‘Rachadh sé chuig faoistin gach aon uair a rinne sé an mhí-úsáid gnéis. Thabharfadh an sagart maithiúnas dó agus deireadh sé leis gan é a dhéanamh arís’

‘Ar deireadh thiar thall deireadh an sagart leis dul chuig duine éigin eile mar nach bhféadfadh sé leanacht ar aghaidh ag tabhairt maithiúnais dó dá bpeacaí’

Fearg agus déistin ar phobal an bhruachbhaile

Le Caoimhe Young

TÁ POBAL láidir Gaeilge sa bhruachbhaile cathrach ina mbíodh cónaí ar an bhfear atá luaite leis na líomhaintí. Tá an pobal sin trína chéile go mór ó thosaigh eolas orthu ag gabháil thart sa cheantar. Is beag duine, áfach, atá sásta aon rud a rá go poiblí faoin scéal.

Dúirt iardhalta fir amháin dá chuid – duine a raibh cairdeas mór aige leis an bhfear agus meas as cuimse aige dó – go raibh iontas agus fearg mhór air faoi na líomhaintí.

"Níl mé in ann é a chreidiúint," a dúirt sé, ag caint i mBéarla dó. "Ní fhaca mé é le dhá bhliain anuas – ach ba bhreá liom teacht suas leis agus ceist a chur air céard a bhí ag dul trína cheann.

"An uair dheireanach a chonaic mé é bhí sé tar éis a bheith ag fulaingt leis an depression agus bhí sé an-tinn, mar sin chuaigh mé suas chuig an teach. Bhí ardmheas agam ar an bhfear i gcónaí agus tá sé seo tar éis an t-uafás a bhaint asam – agus as go leor daoine eile a chuir muinín ann.

"Seanchara scoile a d’inis an scéal dom agus dúirt sí liom gan aon iontas a bheith orm dá mbeadh aithne agam ar chuid de na daoine ar bhain sé dóibh. Thosaigh mé ag déanamh iarrachta cuimhneamh ar gach aon saghas ruda, féachaint ar chaill mé aon rud ba chóir dom a thabhairt faoi deara faoin gcaoi a raibh sé liomsa agus leis na leaids eile.

"Ach níor thug mé aon rud aisteach faoi deara ariamh agus ní dhearna sé aon iarracht ormsa ariamh.

"Thugadh sé grúpa againn leis go Muileann gCearr le haghaidh an deireadh seachtaine anois is arís. Ligeadh sé cead linn caitheamh sa charr agus cheap muide go raibh sé sin fíor-cool ag an am. Dá bhfaigheadh duine againn pionta i gceann de na pubanna áitiúla ligeadh sé air féin nach bhfaca sé tada – b’aoibhinn linn imeacht leis."

De réir an iardhalta seo, bhíodh cáil an fhoréigin ar an bhfear sa rang. "Ní bheadh sé de mhisneach ar éinne aon rud as alt a dhéanamh sa rang. Ba mhúinteoir an-dian é agus bhí a chuid tuairimí faoin gcreideamh an-diongbháilte."

Thug cara leis cuairt ar an bhfear nuair a scaipeadh an focal faoin bhfiosrú. "Ní raibh sé in ann é a chreidiúint – bhí air dul agus ceist a chur air suas lena bhéal.

"Níor shéan [an fear] gur bhain sé mí-úsáid gnéis as buachaillí óga.

Dúirt sé go rachadh sé chuig faoistin gach aon uair a rinne sé an mhí-úsáid gnéis. Thabharfadh an sagart maithiúnas dó agus deireadh sé leis gan é a dhéanamh arís.

"Ar deireadh thiar thall deireadh an sagart leis dul chuig duine éigin eile mar nach bhféadfadh sé leanacht ar aghaidh ag tabhairt maithiúnais dó dá bpeacaí dá leanfadh seisean ar aghaidh á ndéanamh.

"Mar sin, dhéanadh sé arís é agus ansin chuartódh sé sagart eile.

"Bhain sé mí-úsáid iomlán as an gcumhacht a bhí aige agus as an meas a bhí ag daoine air. Amantaí mothaím déistin agus fearg nuair a smaoiním faoi, agus amantaí eile bíonn trua agam dó."

Deir iardhalta mná dá chuid go bhfuil an-iontas uirthi faoin scéal. Ba dhuine cráifeach é a leag an-bhéim ar chúrsaí morálta ina chuid ranganna scoile.

"Ba bheag go mbrúdh sé a chuid tuairimí síos do scórnach. Díreach an gnáthrud – gan luí le duine roimh an phósadh agus mar sin de. Ach bhíodh sé fanatical mar gheall air," a dúirt sí, ag labhairt i mBéarla di.

"Nuair a chuala mé an nuacht i dtosach faoi na líomhaintí chuir mé síos air mar chúlchaint ghránna. Ach má léirítear go bhfuil sé ciontach beidh lucht na cúise sna scoileanna lánGhaeilge agus sna coláistí samhraidh gortaithe agus díomúch.

"Má thagann sé amach nach raibh sa rud ar fad ach brat folaigh dá ulterior motive agus dá shaol rúnda déistineach," a dúirt sí.

 

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna