Oíche Shamhna san Afraic

Fadó riamh, nuair a bhí Rua ina leon beag san Afraic, chuaigh sé ag baint chnónna i gcóir oíche Shamhna. Chuir sé air a chuid buataisí, mar bíonn puiteach sa gcoill, agus chuir sé mála timpeall a mhuinéil.

"Cá bhfuil tú ag dul, a Rua?" arsa Deaide Rua.

"Ó, chuig an gcoill," arsa Rua.

"Céard atá uait sa gcoill?"

"Tá mé ag iarraidh cnónnaí a bhaint," arsa Rua. "Anocht oíche Shamhna."

"Cén fáth a bhfuil cnónna uait?" arsa Deaide Rua, "is leon tú, is ní itheann na leoin cnónna."

Ba chuma le Rua, mar bhí sé tuirseach ag ithe feola, agus d’imigh sé leis. Ní raibh sé leis féin sa gcoill riamh: coill mhór dhorcha . . . cá cá – bhain na préacháin geit as – cá bhfuil tú ag dul?

Níor thug Rua aon aird ar na préacháin. Bhailigh sé lán mála cnónna chomh tapaidh is a bhí sé in ann, agus abhaile leis.

"Céard a dhéanfaidh mé le mo chuid cnónnaí?" arsa Rua, nuair a bhí na cnónna faoin leaba aige. "Íosfaidh mé anocht iad nuair a bheidh Mamaí is Deaide ina gcodladh," ar sé.

Téann na leoin a chodladh luath san Afraic, oíche Shamhna fiú. Bhí a chodladh ag titim ar Rua freisin, ach smaoinigh sé ar na cnónna blasta . . .

Nuair a bhí an ghealach go hard sa spéir, agus gan oiread is seangán ina dhúiseacht san Afraic, thóg sé amach an mála: bhí sé folamh! Phreab a chroí.

Líon na deora a dhá shúil.

Ach is leon beag stuama é Rua. "Muna bhfuil mo chuid cnónnaí faoin leaba, tá siad in áit éigin eile," ar sé. Ach cén áit? Tharraing sé siar na braillíní. Bhreathnaigh sé faoin bpiliúr. Chuaigh sé isteach faoin leaba. Bhí mála eile faoin leaba. Agus is ann a bhí na cnónna. Rua bocht, bhreathnaigh sé sa mála mícheart an chéad uair!

Nuair a d’éirigh Rua ar maidin, bhí Mamaí agus Deaide ina suí ag an mbord. "Tá do chuid cócó réidh," arsa Mamaí. Shuigh Rua síos, ach níor ól sé ach leath a chuid cócó.

"Céard atá ort?" arsa Mamaí, "an é nach bhfuil ocras ort?"

"Tá mo bholg tinn," arsa Rua. Agus bhí . . . bhí lán mála cnónna ite aige!

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna