MacDara Ó Fátharta i bpáirt Chóil sa scannán COSA NITE atá le craoladh ar TnaG ar an 17 Sanhain. Léirmheas review

Chuaigh Máiréad Ní Loingsigh chun breathnú ar na scannáin Ghaeilge ag Féile Scannán Chorcaí. Seo a léirmheas orthu

 

AN CHÉAD scannán gairid i nGaeilge a teaspánadh i bpictiúrlann an Kino ab ea Lipservice, scannán is dóigh liom a thuigfeadh éinne go raibh aon bhaint riamh aige le scrúdú cainte na hArdteistiméireachta.

Címid an fuirseadh agus an útamáil ar fad a bhain le hiompó ar an nGaeilge don gcéad uair maidin an scrúdaithe féin – duine amháin ag cleachtadh os comhair an scátháin, duine eile ag caitheamh amach, agus créatúir eile fós ag caitheamh a chuid ventolin go tiubh ag deireadh gach abairte agus é istigh i dteannta an scrúdaitheora.

Gan amhras tá áibhéil mhór ag oibriú anso ar mhaithe le pointe a chur abhaile orainn go greannmhar, ach is féidir truamhéil agus ainnise an scéil a bhraistint mar sin féin. Tharlódh gur mar gheall air seo a cuireadh an scannán The Snapper i gcuimhne dhom.

Ní raibh aon iontas mór ag baint leis an dtéama ach cuireadh i láthair go héifeachtach agus go fuinniúil é agus ba léir cá raibh an scannán ag dul agus cad a bhí á rá aige.

Bhraitheas go raibh Seán McGinley (an scrúdaitheoir) ábhairín róláidir ar uairibh agus crá an ghnó á léiriú aige, ach is dócha ná raibh so gan a bheith oiriúnach nuair a áiríonn tú cúlra na háiféise is na háibhéile a bhí mar chuid lárnach den gcur i láthair trí chéile.

Má thuigeas a raibh á dhéanamh ag scríbhneoir Lipservice, ní mar sin a bhí agam i gcás Cosa Nite. Cheapas gur scéal seanphléite go maith a bhí mar ábhar ann – easpa grá, fuílleach leathair mar chúiteamh ar an easpa so, marú agus cogadh dearg mar leigheas uirthi agus, ar eagla ná tuigfimis a raibh tarlaithe, lámh an fhir mhairbh ag gobadh aníos ón bportach.

Bhí mo shúil in airde i gcónaí agam le teachtaireacht éagsúil eile ach is baolach nár aithníos-sa aon ní dá saghas. Bhraitheas ar uairibh gur ag féachaint ar ollchlár Ros na Rún a bhíos toisc roinnt mhaith d’aisteoirí an chláir sin a bheith ann agus toisc, leis, gur ródhealraitheach lena chéile pearsain na n-aisteoirí seo ar an dá ‘stáitse’.

Chun a cheart a thabhairt do Cosa Nite, deinim amach go raibh sé ar an scannán is mó dóibh go gcreidfeá an chaint ann toisc, b’fhéidir, cúpla cainteoir dúchais a bheith i measc na n-aisteoirí, rud a chabhraigh go mór le cruthú an phub agus an phortaigh mar dhá shuíomh cainte agus gnímh.

Ní fhéadfainn a rá go macánta gur bhaineas féin aon tsásamh puinn as Aqua, an tríú scannán a teaspánadh. Bíodh is gur scannán gairid a bhí i gceist bhí sé rófhada ar fad don méid a bhí ag titim amach ann, má thit aon ní amach ann dáiríre.

Éiríonn leis an scannán sa mhéid is go dtuigeann tú láithreach cé chomh símplí agus cé chomh saonta is atá an bheirt agus, más ea, tuigeann tú ná beidh aon rath go deo orthu dá bharr.

Nuair a chuala na focail "beidh sé mega" ó dhuine dóibh agus í ag trácht ar an airgead mór a dhéanfaidís ó fhuaimeanna aibhneacha na hÉireann a chur ar téip is a dhíol le Meirceánaigh, bhí a fhios agam cad a bhí romham amach.

Chuaigh sé dian orm mórán de chomhrá na beirte a chreidiúint mar chaint nádúrtha, agus b’ait liom agus ba ghránna liom na fuaimeanna ar fad a bhí le clos idir uisce na habhann agus ghlór an tseanduine a tháinig amach ar an dtéip go raibh an cath in airde aige mar gheall ar an ngnó suarach so ar fad.

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna