An Beal Beo

Antaine Ó Faracháin

Antaine o Farachain

 

 

 

 

"A chomharsannaí na gcarad . . ."

Is minic mé ag caint le daoine faoi amhráin agus á bplé agus á gcíoradh. Agus is minic freisin a mbíonn ceisteanna againn faoi seo nó siúd, faoi fhocal éicínt nó íomhá éicínt nó leagan áirid de véarsa nó rud éicínt eile mar sin. Ins an alt gáirid seo beidh mé ag caitheamh roinnt smaointí chugaibh faoin mbrí a bhainim féin as cuid de na hamhráin a chloistear.

Ba mhaith liom go n-oibreodh an t-alt seo mar fhóram díospóireachta agus mar fhoinse d’amhráin agus don seanchas atá taobh thiar díobh.

Seans go bhfuil amhrán áirid á lorg agat, nó b’fhéidir go bhfuil ceist agat faoi leagan áirid de, nó tuairimí agat faoi.

Tugann seanchas na n-amhrán tuiscint bhreise dúinn orthu agus ba dheas an rud é cuid den seanchas sin a bhailiú agus a inseacht arís. Má tá a leithéid agat féin ba bhreá liom cloisteáil uait.

Le tús a chur le rudaí seo amhrán anois a thaitníonn le go leor leor daoine, Cúirt Bhaile Nua. Ní féidir liomsa smaoineamh ar an amhrán seo gan smaoineamh freisin ar Threasa Ní Mhiolláin as Inis Mór. Tá a stampa féin curtha aici air. Má tá tú ag iarraidh amhráin ins an stíl dhúchasach a fhoghlaim ba dheacair ceann níba fheiliúnaí a phiocadh le tosnú air.

 

Cúirt Bhaile Nua

Lá breá dár éiríos ar maidin,
Ag triall dhom ar Chúirt Bhaile Nua.
Cé a d'fheicfinn ach mo Neilí 's í ag gabháil tharam,
'S ba ró-dheas a leagan 's a snua.

Bhí a grua bán níba ghile ná an eala,
'S ná sneachta mín éatrom an lae.
'S a stóirín nach trua leat mo chás-sa,
Mar is lag lúbach a d'fhág(a) tú mé.

'S tá teaichín deas gleoite sa ngleann a'm,
Agus bím ann go huaigneach liom féin,
'S dhá dtiocfadh mo Neilí ar cuairt a'm,
Thabharfainn póigín deas milis dá béal.

'S nach iomaí cailín óg deas a chraithfeadh lámh liom,
'S a thiocfadh sa teach a'm le mí,
Ach dhá bhfaighinnse leo ór buí agus diamonds,
'Sí Neilí atá i gceartláir mo chroí.

'S cén t-iontas dhá lasfadh an talamh,
'S cén t-iontas dhá mbrisfeadh mo chroí,
Cén t-iontas do mo shúile a bheith leáite,
'S a liachtaí deoir a shil siad le mí.

'S tá mise tinn brónach le fada,
Deir mo mhuintir gur athraigh mo shnua,
Ag dearcadh go géar ar an gcailín,
Atá ina cónaí i gCúirt Bhaile Nua.


Ach brón ar an té nach mbíonn críonna,
'S nach ndéanann gach ní mar ba chóir,
Mar is mise mé féin a bhí ciontach,
Nach ndeachaigh mé in am faoina comhair.

Agus thabharfainnse cáil agus cliú di,
Ach níl goir a'm labhairt léi níos mó,
'S go siúlfainn seacht ríochta na hÉireann,
Leis an bpéarla atá i gCúirt Bhaile Nua.

 

Tá scéal an amhráin an-soiléir, le pictiúr i ngach véarsa – rud a chabhraíonn linn cuimhneamh orthu. Úsáidtear an fhuaim "ú" do na focail "snua" "shnua" "mó" agus "nua" chun an rím a choinneáil slán.

Deirtear go bhfuil Cúirt Bhaile Nua i gCondae Mhuigh Eo. Má tá tú ag iarraidh éisteacht le Treasa Ní Mhiolláin dhá chasadh tá sé ar fáil ar An Clochar Bán, Cló Iar-Chonnachta CIC 022, agus ar chéirnín a tháinig amach blianta ó shin dar teideal Amhráin as Árainn agus as Conamara, Gael-Linn CEF 038. Casann Micheál Ó Seighin leagan eile de agus úsáideann sé an fonn a úsáidtear do Bean a’ Leanna i gConamara.

Is minic téamaí áirid nó íomhánna áirid ag teacht aníos sna hamhráin mar shampla: "Deir mo mhuintir gur athraigh mo shnua." (Breathnaítear ar an ngrá mar ghalar a chuireann tinneas ar an duine.) Nó: "Mar is mise mé féin a bhí ciontach / Nach ndeachaigh mé in am faoina comhair." (For courting too slowly . . .)

 

Más mian leat ábhar a chur faoi bhráid Antaine nó ceist a ardú leis faoina bhfuil ráite, cuir ríomhphost chuige ag cuisle@tinet.ie nó seol nóta isteach chuige faoi chúram Cuisle, An tEastát Tionsclaíochta, Casla, Co na Gaillimhe

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna