An Fhuinneog

an fhuinneog

 

fas an daonra

 

 

 

 

DAONRA AN DOMHAIN

9 mbilliún duine faoin mbliain 2050

1daonra an domhain ag fás leis, agus faoi 2050 beidh 9 mbilliún duine ann – méadú 50% ar an daonra atá anois ann. Sin léargas atá le fáil i dtuarascáil de chuid na Náisiún Aontaithe. Foilsíodh World Population Prospects and Projections i Meán Fómhair. Bíodh is go bhfuil an méadú sin i ndán, níl an ráta fáis chomh hard anois is a bhí: 1.4% an ráta fáis a bhí ar dhaonra an domhain i 1995, áit ar 2.0% a bhí ann tríocha bliain ó shin.

 

2 Fás níos moille atá i gceist mar sin, ach fós féin saolaítear 80 milliún duine gach bliain. De réir na tuarascála, laghdóidh an ráta fáis tuilleadh sna blianta atá romhainn. Dhá phríomhchúis a luaitear leis seo: úsáid na ndeiseanna frithghiniúna, agus oideachas na mban. Is cosúil go dtéann 60% de lánúnacha na dtíortha forbartha i muinín na frithghiniúna sa lá atá inniu ann. 10% a dhéanadh sin i 1960.

 

3 De bharr an athraithe sa ráta fáis, tá na daoine óga ó 15 - 24 bliain níos líonmhaire ná a bhí riamh. Sin daoine a bheidh ag lorg oibre. Tá fás ag teacht ar líon na ndaoine aosta chomh maith. Faoi láthair, tá 578 milliún duine os cionn trí scór ann. Tiocfaidh lagú ar an bhforás eacnamúil de réir mar a bheidh an ghlúin seo ag dul i líon. Beidh seo amhlaidh san Áis go mórmór, de réir na tuarascála.

 

4 I roinnt de na tíortha a bhfuil gannchuid páistí iontu, beidh ganntanas oibrithe ann amach anseo. D’fhágfadh sin go bhféadfadh muintir na dtíortha is airde daonra slí bheatha a bhaint amach san iasacht. Ar an taobh eile den scéal, b’fhéidir go mbeadh doicheall rompu: cuireann an imirce brú ar an gcóras sláinte atá sa tír nua, agus tá ceist an phinsin ann freisin.

 

5 Bíodh is go bhfuil méadú 50% i ndán do dhaonra an domhain go ceann caoga bliain, is méadú níos lú é ná a bhí á thuar go dtí seo. Síleadh cheana go rachadh an daonra ó smacht ar fad. Is dóigh go mbeidh an domhan in ann cothabháil a thabhairt do 9 mbilliún duine, ach cé mar a bheidh an scéal faoi cheann céad bliain?

 

1 daonra an domhain - world population; ag fás leis - continuing to grow; faoi - by; léargas - an insight, also clarity, brightness; tuarascáil - report in document form.

 

2 saolaítear - are born; laghdóidh - will decrease; príomhchúis - main cause; frithghiniúint - contraception; lánúnacha - couples; forbartha - developed; i muinín - to revert to.

 

3 de bharr - owing to; líonmhar - plentiful, abundant; aosta - sean; forás - growth, boom; glúin - generation; amhlaidh - likewise.

 

4 gannchuid páistí - insufficient numbers of children; amach anseo - in the future; d’fhágfadh sin - that would mean; na tíortha is airde daonra - the most populous countries; san iasacht - abroad; doicheall - easpa fáilte; imirce - migration.

 

5 bíodh is - although; go ceann - during the next; tuar - prediction, omen; ó smacht - out of control; cothabháil - sustanance.

 

* The phrases in bold print in the text are examples of the genitive case. Discuss them with a friend or teacher. Can you identify examples in other articles in Cuisle?

 

 

 

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna