Blianta deiridh na Briotáinise

 

Chaith Diarmuid Johnson an samhradh ar thóir na Briotáinise. Seo léargas ar a bhfaca sé.

 

PARÓISTE BEAG TÍRIÚIL atá sa Chapel Nevez (an ‘Séipéal Nua’), coillte Beffou agus Coat an Noz láimh leis ó thuaidh, baile Callac teorannach leis ó dheas. Tuairim agus ceithre chéad is daonra dó, feirmeoirí a bhformhór, cuid acu ar phinsean. Ach oiread le paróiste ar bith ó Paimpol soir ó thuaidh go Quiberon siar ó dheas, 200 míle bóthair, ba í an Bhriotáinis teanga na ndaoine ann go dtí an dara cogadh domhanda.

Is beag de mhaoin an tsaoil a bhí ag muintir Ar Chapel Nevez roimh theacht don saol nua. Tithe fada aonstóir ba dhídean dóibh, cisteanach mhór ocht méadar faoi chúig iontu, agus lota in uachtar le harbhar a stóráil. Simléir mór sa mbinn: dóití adhmad ann agus réitítí na béilte ann. Bord agus dhá bhinse fada i lár báire, leaba agus doras uirthi i dtóin an tí. Bhíodh cró na mbeithí faoin díon céanna, ach doras eile le dul isteach ann, an cró ar aon mhéid leis an gcisteanach, ionas gur teach fiche slat ar fhaid a bhí ann, tiumhas na mballaí san áireamh.

Tá foinse trí abhainn i gceantar Ar Chapel Nevez. Ina measc tá an Blavet, abhainn a théann i bhfarraige céad míle ó bhaile i Lorient, leathchúpla na Gaillimhe. Níl aon deis iascaigh san áit, ná deis bádóireachta, agus níl de shruth ann ach a gcoinníonn uisce leis an dá mhuileann bheaga, Milin al Lan agus Moulin de Guernoquin.

Athrú teangan

Tharla athrú teangan sa mBriotáin tar éis an dara cogadh domhanda, faoi mar a tharla in Éirinn tar éis an Ghorta Mhóir. Is sna caogaidí a tógadh an chéad ghlúin páistí le Fraincis i nGaeltacht na Briotáine. Ach tharla an t-athrú go mall in áiteacha. Sa Chapel Nevez, mar shampla, b’annamh an Fhraincis le cloisteáil go dtí na seachtóidí taobh amuigh de theach na scoile. Is cainteoirí Briotáinise atá ins go leor den ghlúin a tógadh ann sna seachtóidí.

Fágann sin go bhfuil Briotáinis líofa ag daoine atá tríocha bliain d’aois. Iad siúd a bhfuil an dá scór slán acu, tá Briotáinis ar a dtoil acu ar fad, agus go deimhin is í is ansa leo. An chuid sin den phobal atá os cionn leithchéad bliain d’aois, tharlódh gur beag Fraincis a chleacht siad i rith a saoil, agus maidir leis na glúnta is sine, tá daoine ina measc ar bheagán Fraincise.

Ní mór a rá go bhfuil daonra na háite ag dul in aois. Bíonn ar na déagóirí cónaí sna meánscoileanna i Morlaix, Guingamp agus Carhaix, agus scaoiltear an gad imleacáin ar an gcaoi sin. Chomh maith leis sin, tá na feirmeacha ag dul i méid, agus a líon ag dul i laghad, ionas gur mionlach i measc an phobail iad na daoine idir fiche agus ceathracha bliain d’aois.

Seo í an ghlúin is tábhachtaí ó thaobh a bhfuil i ndán. Seo mar atá acu: tá tuiscint mhaith ag a mbunáite ar an mBriotáinis. Ach is beag cainteoir Briotáinise faoi bhun tríocha bliain d’aois feasta. Níor aimsíos féin ach duine. Iad siúd atá idir scór go leith agus dhá scór, tá cainteoirí paiteanta ina measc, agus is í an Bhriotáinis a labhraíonn siad, agus tá tuilleadh fós a dhéanfadh comhrá i mBriotáinis leat, cé nach mbeadh acu ach roinnt nathanna de ghlanmheabhair.

I gcás na bpáistí agus na ndéagóirí de, tuigfidh cuid díobh seo roinnt Briotáinise, má tharlaíonn go gcaitheann siad dóthain ama i gcomhluadar na seandaoine. Níl oiread agus páiste ná déagóir amháin a labhraíonn Briotáinis, agus ní labhraítear Briotáinis leo.

Meath i ndán

I dtús na haoise, bhí líon na gcainteoirí Briotáinise ag tarraingt ar mhilliún. I bhfad faoi bhun a leath oiread atá anois ann, agus go leor de chainteoirí na linne seo, cleachtann siad an Fhraincis i saol na hoibre, agus ar an teallach. Faoi cheann dhá scór bliain, beidh dornán seandaoine sa Chapel Nevez fós ag labhairt na Briotáinise, faoi mar a bhí i roinnt iarGhaeltachtaí thall is abhus in Éirinn sna caogaidí. As seo go ceann dhá scór bliain, ní cosúil go saolófar cainteoir Briotáinise ar bith sa Chapel Nevez. Sin léargas ar chás aon pharóiste amháin. Is sampla atá ann – micreacosm – den rud atá ag tarlú go forleathan. Go deimhin, ní dhá scór bliain an fad saoil atá ag an mBriotáinis i gceantair go leor, ach scór.

Dóchas gan údar

Ainneoin sin is uile, tá an scéal amuigh sa mBriotáin go bhfuil léas dóchais ann. Ceaptar go bhfuil i ndán don oideachas an teanga a shlánú. Ní hé an t-oideachas stáit atá i gceist, ach an t-oideachas a chuireann eagras neamhspleách ar bun. Diwan (‘eascairt’) an t-ainm atá ar an eagras seo.

Bunaíodh Diwan i 1978, agus thosaigh siad ag cur scolaíochta ar naíonáin bheaga trí mheán na Briotáinise. De réir mar a chuaigh na naíonáin in aois, chuir Diwan oideachas trí Bhriotáinis ar fáil dóibh. Anuraidh, rinne cuid de scoláirí Diwan an bac (Ardteist) don chéad uair. Tá muintir na Briotáine ar fad ar an eolas faoi Diwan. Is é an port atá ag an ngnáthdhuine go bhfuil ag éirí thar barr le Diwan. Is trí na meáin chumarsáide a scaipeadh is a cothaíodh an smaoineamh seo. Déarfadh duine gur sárobair phoiblíochta a bhí ansin.

Ach déantar neamhaird ghlan de na staitisticí. Faoi bhun 2,000 páiste atá i scoileanna Diwan. Mún dreoilín sa bhfarraige. As seo go ceann leithchéad bliain, rachaidh os cionn ceathrú milliúin cainteoir Briotáinise chun na cille. Seans go dtiocfaidh méadú ar Diwan. Tagadh méadú deich n-uaire air, ní chuirfidh sin cosc ar mheath na Briotáinise. Ní hé gur éirigh go maith le poiblíocht Diwan: is amhlaidh a bhain na meáin chumarsáide cor as an scéal leis an meath a cheilt. D’éirigh leo bás teangan a chur ar chúl sceiche.

Ní miste fiafraí an bhfuil cosúlacht idir seo agus cás na ngaelscoileanna in Éirinn. Is fíor a rá go raibh oiread Gaeilge sa ngnáthbhunscoil tríocha bliain ó shin in Éirinn is atá sa ngnáthGhaelscoil inniu. Bhí líon mór foghlaimeoirí Gaeilge ann riamh, ach cén sciar díobh a thug an Ghaeilge leo? Tá líon na bhfoghlaimeoirí slán. Ní leor sin.

Painéal

Níl aon stádas oifigiúil ag an mBriotáinis i bPoblacht na Fraince. Níl léamh ná scríobh a dteanga dúchais ag na Briotáinigh. Baineann an teanga le haicme faoi leith: na feirmeoirí. Níl aon mheánaicme ghairmiúil a chleachtann an Bhriotáinis. Tuairim agus uair a’ chloig teilifíse in aghaidh na seachtaine a bhíonn i mBriotáinis. Cloistear gach lá ar an raidió í. Múintear an Bhriotáinis i ndornán beag scoileanna stáit (féach scéal Diwan thall), agus is ábhar roghnach breise í i meánscoileanna thall ‘s abhus. Is féidir céim ollscoile a dhéanamh i mBriotáinis ó 1989. Is mór idir Briotáinis na bhfoghlaimeoirí agus na gcainteoirí dúchais: is minic nach dtuigeann an dá dhream a chéile. Is í an Bhriotáinis an t-aon teanga Cheilteach atá fós á labhairt ar mhór-roinn na hEorpa. Tá sí á labhairt ann ón gceathrú haois i leith. Roimhe sin, bhí treibheanna Ceilteacha ag labhairt na Gaillise ó tuairim agus 500 roimh Chríost. De réir dealraimh, tá ré dhá mhíle go leith bliain ag druidim chun deiridh lenár linn féin.

 

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna