Fearg agus déistin ar phobal an bhruachbhaile

 

 

Fiosrú ar mhí-úsáid gnéis ‘ag druidim chun deiridh’

Buille mór á thuar do na coláistí samhraidh

A detailed garda investigation into allegations of child sexual abuse in a number of Irish summer colleges has been completed, and a file will be sent to the Director of Public Prosecutions shortly. Uinsionn Mac Dubhghaill reports.

TÁ FIOSRÚCHÁN cuimsitheach na ngardaí faoi liomhaintí maidir le mí-úsáid gnéis ar pháistí i roinnt coláistí samhraidh "ag druidim chun deiridh", a deir foinsí éagsúla le Cuisle. Meastar go gcuirfear comhad chuig Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí go han-luath, ach ní fios go fóill cén uair a dhéanfaidh seisean cinneadh faoin scéal.

I láthair na huaire tá brú mór ar sheirbhísí dlí an Stáit mar gheall ar fhiosrúcháin éagsúla faoi líomhaintí tromchúiseacha i mórán réimsí den saol. Baineann cuid de na fiosrúcháin sin le líomhaintí gnéis ach baineann cuid eile le líomhaintí faoi choireanna eile. De bharr an bhrú oibre sin, d’fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh oifig an DPP in ann an comhad a phróiseáil go ceann i bhfad – ainneoin an raic a tharla cheana faoin moill ar chás an Athar Brendan Smyth.

Idir an dá linn, tá imní mhór ar lucht na gcoláistí samhraidh faoin tionchar a bheas ag an bhfiosrúchán – agus ag na scéalta éagsúla mar gheall air atá ag gabháil thart le tamall anuas – ar na coláistí an bhliain seo chugainn. Ceann de na tionscail is substaintiúla sa Ghaeltacht is ea iad; freastalaíonn suas le 23,000 páiste orthu gach samhradh agus meastar gur fiú £10 milliún iad d’eacnamaíocht na Gaeltachta gach bliain.

Má thógtar aon chás de bharr an fhiosrúcháin, beidh ceisteanna móra á gcur ag tuismitheoirí ar fud na tíre faoi cé chomh ‘sábháilte’ is atá na coláistí samhraidh. Léireoidh na meáin chumarsáide náisiúnta suim mhór sa scéal.

Tar éis an tsaoil, nuair a chuireann tuismitheoir buachaill atá ag teacht in inmhe fir – nó cailín atá ag teacht in inmhe mná – go dtí an taobh eile den tír ar feadh trí seachtainí sa samhradh bíonn imní air faoin méid a tharlaíonn ann. Cuireann na tuismitheoirí muinín sa dream a ghlacann a bpáistí ar lámh uathu, agus bíonn na caighdeáin chothabhála is airde á n-éileamh acu.

Líomhaintí tromchúiseacha maidir le gníomhaíochtaí éagsúla i ndornán coláistí samhraidh i rith tréimhse 30 bliain atá á bhfiosrú ag na gardaí. Is é an tAonad Foréigin Tí agus Ionsaithe Gnéis ag an gceannáras ar Chearnóg Fhearchair, Baile Átha Cliath, atá i mbun an fhiosrúcháin.

Tuigtear gur cuireadh tús leis an bhfiosrú mí Eanáir seo caite nuair a fuair feidhmeannach de chuid Choláiste na bhFiann gearán ó iardhalta. Cuireadh an gearán ar aghaidh chuig na gardaí. Ó shin i leith tá fiosrúchán cuimsitheach déanta ag na gardaí ar gach gné de shaol oibre an fhir atá luaite leis an ngearán. Ní ag díriú ar na coláistí samhraidh amháin atá na gardaí.

Tuigtear dúinn go bhfuil beagnach tríocha gearán eile déanta faoin am seo ag fir éagsúla, cuid acu atá sna tríochaidí anois. Cuireann siad i leith an fhir go ndearna sé ionsaithe gnéis orthu nó gur bhain sé mí-úsáid gnéis astu nuair a bhí siadsan ina mbuachaillí.

Seanduine anois é an fear seo, ach deirtear gur mhúinteoir cumasach a bhí ann tráth den saol. Tá sé scartha óna bhean agus é ina chónaí thíos faoin dtuath. Tá aithne ag cuid mhaith gaeilgeoirí air in iarthar Bhaile Átha Cliath agus in áiteanna eile ar fud na tíre de bharr a chuid oibre "ar son na cúise" i rith na mblianta.

Thar tréimhse de bhlianta, meastar gur fhreastail suas le 40,000 páiste agus déagóir ar na coláistí a raibh baint ag an bhfear seo leo. Dá bhrí sin, ba fhiosrúchán cuimsitheach agus leathan a chuir na gardaí ar bun in ionaid éagsúla ar fud na tíre.

 

 

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna