Cuisle an Ghra

Na trí rudaí is géire amuigh: fiacail naíonáin, focal amadáin, nó súil mná óige i ndiaidh óigfhir.

 

Do phóg fear eile mé

i lár mo bheola,

do chuir sé a theanga

isteach i mo bhéal.

Níor bhraitheas faic.

Dúrt leis

‘Téir abhaile, a dheartháirín,

tán tú ólta

is tá do bhean thall sa doras

ag fanacht.’

Ach nuair a chuimhním

ar do phógsa

critheann mo chromáin

is imíonn

a bhfuil eatarthu

ina lacht.

Nuala Ní Dhomhnaill

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna