FIACAIL BHRÉIGE do RUA

LÁ DORCHA báistí a bhí ann. Bhí Rua ag léamh, agus Nua, an caitín beag, ag spraoi le stoca buí.

‘Cá mbíonn tú, a Rua nuair nach mbíonn tú sa gClúid?’ arsa Nua.

‘Bímse sa gClúid i gcónaí.’

‘Bhí mé do do lorg inné, ‘s bhí tú amuigh.’

‘Bhuel, chuaigh mé chuig an siopa leabhar.’

‘An bhfuair tú aon leabhar deas?’

‘Bhuel, Dea-scéala atá ar an leabhar seo.’

‘Céard atá ann?’ arsa Nua, is chaith sé uaidh an stoca buí.

‘Ó, scéal na Nollag agus rudaí eile.’

‘Inis scéal na Nollag dom, a Rua.’

‘Tá sé an-fhada.’

‘Inis é!’

Shocraigh Rua a chuid spéaclóirí.

‘Bhí na haoirí amuigh ar chnoc os cionn bhaile Bheithile, ag aoireacht a dtréad caorach, nuair a tháinig aingeal an Tiarna chucu. Bhí solas geal thart timpeall air agus, ní nach ionadh, tháinig eagla ar na haoirí bochta. Labhair an t-aingeal leo: "Ní baol daoibh anocht agus is é Críost an Tiarna é. Gheobhaidh sibh é ina luí i máinséar sa seanscioból atá taobh thiar den teach tábhairne úd i mBeithil. . .

‘Céard ba mhaith leat don Nollaig, a Rua?’ arsa Nua go tobann.

Níor dhúirt Rua tada, ach dhún sé a leabhar.

‘Luchóigín bán is battery ann ba mhaith liomsa,’ arsa Nua agus é sa gciseán.

‘Nach luchóig a fuair tú anuraidh?’ arsa Rua.

‘Ceann dearg.’

Tháinig Máirín isteach.

‘Ar mhaith libh bainne te?’ ar sí agus trí chupán aici.

‘Tá Nua ag iarraidh luchóigín bán don Nollaig,’ arsa Rua.

‘Seo duit,’ arsa Máirín agus thug an bainne dó.

‘Céard ba mhaith leatsa, a Rua,’ arsa Nua, agus d’ól sé bolgam den bhainne.

‘Is ea,’ arsa Máirín, ‘céard ba mhaith leatsa, a Rua.’

‘Ba mhaith liomsa fiacail san áit a bhfuil mant.’

Thosaigh Nua ag gáirí. Ní minic a dhéanann caitíní gáirí.

‘Stop ag magadh,’ arsa Máirín.

‘Bíonn sé an-deacair orm an turcaí a changailt lá Nollag,’ arsa Rua go mall, staidéartha, agus chuir sé a chrúb ina bhéal áit a raibh an mant.

‘Glaofaidh mise ar an bhfiaclóir,’ arsa Máirín, ‘agus b’fhéidir go ndéanfaidh sé fiacail bhréige duit.’

‘Fiacail bhréige do Rua, fiacal bhréige do Rua,’ arsa Nua agus sceitimíní air. Is beag nár leag sé a chuid bainne.

‘Bí socair,’ arsa Rua.

‘Ar mhaith leat fiacail bhréige?’ arsa Máirín, agus thug sí slíocadh don mhoing fhada.

‘Ba chuma liom,’ arsa Rua, agus d’oscail sé an leabhar arís. . .

 Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna