An Fhuinneog

an fhuinneog

 

inca

 

 

 

 

Lucht Adhartha Na Spéire

 

1 De réir seanchas na nIncas, ní raibh ann ach dorchadas nó gur éirigh an ghrian an chéad uair. Le teas na gréine, rugadh Wiraqocha, dia na beatha. Is iad an fear agus an bhean macasamhail Wiraqocha. Mhúin Wiraqocha grá an nádúir don chine daonna.

 

2 Bunaíodh ríocht na nIncas sa dara haois déag tar éis Chríost. Tháinig méadú ar an ríocht go luath sa 15ú haois, agus thóg siad baile Sacsayhuaman timpeall an ama sin. Ba é Pachacutec an naoú rí a bhí ar na hIncas, agus rinne seisean ionradh ar na treibheanna máguaird. Chuir sé suas le céad treibh faoi chois.

 

3 Mhair na hIncas go síochánta go ceann céad bliain ina dhiaidh sin. Chuir siad agus bhain siad, agus thug adhmholadh do na déithe. Is in ómós do na déithe seo a thóg siad cathair Machu Picchu. Ar ardán eibhir idir dhá chruach a thóg siad í. Is áit naofa a bhí ann ina gcleachtaídís a gcuid diagachta.

 

4 Ocht míle cúig chéad troigh os cionn na mara atá Machu Picchu, í cúlráideach, iargúlta agus sléibhte na hAndes á cheilt ar chách. Ba obair anróiteach a bhí ina tógáil, ach d’éirigh leis na hIncas éacht ailtireachta a dhéanamh. Ní raibh ceird an iarainn ná tuiscint ar an roth acu, ach rinne siad sárobair le giúirléidí cloiche.

 

5 Ní áit chónaithe ná dídine a bhí i Machu Picchu. Is teampall a bhí ann, tearmann agus díseart. Níorbh fhéidir fogha a thabhairt fuithi mar gheall ar an aill rite atá ina timpeall. Adhraítí ann an ghrian, an ghealach agus na réalta.

 

6 De réir na nIncas, bhí diagacht dá chuid féin ag roinnt le gach ní idir bheo agus neamhbheo. Bhí mianach diaga i gcuid de na hainmhithe, dar leo, agus d’éirigh leo samhail na n-ainmhithe seo a ghearradh sa sliabh.

 

7 De réir na seandálaíochta, is tearmann a bhí i Machu Picchu do bhansagairt na nIncas. Fuarthas cnámha agus taisí céad seachtó trí duine faoi shráideanna na cathrach, céad caoga ban ina measc. Ba é gleann abhainn an Urubamba – ina bhfuil an chathair suite – ceartlár spioradálta na nIncas, agus bhí trí ionad réalteolais acu sa cheantar. Adhradh agus iniúchadh na gréine is na spéire ba chuspóir dóibh ar fad.

 

8 De réir dealraimh, bhíodh tionól in aice an Urubamba ar an aonú lá is fiche de Mheitheamh, an lá is giorra sa mbliain sa domhan theas. D’iarradh na hIncas ar Taita Inti, athair na spéire, an ghrian a cheangal don domhan ionas nach gcaillfí go brách i measc na réalt í.

 

 

1 (ag caint ar) neamh agus réalta - (talking about) everything under the sun; seanchas - lore; macasamhail - likeness.

2 ríocht - kingdom; ionradh - invasion; treibheanna - tribes; máguaird - surrounding; faoi chois - taken over.

3 go síochánta - peacefully; chuir siad agus bhain siad - they sowed and reaped; adhmholadh - adoration; ómós - venerance; ardán eibhir - a granite plateau; diagacht - religion.

4 cúlráideach, iargúlta - remote; á cheilt ar chách - hiding it from all; anróiteach - tiresome; éacht ailtireachta - an architectural miracle; ceird an iarainn - iron-working; giúirléidí - implements.

5 dídean - shelter; tearmann agus díseart - a refuge and place of retreat; fogha a thabhairt - to rush; aill rite - steep cliff; adhraítí - used to be adored.

6 beo agus neamhbheo - animate and inanimate; mianach diaga - divine nature; samhail - image.

7 an tseandálaíocht - archaeology; bansagairt - women priests; fuarthas cnámha agus taisí - bones and relics were found; ceartlár - hub; an spioradáltacht - spirituality; ionad réalteolais - observatory; iniúchadh - examination.

8 sa domhan theas - in the southern hemisphere; ionas nach gcaillfí í - so she wouldn’t be lost.

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna