OCuiv

 

 

 

 

 

A major national initiative is needed to tackle the rapid decline of Irish in the Gaeltacht. But there is no political will to undertake such an ambitious strategy, according to the chairman of Údarás na Gaeltachta, Gearóid Ó Tuathaigh. Uinsionn Mac Dubhghaill reports on an Údarás without authority and its disappearing raison d'être

 

Uair na cinniúna don Ghaeltacht Ach níl an toil pholaitiúil ann dul i ngleic le creimeadh na teanga TÁ GÁ le plean mór náisiúnta leis an nGaeilge a tharrtháil sa Ghaeltacht, a deir cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Gearóid Ó Tuathaigh. Ach ní dóigh leis go bhfuil an toil pholaitiúil ann a leithéid de phlean a chur le chéile, gan trácht ar é a chur i gcrích. Ag labhairt dó ag an athbhreithniú bliantúil ar thorthaí an Údaráis, dúirt sé go raibh "ábhar machnaimh agus ábhar imní" don Údarás sna figiúirí daonáirimh. Cé go raibh torthaí fónta ar a n-iarrachtaí le postanna a chruthú, ba léir nach raibh ag éirí leo stop a chur le creimeadh na teanga. Bíonn an tÚdarás ag plé le comharchumainn, forbairt phobail agus "ar bhonn teoranta" le siamsaíocht agus le cúrsaí ealaíne. "Tá i bhfad níos mó ná sin ag teastáil má tá aon athrú le teacht, má tá an rud le socrú síos fiú amháin," a dúirt sé. "Ciallaíonn sé sin, cuir i gcás, caiteachas ó thaobh cúrsaí oideachais de, ón naíonra ar aghaidh. Ciallaíonn sé caiteachas ar imeachtaí óige, ciallaíonn sé bonneagar siamsaíochta agus caitheamh aimsire - gur cuid de TnaG, na rudaí atá maoinithe go dtí seo, ach gur cuid mhaith freisin nach bhfuil maoinithe." Lean sé leis. "Tá coiste idir-rannach ag plé conas is fearr sciar ceart d'fháil le caiteachas ar imeachtaí óige sna ceantair Ghaeltachta. Tá ráite linn go mbeidh toradh an phlé sin ar fáil go luath." Go ginearálta, tá "beartais i bhfad níos cuimsithí" ag teastáil ná an méid is féidir leis an Údarás a dhéanamh, dar leis. "Tá sé ráite agam go minic nach bhfeicimse go bhfuil an toil pholaitiúil ann. Nílim ag caint ar an Rialtas atá ann faoi láthair, ach nach raibh an toil pholaitiúil ann le tamall chun práinn na géarchéime a aithint agus chun dul i ngleic leis." Maidir leis an leasú atá beartaithe ar chomhdhéanamh bhord an Údaráis, dúirt Ó Tuathaigh gur tháinig plean an Rialtais duine ón Roinn Airgeadais a ainmniú "aniar aduaidh" ar fheidhmeannaigh agus ar chomhaltaí an Údaráis. "Ba é moladh an Údaráis féin cúpla bliain ó shin, agus arís le fíordhéanaí, gur Údarás lántofa a bheadh oiriúnach. Údarás lántofa an aighneacht a chuaigh isteach," a dúirt sé. Teora na Gaeltachta á plé 'le blianta' Uinsionn Mac Dubhghaill NÍOR CHÓIR na hathruithe ar bhord Údarás na Gaeltachta a chur siar go dtí go ndéanfar teorainneacha na Gaeltachta a atharraingt, de réir chathaoirleach an Údaráis, Gearóid Ó Tuathaigh. Dúirt sé go raibh roinnt oibre déanta ar cheist na dteorainneacha cheana féin. "Tá a fhios agam go maith go bhfuil an scéal seo á phlé is á mheas i Roinn na Gaeltachta le tamall de bhlianta, agus go bhfuil faisnéis áirithe bailithe acu. Tá a fhios acu cad iad na ceisteanna atá le cur." Mar sin féin, níor mhaith leis na hathruithe ar chomhdhéanamh an bhoird a chur siar ar feadh bliana, agus na teorainneacha a atharraingt in am don toghchán. "Má tá athrú le déanamh ar struchtúr an tÚdarás, is dóigh liom gur fearr é a dhéanamh go luath seachas é a chur siar arís is arís," a dúirt sé. "In aon chóras athraítear na toghcheantair i lár téarma go minic. Ní fál go haer é an próiseas eile san, athmhachnamh iomlán a dhéanamh ar chomhdhéanamh na Gaeltachta." Maidir leis na teorainneacha, dúirt sé gur ghá tabhairt faoin athrú go stuama agus go cúramach. D'fhéadfaí rangú a thabhairt ar ais, faoi mar a bhíodh ann i mblianta tosaigh an tSaorstáit. An uair sin, bhí 'Gaeltacht' oifigiúil ann, chomh maith le 'Breac-Ghaeltacht' oifigiúil. "B'fhéidir rangú a dhéanamh agus tréimhse 20 bliain a thabhairt do cheantair áirithe spriocanna áirithe a bhaint amach maidir le pátrún iompar teanga. Bheinnse féin i bhfábhar a leithéid. Ní bheinn i bhfábhar a bheith ag gabháil timpeall ag díbirt pobal anseo is ansiúd. "Mar atá ráite agam go minic, [dá ndéanfaí amhlaidh] is fíorbheagán pócaí a bheadh fanta agat a shásódh aon chrítéir maidir le hiompar teanga san am i láthair. "Mar sin, b'fhearr liom go mbeadh plean cuimsitheach ann chun na ceantair atá áirithe sa Ghaeltacht a neartú agus na ceantair atá fíorlag amach is amach, fiú amháin má tá tú ag caint ar Chnoc na Cathrach agus ar Thír Oileáin. "In áit a bheith á rá, 'táid díbrithe ón Luan seo chugainn mar is léir don dall nach Gaeltachtaí iad'; b'fhearr liom go ndéarfaí, 'tá stádas aisteach ag na háiteanna seo faoi láthair sa mhéid is go bhfuilid áirithe mar cheantair Ghaeltachta. Ní bheimís ag tabhairt an aitheantais san dóibh, ní bheimís ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine gur ionann Tír Oileáin agus Ros Muc - ach do bheimís á rá go bhfuil cathair na Gaillimhe níos casta mar áitreamh teanga ná mar atá áiteanna eile'. "B'fhearr díriú ar na háiteanna san agus ar áiteanna eile chun plean teanga a chur i bhfeidhm. Níor ghá gur plean Gaeltachta é. Ach in áit a bheith ag déanamh rud cigireachta is a bheith ag díbirt ceantar, b'fhearr liom go mbeadh an t-athbhreithniú san bunaithe ar choincheap éigin de phleanáil teanga, a bheadh ag tógáil ar rudaí atá ann. "Agus má tá cuid den tógáil san le bheith ar bhonn atá an-lag - bíodh sé, agus abair amach é. "Níor ghá go dtabharfaí 'Gaeltacht' orthu agus níor ghá go mbeadh na cearta céanna acu ó thaobh tacaíochta de is a bheadh ag Ros Muc."

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna