin ar an gcaoi ar éirigh leis dul i bhfeidhm ar dhaoine ná gur chuir suas le hochtar Rúnaithe Ranna Rialtais a gcuid gasúr féin chuig Coláiste na bhFiann. D’éirigh leis tacaíocht a fháil ó pholaiteoirí sinsearacha ar nós Mháire Geoghegan-Quinn, Phádraig Flynn agus Albert Reynolds: chuir cuid acu a gcuid gasúr chuig Coláiste na bhFiann chomh maith.

Sa chomhthéacs seo ar fad, is mairg nach bhfuil Ó Lúbhlaí sásta aon rud a rá – go háirithe leis na hógánaigh a ghlac treoir uaidh tráth.

Le tamall anuas tá sé ina chónaí leis féin in árasán i lár tíre. Nuair a ghlaoigh Cuisle air dúirt sé go raibh sé ag obair ar dhá leabhar, ceann ar stair na teanga agus ceann ar mhúineadh na Gaeilge.

Dhiúltaigh sé agallamh a thabhairt dúinn faoina shaol mar cheannródaí ar ghluaiseacht na Gaeilge. Dhiúltaigh sé aon cheist a fhreagairt ná aon tuairim a nochtadh maidir leis na líomhaintí. "Tá sé chomh maith agam coinneáil leis an rud a gheall mé dhom fhéin agus an cloigeann a choinneáil síos," a dúirt sé.

Ní leor seo. In am seo na héiginnteachta do Choláiste na bhFiann, do na coláistí samhraidh trí chéile, don chúis ar chaith sé a shaol ag plé leis – athréimniú na teanga – ní leor an tost a thuilleadh.

Tá focail de dhíth, a Dhomhnaill. Tá ceisteanna go leor á gcur ag na buachaillí agus ag na cailíní a mhúin tú, agus ní bheidh siad sásta go dtí go bhfreagróidh tú na ceisteanna sin.

In ainm gach a gcreideann tú ann, labhair linn, scríobh chugainn, cuir facs chun bealaigh. Foilseofar aon litir a chuireann tú chugainn focal ar fhocal, nó déanfar cur síos beacht agus iomlán ar aon agallamh a thugann tú dúinn. Ní dhéanfar aon athrú ach amháin ar chomhairle dlí.

Idir an dá linn, tá ceisteanna go leor eile le freagairt ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus ag an Roinn Oideachais – an dá roinn a bhíonn ag plé leis na coláistí samhraidh.

An bhfuil siad sásta go bhfuil cód cleachtais agus córas monatóireachta cuí i bhfeidhm ag gach aon choláiste samhraidh sa chaoi is gur féidir le tuismitheoirí muinín iomlán a chur iontu an samhradh seo chugainn? Céard iad na céimeanna atá á mbeartú acu lena chinntiú go mbeidh an muinín sin ann?

Faoi láthair ní chuirtear na ceisteanna seo ach os íseal. Faoi cheann roinnt míonna, áfach, tá seans ann go mbeidh chuile nuachtán sa tír ag cur na gceisteanna céanna.

 

 

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna