Labhair Cuisle le Máire Seoighe, Tóin le Gaoith, Co Mhuigh Eo, faoin gcaitheamh aimsire a bhí ag na páistí fadó. Seo cuid den chaint a rinne sí.
 

 

 

‘NÁ BÍ i do chat faoin drisiúr’. Sin é a deireadh Mamó mura mbeadh fonn spraoi ar dhuine de na páistí. ‘An cat faoin drisiúr’ a bhaist muide ansin ar an bhfolach bíog.

Taobh amuigh a d’imríodh muid é sin, mar go deimhin is beag áit a bhí sa teach. Bhí cúpla cró i bhfoisceacht beagán achair den teach, ach ní ghabhfá isteach ansin ar chraiceann do chluaise, nó bheadh Deaide i do dhiaidh is maide ina láimh.

Bhí cluichí eile ann freisin seachas folach bíog. Laethanta breátha, dhéanfadh muid rite reait ar an tsráid. Tarraing líne is caith léim agus preab. An té is faide a chaithfeadh léim is preab, is aige a bhí an bua. D’fhéadfá seasamh siar ón líne agus cúpla sársa a thabhairt i dtosach. Thugadh muide an rite reait air sin.

Ar ndóigh, ní hé lá na báistí lá na bpáistí, agus chaithfí siamsa a dhéanamh sa teach mura mbeadh triomach ann. Bhí páistín sa teach, mo dheirfiúr Cáit, nuair a bhí mise beag óg, agus chaithinnse laethanta fliucha ag spraoi le Cáit.

‘Cosa beaga buí ag imeacht leis an ngaoth,’ a chanadh mo mháthair di. Nó amhrán suain: ‘Chuirfinnse mo leanbh a chodladh, lá breá gréine idir dhá Nollaig, i gcliabhán óir faoi bhraillín olla, ar bharr na gcraobh is an ghaoth á bhogadh.’

Ach ní raibh spraoi ar bith le hais an spraoi a bhainfeá as na caitíní, agus bhíodh caitíní go leor againne. Ar ndóigh, dá mbéarfá greim driobaill ar cheann acu, is gearr gur cat faoin drisiúr a bheadh ann!

Ní raibh uait ach téad agus b’fhéidir píosa de chaorán móna nó eile a chur i bhfostú ann, agus chuirfeá an caitín ar fud an tí leis.

Chuireadh muid rud eile i bhfostú sna téada sa bhfómhar ar ndóigh, agus sin iad na cnónna capaill. Sula mbíodh na cnónna aibí ar chor ar bith, bhíodh buachaillí báire an bhaile ag dreapadh sna crainnte ag iarraidh iad a bhaint.Thugaidís an chraobh leo uaireanta freisin.

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna