Camchuairt Chonamara

 

Tim Robinson

 

 

 

 

Continuing our series on Connemara placenames, Tim Robinson gets his boots wet in a Rosmuc turlough

 Leagan Gaeilge le Bridget Bhreathnach

 

TURLACH IS ainm don bhaile atá suite idir Doire Iorrais agus Rosmuc, agus is é a bhí faoi chaibidil agam san alt deiridh. Bíonn cur síos míchruinn sna leabhra geolaíochta agus tíreolaíochta ar an bhfocal ‘turlach’: tugann siad le fios gur ‘tur’ ‘tirim’ agus ‘loch’ atá ann, ach níl sa siolla deiridh ach iarmhír, rud is léir ar na logainmneacha, Baile an Turlaigh, cuir i gcás.

Is éard is turlach ann áit a thriomaíonn tar éis dó a bheith faoi uisce. Is i ndeisceart na Gaillimhe agus i gceantair aolchloiche eile is mó a bhíonn turlaigh le feiceáil, áit a mbíonn réimsí leathana uisce ag teacht chun follais nó ag dul ó léargas de réir mar a bhíonn leibhéal uisce na talún faoin leic scoilte ag éirí nó ag titim.

Na turlaigh seo a mbíonn lusra agus ainmhithe faoi leith iontu, is beag díobh taobh amuigh d’Éirinn, agus ar an gcúis seo ghlac lucht eolaíochta ar fud an domhain leis an bhfocal Gaeilge. (Tá dhá fhocal Gaeilge eile ann a bhíonn sna leabhra geolaíochta: droimlín – cnocán mín a bhfuil dríodar ón sruth oighre ann, agus eiscir – iomaire ghraibhéil, cor agus casadh ann, áit a raibh grinneall abhann faoin leac oighre fadó.)

Cé go bhfuil spéis ag daoine ar fud an domhain sna gnéithe aiceanta seo, in Éirinn déanann muid iad a scrios le cairéalú agus draenáil.

Ach cén fáth ar tugadh An Turlach ar an mbaile seo siar ó Ros Muc? Deirtear liom gur tagairt atá ann don loch taobh le Teach an Phiarsaigh, ach sin loch nach dtriomaíonn. D’fhéadfadh sé go mbíodh breis tuile mórthimpeall air sa ngeimhreadh fadó, ach níl aon turlach i gceantar eibhir dheisceart Chonamara inchurtha le fíorthurlaigh na gceantar aolchloiche.

Aisling gheal

Tá an loch seo buailte ar cheann de shuíomhanna tábhachtacha náisiúnachas na hÉireann, suíomh Theach an Phiarsaigh, rud a chuireann aisling Ghaelach i gcuimhne do dhuine.

Teaichín aoldaite ceann tuí ar chnocán ar bhruach an locha atá ann. Cheannaigh an Piarsach an giodán talúna seo i 1905 agus tógadh a theach samhraidh ann i 1910. Dhóigh na Black and Tans an teach i 1921 le díoltas a bhaint amach do Luíochán na Scríbe. Ba le máistir scoile ón áit an teach an t-am sin, agus rinne sé é a athogáil i 1924. Tháinig an teach faoi chúram Choimisinéir na nOibreacha Poiblí i 1943, cuireadh an troscán cuí ann, agus coinnítear anois é i gcuimhne ar an té – cuairteoir aduain – a chaitheadh an samhradh i Rosmuc seachtó bliain ó shin.

Cnocán an Phiarsaigh atá ar an áit a bhfuil an teach; deirtear liom gur anseo a shuíodh sé lena chuid scríbhneoireachta a dhéanamh. Deirtear freisin gur ar an Aill Mhór a sheas Eoinín na nÉan agus é ag breathnú ar na fáinleoga ag imeacht, scéal a chuir gasúir scoile i gcoinne na héaneolaíochta ar feadh na mblianta, déarfainn.

Cuirfidh cuid de na logainmneacha eile obair liteartha an Phiarsaigh i gcuimhne do dhuine mar is léir thíos.

Is ceist chrua í ainm an locha féin. Loch Eileabhrach a scríobh an Piarsach, agus cloistear sin sa gcaint go minic. Déantar fuaim an ‘l’ agus an ‘r’ a mhalartú freisin ionas go ndeirtear Loch Oiriúnach. Lough Arolagh a tugadh air ar mhapa na Súirbhéireachta Ordanáis, agus i nótaí na suirbhéirithe féin is Loch a’ Ruadhlocha a tugadh air. Ní ciall ar bith leis sin ach ‘loch an locha dheirg’.

Is dócha go bhfuil an bunús céanna leis an ainm Ervallagh i gCloch na Rón, agus b’fhéidir an logainm Eruelogh atá ar mhapa Petty a déanadh in 1883 (meastú an maireann an t-ainm?). Deir muintir na háite liom gur ón bhfiántas díreach ó dheas de a fhaigheann Loch an Phiarsaigh a ainm.

Dar leis an Ollamh Ó Máille go n-eascraíonn na focla seo ar fad ó foithir, áit nach bhfuil ina mhíntír, nó ó foithriúil, is é sin áit a bheadh lán le sceacha. Iarmhír substaintiúil atá san -ach.

Ó dheas de Loch Oiriúlach a théann an bóthar isteach go leithinis Rosmuc, as sin thar ard beag darbh ainm Clocha Leachta, áit a bhfuil leacracha móra míne mar a gcasfaí muintir na háite ar a chéile sa seanam. Tá seanreilig Chill Eoin buailte leis an áit seo.

Leathmhíle níos faide ó dheas, tá baile Chill Bhriocáin, baile a bheidh faoi chaibidil orm sa gcéad alt eile.

Snámh Bó

Má thugann tú aghaidh soir anseo tiocfaidh tú chuig Snámh Bó le cladach. Ciallaíonn an t-ainm seo ‘Áth na mBeithí’: is anseo a chuiridís na beithí trasna an chaolais mhara. Bhí sé i bhfad níos éasca orthu na beithí a thabhairt an bealach seo chuig aonach Dhoire an Fhia, seachas turas fada a chur orthu féin timpeall ar Scríb.

Tugtar Camus ar an mbaile atá suite trasna ó Shnámh Bó mar gheall ar an gcasadh a chuireann an cuan de thimpeall ar Chamas agus ceithre mhíle i dtír chomh fada le Foirnéis. Bhíodh áit bhruithnithe iarainn anseo dhá chéad bliain ó shin, agus d’iompraíodh na báid an t-iarann an cuan amach. Tá cloch ar a dtugtar Carraig an Iarainn suite ceithre chéad slat ó thuaidh den áth ag Snámh Bó, áit ar scriosadh bád a bhí ag iompar iarainn.

Dún Mánas atá ar an gceantar timpeall ar an mbealach trasna. Déarfainn gur tagairt don chuan atá sa dún sa gcás seo, seachas d’áras cloch (níl fothracha ar bith san áit chomh fada le m’eolas). Tugtar Cora Dhún Mánas ar an gceann talún díreach ó thuaidh de ar thaobh Shnámh Bó.

Tá carraig ar a dtugtar Carraig na hEascainne amach ó ghob an ‘chora’ seo. D’inis fear ón áit scéal áibhéileach dom faoi bheirt bhan a bhí ag baint fheamainne nuair a chuir eascann mhór a cloigeann aníos: rinne duine de na mná é a shá le píce, d’imigh an eascann as amharc agus fhág dath a cuid fola ar an bhfarraige.

Ar mhapa na Súirbhéireachta Ordanáis, tugtar Oileán Dhún Mánas ar an oileáinín atá suite ag an mbealach trasna, ach is é Oileán an Bhaicín atá air san áit.

De réir an bhéaloideasa, imríodh cleas gránna ar bhacach anseo tráth: mealladh ann é ar lagtrá, nuair a bhí sé in ann siúl amach ann, ach sáinníodh ann é nuair a chas an taoille. Ar chúis éigin, adhlacadh an baicín ar Chora an Ghréasaí atá dhá mhíle níos faide ó thuaidh.

Bhí sé á bheartú (ag Bord na gCeantar Cúng déarfainn) bealach buan a thógáil trasna ar an sruthán sáile idir Rosmuc agus Camas, agus tá cuid bheag den chosán sin fágtha ar Oileán an Bhaicín ó shin. Níor críochnaíodh an togra, agus má tá fírinne ar bith sa mbéaloideas, is maith an scéal nár críochnaíodh.

Deir seantairngreacht go dtiocfaidh deireadh leis an saol nuair a bheidh díon ar shéipéal na Minna, agus droichead ar Dhún Mánas.

 

 

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna