Tosach | Lóistín | Cúrsaí | Bialann| Láthair | Aistriúchán

Ceap do shuaimhneas sa Ghaeltacht bheo! Sin scéal eile!!

I nDún Chaoin agus sa chomharsanacht seo duit:

  • Siúóid sléibhe. Táimid ar "Shlí Chorca Dhuibhne". Tá siúlóidí breátha sa dúiche seo.

  • Láithreacha seandálaíochta.  Tá cuid mhór den 2000 suíomh atá sa leithinis  sa chomharsanacht seo.- clocháin, dúnta, uaigheanna meigiliotacha, galláin, láithreacha oilithreachta etc.  Molaimid turais le treoraithe orthu seo.

  • Snámh  Tá tránna breátha sa chomharsanacht.

  • Iascach. Caith do dhuán i bhfarraige ó charraig is ó thrá nó téigh ar thuras iascaigh ar na farraigí doimhne ó Fhionn Trá, ó Bhaile na nGall nó ó bhaile an Daingin.

  • An Blascaod Mór.Téigh isteach san Oileán nó gabh timpeall na n-oileán ar fad. Molaimidne go dtabharfá turas ar Fhondúireacht an Bhlascaoid Mhóir ar dtús. Tá an ché óna ngluaiseann an bád farantóireachta agus an Fhondúireacht araon i raon compórdach siúil ón bPortán

  • Galf. Níl Ceann Sibéal ach  4 míle uainn. Tá craobhmhachaire 18 bpoll  acusan. Tugtar téarmaí ar leith dóibh san a fhanann sa Phortán..

  • Deilf an Daingin. Tugtar turais rialta bád, ó Ché an Daingin, ar Fungí, deilf cháiliúil an Daingin. Is féidir fliuch-chultacha  snámha a fháil ar cíos sa Daingean más fonn leat dul ina araicis.luath ar maidin.

  • Rothaíocht. Is féidir rothair a fháil ar cíos sa Daingean.

  • Ceol Traidisiúnta. Bíonn seisiúin cheoil ar siúl go rialta lámh linn i mBaile an Fhirtéaraigh agus sa Daingean

  • Marcaíocht. Tá capaill ar fáil trasna an chnoic uainn i bhFionn Trá agus sa Daingean

Suímh eile suimiúla

Tosach | Lóistín | Cúrsaí | Bialann| Láthair | Aistriúchán

donn@eircom.net