Cathal_Goan

 

 

tnag

 

 

 

AGALLAMH le CATHAL GOAN

interview with cathal goan, head of TnaG

 

Chuaigh Diarmuid Johnson chun cainte le ceannasaí TnaG, Cathal Goan, agus dara breithlá an stáisiúin ag teannadh linn

‘Níl a fhios agam goidé atá i ndán domh’

Diarmuid Johnson: An mbaineann tú sásamh as do phost?

Cathal Goan: Buzz-junkie mé. Bím gnaitheach. Is maith liom an brú. Bhain mé an-sásamh as an bplé a bhí ar Cead Cainte coicís ó shin. Mheas mé go raibh an plé ar a gclár sin fíorstuama. Bheireann Cúlabúla sásamh domh nuair a fheicim Seán Ó Domhnaill ag teacht isteach le Sam McGuire. Bíodh is gur i mBéarla a scríobh Eugene McCabe Scéalta ó Theach na mBocht , mheas mé go raibh an t-aistriúchán agus an aisteoireacht agus gach a bhain leis an tsraith chomh cumasach sin. Nuair a fhaigheann muid deis, sílim gur ceart dúinn a bheith ag comhoibriú le scríbhneoirí Béarla agus teangacha eile chomh maith.

 

DJ: Is dóichí gur saol níos seasmhaí a bhí agat i mBaile Átha Cliath sular tháinig tú go TnG.

CG: Bhí mé i m’eagarthóir ar Cúrsaí, agus b’ionann sin agus cúig oíche sa tseachtain, agus bhí nós agam fanacht istigh fá choinne gach clár. B’fhéidir go raibh saol níos seasmhaí ag mo bhean agus mo pháistí.

 

DJ: Fad a bhí tú i mBÁC, ní raibh aimhreas ar bith ort faoina raibh i ndán duit. An bhfuil sé sin amhlaidh anois?

CG: Níl a fhios agam goidé atá i ndán domh. Is é an jab atá agam anois ná an stáisiún seo a chur sa riocht is gur féidir léi rith agus forbairt, agus ansin ba mhaith liom imeacht. Níl mé i ndéidh níos mó ná sé bhliana a chaitheamh in aon jab a bhí agam go dtí seo. Tá rún agam gan fanacht rófhada.

 

DJ: Cén t-athrú atá ar do dhearcadh le dhá bhliain anuas?

CG: Déarfainn go raibh mé soineanta dhá bhliain ó shin. I mo chroí istigh, mheas mise nach raibh i gceist ach na cláracha a bheith go maith, ach is de réir a chéile a tháinig an tuiscint chugam, agus is admháil mhillteanach é seo do dhuine atá i gceannas rud ar bith, ach níor thuig mé tábhacht na margaíochta.

 

DJ: An ngéilleann tú do chuid ar bith den mhéid a dúirt Donncha Ó hÉallaithe i Force 10?

CG: Cé hiad na daoine atá ag gabháil an t-ábhar Gaeltachta seo a chur ar fáil? Má tá teilifís pobail ag teastáil? Go dtí seo, níor tháinig duine ar bith chugainn ag lorg cabhrach leis sin a dhéanamh. Ní féidir linn glacadh le gach iarratas, ach féadaim a rá nár tháinig grúpa ar bith teilifís pobail sa Ghaeltacht chugainn ag rá, ba mhaith linn x, y agus z a dhéanamh agus gur diúltaíodh dóibh. Chuirfinn fáilte roimh ghrúpa ar bith a thiocfadh chugainn. Géillim gur ceart dúinn a bheith ag déanamh níos mó rudaí a bhaineas le dúchas na Gaedhlige. Géillim dó sin go hiomlán. Glacaim leis. Tá muidinne ag brath ar léiritheoirí le teacht chugainn chun rudaí a thairiscint dúinn. Tá sé an-fhurast a bheith ag caint ar na rudaí seo, ach is rud eile atá ann na daoine cearta a aimsiú chun an rud fónta a dhéanamh.

 

DJ: Ar chuir Donncha Ó hÉallaithe aon iarratas isteach le clár a dhéanamh a bhaineann le hábhar Gaeltachta?

CG: Sa ghnáthbhealach, ní fhéadfainn é sin a rá leat. Is ball den Chomhairle é agus b’fhearr liom gan cheist mar sin a fhreagairt, munar miste leat.

 

DJ: Arbh fhearr dó mar sin éirí as an gComhairle agus a dhul ag tairiscint cláracha?

CG: No. Is luachmhar liomsa tuairim gach duine. Agus is tábhachtach liom go mbeidh bealach ag daoine chun na tuairimí sin a nochtadh. Ach an rud a bhfuil aiféala orm faoi agus b’fhéidir díomá orm faoi ná nárbh fhiú leis na tuairimí sin a nochtadh ins an fhóram a tugadh dó roimh ré agus gur aniar aduaidh go hiomlán a tháinig an t-alt sin orainn uilig.

 

DJ: Cén fóram é sin?

CG: Fóram na Comhairle.

 

DJ: ‘Where do you see yourself in five years?’

CG: Níl tuairim agam faoi. Tá d’ádh ormsa go bhfuil mé pósta ar bhean atá thar a bheith tuisceannach agus foighdeach. Go dtí seo, d’éirigh leis an bheirt againn an bád a choinneáil ag seoladh go measartha suaimhneach, so má tá tacaíocht s’aicise agam ní miste liom tabhairt faoi rudaí eile amach anseo.

 

DJ: Ar chónaigh tú i gConamara sular tháinig tú go TnG?

CG: No. Bhí d’ádh orm a bheith ag obair le Seán Ó Tuairisc i gCúrsaí agus ba ghnách liom stopadh aigesean i Scailp an Chait, ach ní fhéadaim a rá go bhfuil aithne mhaith agam ar an áit.

 

DJ: An bhfuil aithne mhaith agat ar an gceantar anois?

CG: Le fírinne, caithfidh mé a rá nach bhfuil. Tá aithne áirithe agam ar Chois Farraige. Ach níl aithne mhaith agam ar an cheantar siar anseo. Agus an saol atá agam, ní dóigh liom go gcuirfidh. Nuair a chríochnaíonn ag obair, téim chun a’ bhaile agus is fíorchorruair a théim amach.

 

DJ: Céard a dhéanann tú mar chaitheamh aimsire?

CG: Léim. Tá an-dúil agam sa cheol go fóill, go háirithe sna hamhráin. Amach anseo, dá spárálfaí mé, ba mhaith liom tabhairt faoi shaothar ar Neilí Ní Dhomhnaill, aint le mo bhean, amhránaí cumasach.

 

 

 

 

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna