slabhai

Nollaig Shona, a Sclábhaí

 

 

 

 

Sclábhaíocht na bpáistí

Uinsionn Mac Dubhghaill

TÁ SCLÁBHAÍOCHT na bpáistí préamhaithe i mórán tíortha ar fud an domhain, agus earraí den uile chineál á ndéanamh acu.

Baineann tionscal an fhaisin buntáiste acu san Ind, áit a mbíonn cailíní agus buachaillí an-óg ag déanamh leathair bhoig a mbíonn an stampa Made in Italy orthu.

B’fhéidir go bhfuil tú ag caitheamh péire bróga galánta atá déanta as an leathar seo, i ngan fhios duit féin.

De réir teagmhálaí de chuid Trócaire i ndeisceart na hInde, an Dr Mutho, tá os cionn 20,000 páiste ag obair sna monachana súdaireachta (tanneries) sa réigiún.

"Cuirtear iachall ar pháistí, nach bhfuil ach ocht mbliana slánaithe acu, obair leo i dtancanna contúirteacha ceimicí ar £1.50 sa tseachtain," a deir sé.

"Cuirtear 90 faoin gcéad den leathar a déantar i dTamil Nadu chuig an Eoraip, áit a mbaintear feidhm as le brógaí, málaí agus earraí eile a dhéanamh. An chuid is mo den am ní bhíonn a fhios ag daoine go dtagann an leathar seo ón Ind."

San Ind chomh maith bíonn leithéide Sonia (féach grianghraf) ag fúáil liathróidí peile ó dhubh go dubh. Tá Sonia dall ach oibríonn sí uaireanta fada toisc go bhfuil a máthair tinn agus nach bhfuil aon obair rialta ann dá hathair.

Tá síniú Eric Cantona agus lógó Mhanchester United ar na liathróidí a dhéanann sí. Breathnaíonn siad an-chosúil leis na liathróidí a bheas ar díol i siopa Man United an Nollaig seo. £9.99 an praghas a bhíonn orthu sin. 12p a fhaigheann Sonia as chuile liathróid a dhéanann sí.

Sa Túinéis agus san Éigipt bíonn cailíní óga ag piocadh seasmaine (jasmine) a théann chuig tithe cumhrán na hEorpa. San Afraic Theas, sa Chambóid agus i mBolivia bíonn mianadóirí óga ag obair go tréan ar thóir an diamaint, an óir agus an ghuail.

Níl deireadh leis an liosta: páistí a bháitear agus iad ag tumadh le haghaidh an phéarla bháin, buachaillí a dhíoltar mar mharcaigh camail, lucht déanta brící . . .

Is i réimse na talmhaíochta agus san obair phríobháideach ar leic an teallaigh is mó a bhíonn an mhí-úsáid seo ar siúl. Faoi mar a bhíodh coitianta in Éirinn san aois seo féin, fulaingíonn na milliúin cailíní aimsire ciapadh gnéis, drochíde béil agus pá íseal go foighdeach nó go feargach: níl an dara rogha acu.

Gan trácht ar na milliúin eile a dhéanann freastal ar na ‘turasóirí gnéis’ ó na tíortha saibhre.

Déantar formhór mór na mbréagán sa tSín, Thailand, Malaysia, sna Philipinni, Brazil, Meicsico, Macao agus an Indoneis AINMNEACHA LE CEARTU FOS. Ní mór a rá nach iad na páistí amháin a bhíonn ag obair sa tionscal seo: baintear úsáid as mná óga go forleathan chomh maith.

Bíonn dearadh agus ainmneacha na mbréagán faoi smacht ag dornán beag ollchomhlachtaí – leithéidí Mattel, Hasbro, Fisher-Price, Bandai, agus Tyco. De ghnáth, áfach, ní dhéanann na comhlachtaí seo na bréagáin iad féin: déanann comhlachtaí beaga iad faoi cheadúnas.

Feileann an socrú seo do na comhlachtaí móra toisc go dtugann sé deis dóibh a rá nach bhfuil siad féin freagrach as coinníollacha oibre na n-oibrithe.

Comhlachtaí Móra na mBréagán

 

comhlacht

Hasbro

Mattel

Bandi

Nintendo

Sega

Lego

tairgí

Barbie, Disney

Sindy, Action Man, Monopoly

Power Rangers, Star Trek

Game Boy, NES, Ultra 64A/S

Game Gear, Pico

Lego, Duplo

 

 

Deir Harry Wu, iarphríosúnach polaitiúil Síneach a chónaíonn anois sna Stáit Aontaithe, go gcuirtear iachall ar na céadta príosúnach polaitiúil obair a dhéanamh ar dhéantús na mbréagán.

In Bangkok, áit a ndéantar coileáiníní beaga 101 Dalmation, chomh maith leis an iliomad bréagán eile, níl ach thart ar 800 oibrithe as 4,000 ina mbaill de cheardchumann. Nuair a milleadh lámh oibritheoir amháin in inneall éigin, tugadh £15 agus an bóthar dó in éineacht.

I monarcha eile sa Vietnam tháinig tinneas ar 200 oibrithe a bhí ag spréáil bréagáin bheaga MacDonalds don chomhlacht Hasbro. Chuaigh siad ag lorg cúitimh agus tugadh bata is bóthair dóibh ar an toirt.

Bíonn Disney ag brath ar oibrithe i gcomhlachtaí beaga gan scrupall i Haiti le pyjamas a fhúáil le deartha Pocahantas agus pearsana eile dá chuid. Faigheann na hoibrithe – ar páistí cuid mhór díobh – 12 cent san uair.

Uaireanta fada in ionaid oibre contúirteacha ar mhaithe le cúpla pingin suarach: sin an saol a bhíonn ag na hoibrithe – fir, mná agus páistí óga – sna tionscail seo ar fad. Nuair a thagann Lá Nollag, an n-osclóidh do pháiste féin bréagán nó dhó a rinne siad?

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna