feileastram teo

FÁILTE

Tosach | LóistínGaeilge| Imeachtaí | Cúrsaí

A Chara,
Ní de thaisme atáimid lonnaithe i nDún Chaoin.  Is ann dúinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn in ár slí bheag féin. Cá fearr áit chuige sin ná seo?

Teastaíonn uainn freastal ar shaol na Gaeilge agus ar an gcuid sin de shaol an Bhéarla atá ag cur suime i saol na Gaeilge.

Tá áiseanna anseo againn atá fíormhaith. Tá cáil ar an mbialann mar gheall ar fheabhas an tsoláthair a dhéantar inti.

Tá lóistín d'ardchaighdeán againn ag an gcrosaire i nDún Chaoin, i ngaireacht 20 slat do thig tábhairne Kruger agus níos lú ná míle slí ón gcé óna dtéann an bád farantóireachta isteach san Oileán go rialta le linn bhiaiste na turasóireachta. Táimid cóngarach chomh maith d'Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid Mhóir.


Bíonn cúrsaí againn  do Ghaeilgeoirí a chuirfeadh feabhas nó snas ar a gcuid

Tosach | LóistínGaeilge| Gníomhaíochtaí | Cúrsaí

donn@eircom.net