Feasta Deireadh Fomhair 2000
Gáire Scoir



Gearrscéal - le hÉadhmonn Mac Suibhne

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Cúis áthais dom é gur den mheánaicme mé. Agus é sin in ainneoin gur geall le masla é go minic an focal san ar a mbeola siúd a ghlacann orthu féin tráchtaireacht a dhéanamh ar shaol soisialta ár linne.

Is maith liom an bhuaine a bhraithim sa téarma 'meánaicmeach.¹ Ciallaíonn sé, dar liom, daoine nach dtagann aon athrú bunúsach orthu riamh. Mura n-éiríonn leo an ollduais a ghnóthú sa Lotto nó na foirne cearta a roghnú sa linn pheile, ní móide go maraíonn siad a chéile nó go bhfaightear ciontach iad as maoin a chéile a shlad.

Beirtear iad, póstar iad agus adhlactar iad agus go hiondúil ní haon ábhar spéise é sin do dhuine ar bith ach dá muintir ghaoil féin ­ rud nach olc é, ach an oiread, i bhfianaise na húsáide a bhaintear go minic ar na saolta seo as a gcaint agus as a ngníomhartha siúd a d¹fhéach le rian a láimhe a fhágáil ar shaol na tíre.

Mar sin féin, ní bhím gan amhras in amanna go bhfuil dallamullóg á chur agam orm féin faoin dream seo dar díobh mé. An aicme mar a shamhlaím iad?, a fhiafraím díom féin. Na tréithe sin a luaim leo, an bhfuil siad iontu in aon chor? Go deimhin, an é nach bhfuil idir mé agus an té nach den mheánaicme é ach an sméideach súile in arda Neimhe?

Tóg Liam Ó hÉalaí, anois. Is den mheánaicme eisean. Mise faoi sin duit, mar tá aithne agam air leis na blianta siar, ón uair go rabhamar ag dul ar an mbunscoil chéanna, agus ina dhiaidh sin nuair a bhíomar ag freastal ar an meánscoil agus ar an ollscoil. B¹fhéidir go raibh a chlannsan beagáinín ní b¹fhearr as ná mar a bhíomarna ­ bhí gnó dá chuid féin ag a athairsean agus b¹ar thuarastal míosúil a bhí m¹athair féin ag saothrú ­ ach níor mhór í an difríocht a dhein sé sin dúinn. Ba den chúlra céanna sinn araon agus ba do na rialacha céanna a bhíomar araon ag géilleadh.

Nó b¹shin mar ba chóir go mbeadh, ach níorbh amhlaidh a bhí i ndáiríre mar ba mhó i bhfad a bhí an luí leis an dúchas agamsa ná mar a bhí aigesean. An lá dob óige aige shantaíodh sé gnaoi na ndaoine, rud nach smaoineoinnse riamh air. Go deimhin, d¹fheictí dom i gcónaí nár chríonna é an claonadh san aige. Dob ógánach teann téagartha é is bhí sé go maith ag na lúthchleasa, agus fiú sa bhunscoil féin níor leor leis a bheith ní b¹fhearr ná an chuid eile againn, ach gur mhian leis go bhfeicfí gurbh amhlaidh san dó freisin. Bhí a chlú roimis ar dhul chun na meánscoile dó agus ba ghearr go raibh a lucht leanúna féin aige ina measc san gur bhreá leo an deis ar theacht i dtír ar a cháil.

Níorbh ag na cluichí amháin a bhí sé go maith, áfach, mar níor dhein sé faillí ina chuid staidéir ach an oiread ­ dhá rud nach dtéann cos ar chois lena chéile i gcónaí ­ agus, ní nárbh aon ionadh, bhí bá ag an bhfoireann teagaisc leis chomh maith. Anois ­ muran miste dom é a lua ­ níorbh aon dóithín i mbun na leabhar mé féin, cé nach rabhas gar do bheith chomh maith leis sin, rud nár chuir as dom go mór ar an gcúis nár ghnáth leis an gclann seo againne riamh tóir a bheith againn ar an míchuibheas. I ndeireadh na dála, ní deontar gach aon bhua do dhuine ar bith agus an té a ghnóthaíonn ar bhealach amháin ní dóichí ní ná go gcaillfidh sé ar shlí éigin eile luath nó mall. Ní rabhas in éad leis, a shílim a rá.

Ba é an traidisiún sa mheánscoil seo againne ná go dtéadh formhór na ndaltaí ar aghaidh chun na hollscoile agus go bhfaigheadh an chuid eile ­ iadsan a bhí lag, i dtuairim na múinteoirí ­ go bhfaighidis san postanna éigin sna bainc nó sa státseirbhís. Mhaíodh údaráis na scoile gurbh í an aidhm a bhí acu ná gach éifeacht a bhí sa bhuachaill a aimsiú agus a mhúnlú sa chaoi dob fhearr a rachadh chun sochair dó. Ba den mheánaicme iad na húdaráis chéanna, ar ndóigh, agus bheadh alltacht orthu dá ndéarfaí leo go rabhadar ar a ndícheall ag iarraidh uaisle nua a chruthú trí na scoláirí a ghríosadh le céim chun tosaigh a ghlacadh ar an aicme as ar shíolraigh siad.

An chéad uair gur thugas faoi deara an dara difríocht mhór a bhí idir Ó hÉalaí agus mise ná nuair a thosaíomar ag freastal ar an ollscoil. Bhí an cúrsa á leanúint agamsa de bhrí gurbh eol dom cad chuige a bhí mé, cad a bhí uaim agus cad ba ghá dom a dhéanamh lena bhaint amach. Bhí seisean sa choláiste toisc go bhfacathas dó gur dhual dó a bheith ann is gur chéim síos dó féin agus dá mhuintir é mura mbeadh.

Cé go raibh aithne againn ar a chéile leis na blianta fada san níor mhór é an caradas a bhí eadrainn riamh, má b¹ann dó ar chor ar bith. Ní mór dom aguisín beag a chur leis an méid sin, áfach. Níorbh annamh i rith na mblianta san go rabhamar ar an ollscoil iasachtaí beaga airgid, mar shampla, do bheith á dtabhairt againn dá chéile, ach ní raibh sé de charadas eadrainn gan an t-airgead a aisíoc chomh luath in Éirinn agus dob fhéidir linn ­ cé nár bhaol go lorgódh ceachtar againn an t-aisíoc, mura dtairgeofaí dúinn é; b¹shin í an nósmhaireacht i measc na muintire dar díobh sinn. B¹fhéidir gur leor san mar léiriú ar an gcaoi ina raibh cúrsaí eadrainn?

Cibé scéal é, faoi mar a bhí Ó hÉalaí sa mheánscoil dob amhlaidh a bhí aige freisin san ollscoil agus ar ball bhíothas ann a shíl gurbh as a chloigeann a bhí an ghrian ag taitneamh. Chuir lucht na nuachtán aithne air chomh maith agus bhíodh sé á lua acu mar ógfhear gur mór a bhí i ndán dó. Agus ba léir airsean gur cheap sé go raibh an ceart acu sa mhéid sin chomh maith.

Mar a bhí, ní mór dom a admháil. Chuaigh sé ó mhaitheas go feabhas agus faoin am gur fhág sé an coláiste agus an chéim aige, le dul isteach i gcomhlacht a athar bhí aithne air go forleathan, ní hamháin mar lúthchleasaí ach fós mar dhuine a bhí eolach ar an saol agus nach raibh scáth ná eagla air a thuairim a nochtadh faoi cheist ar bith faoin ngrian ach an chaoi a bheith aige chuige sin.

Dá mba chara liom é - dá mba fhíorchara é ­ chuirfinnse comhairle a leasa air agus thabharfainn ar a shúile dó gur mhinic a bhris béal duine a shrón agus nárbh é an béal scaoilte ba dhual dár leithéidne. Seans nach n-éisteodh sé liom, ar ndóigh; go deimhin, gach seans go gceapfadh sé go rabhas in éad leis.

Agus, go deimhin, b¹shin díreach a bhraitheas air nuair a ceapadh im leachtaitheoir ar an gcomhlacht úd aige mé is gur ghlaoigh mé air le socrú a dhéanamh faoi na leabhair a scrúdú. Ón gcaint a dhein sé cheapfá gur mise faoi deara an comhlacht do bheith sa riocht ina bhfuil sé is go raibh an feall á imirt agam air d¹aonchorp oilc is éid.

Amhail is go mbeinnse in éad leis sin! Bhuel 'bím macánta' b¹fhéidir go raibh an tráth ann nuair a déarfadh an té nár thuig an scéal i gceart gurbhamhlaidh a bhí agam. I ndeireadh na dála, bhí a dhóthain ­ agus breis ­ de shlios an tsaoil ag Ó hÉalaí nuair ba ghann iad na pingní féin agamsa. Agus níl amhras orm ach gurbh í sin an chúis gur dósan agus nár domsa a thug an Páirtí an cuireadh le bheith ina iomaitheoir sa toghchán ­ é sin agus an béal mór a bhí aige. Ar ndóigh, toghadh é ­ nach furasta é an dallamullóg a chur ar dhaoine in amanna? ­ agus nár ceapadh ina Aire é nuair a rug an Páirtí an bua leo. Agus ní raibh ansin ach an tús, mar thit an rath air ina chith ina dhiaidh sin.

Agus ansan, ar ndóigh, bhí Ginette, bean a chuirfeadh cathú ar naomh agus nár mhiste léi é. Bhí tuairim mhaith agam i gcónaí gur chuaigh sé sa tóir uirthi d¹aonghnó le holc a chur ormsa agus sin a cheapaim go fóill. Sea,eisean a chuaigh sa tóir uirthisean agus ní a mhalairt, cuma cad deir daoine áirithe, agus níl ceist orm ach gur mise a roghnódh sí dá mba rud é gur chuireas chuici i gceart. Is áthas liom anois nár chuir, ar ndóigh, nuair a fheicim le súil na haoise an méid nár léir dom ag an am. Ach is scéal thairis é sin, agus níl aon cheist ach gur dhein sé feall orm.

Tuigim anois nár dár n-aicmene í Ginette, cé nach bhféadfainn a rá cén aicmeeile ina shamhlóinn í. Ní chaithfeadh sise a saol riamh taobh istigh de na teorainneacha a d¹aithin mise ­ agus a d¹aithin Ó hÉalaí tráth dá raibh; ní chloífeadh sí leis na rialacha céanna, rud dob ionann is a rá nár bhaol go bhfanfadh sí i mbun na measarthachta ba bhunchloch dár saol féin.

Nílimse ag tógáil lochta uirthi, ná gar dó. Thuig sí a raibh uaithi ­ faoi mar a shíl mé féin gur thuigeas ­ agus dhein sí a dícheall lena ghnóthú. Is léir dom anois gur fhéach sí ar Ó hÉalaí mar uirlis agus mar áis lena cuid aidhmeanna féin a bhaint amach. Bhí seisean chomh mór san i mbéal agus i súil an phobail gurbh éasca dá réir di na gothaí a tharraingt chuici, dul i mbun na geáitsíochta is a bheith ag sodar go hoscailte ina ndiaidh siúd go raibh an chumhacht acu.

B¹shin a dhein sí agus ba bheag uirthi an chogarnach is an ráfláil is an béadán; níor di an leochaileacht ná an mhothálacht ­ ná an mhoráltacht féin, go deimhin. Agus tharraing sí Ó hÉalaí ina diaidh mar a tharraingeodh an t-asal an trucail.

Ar aon nós, is léir dom ón réamhscrúdú atá déanta agam ar na leabhair go bhfuil an cat mara tite ar chomhlacht Uí Éalaí, cé nach féidir liom a rá go fóill cad díreach ba chúis leis an teip thubaisteach sin. Bhí an gnó sláintiúil go maith dhá bhliain ó shin; go deimhin, bhí borradh spreagúil faoi.

Gach seans nár bheag í an bhaint a bhí idir an borradh san agus an seasamh polaitiúil a bhí aigesean ag an am, maraon leis na deiseanna a bhí aige le feidhm a bhaint as an gcumhacht san ar a leas féin. Agus ní dhéarfainn nár bhain, ach an oiread. Ach, cibé ní faoi sin, is cosúil nár chuimhnigh Ó hÉalaí ar an sean-nath adeir gur fearr féachaint romhat ná dhá fhéachaint id dhiaidh.

Sí mo thuairim phearsanta nár leor leis ­ ach oiread lena bhean ­ a raibh aige cheana féin agus a bhféadfadh sé a ghnóthú de bhreis air sin le hiarracht chiúin righin fhoighneach. Níorbh fholáir dul i bhfad thairis sin, aithris a dhéanamh orthusan a shamhlaigh sé a bheith ní b¹fhearr as ná é féin. Léigh mé sna nuachtáin gur cheannaigh sé capall ráis nó dhó; go deimhin, bhí pictiúr de ina gcomhluadarsan dob fhearr i bhfad a bhí in ann capaill ráis a cheannach agus a chothú ná é. Tá mé in amhras faoi na capaill chéanna: ní féidir liom a dhéanamh amach ó na leabhair cén bhaint díreach a bhí ag an gcomhlacht lena gceannach.

Ná níl sé thar sé mhí ó fuair mé cuireadh tríd an bpost uaidh - bhuel, óna 'rúnaí príobháideach' ag iarraidh orm a bheith i láthair ag ráschúrsa na gcon oíche áirithe nuair a bhí rás ar a raibh urraíocht á déanamh aigesean ar an gclár agus tabhairt amach (ar a chostas san) ina dhiaidh. Níor chuas, ar ndóigh, ach is cuimhin liom gurbh é an smaoineamh a bhuail mé ag an am ná go raibh a chos á cur i bhfad ró-fhada chun tosaigh ag Ó hÉalaí agus gur bhaol go mbainfí cor as gan aon ró-mhoill. Agus ba ghearr gur tháinig an tuar faoin tairngreacht sin freisin.

Ba é an criogbhuille, is cosúil, ná an fogha a thug drong de bhithiúnaigh armtha faoina theach cónaithe. Sin é adeir sé féin, ar aon nós. Ar ndóigh, is leis an gcomhlacht an teach san agus sé seasamh an tionónta ar chíos atá ag Ó hÉalaí, cé nár tháinig mé go fóill ar aon iontráil sna leabhair a chruthódh gur íoc sé pingin riamh.

Sé adeir sé ná gur ghoid na robálaithe cnap mór airgid ­ cé nach dtuigim féin cén fáth go mbeadh airgead an chomhlachta á choimeád sa teach aige ­ agus ar an ábhar san nach féidir leis na fiacha atá ag an mbanc air a ghlanadh; agus, ar ndóigh, sin í an chúis go bhfuil lámh agamsa sa ghnó anois. Ní raibh sé féin sa bhaile, adeir sé, nuair a tugadh faoin áit; ní raibh ann ach Ginette.

Agus, ait go leor, bhí na foghlaithe bailithe i bhfad leo sarar dhein sise aon iarracht ar theagmháil a dhéanamh leis na húdaráis. Tá tuairim agam go mbeidh ceist nó dhó le cur ag na Gardaí faoin ngné áirithe sin den scéal, ach is rud é sin nach mbaineann liomsa.

Ní dóigh liom go dtuigeann Ó hÉalaí go fóill cé chomh holc is atá na cúrsaí seo aige. Feictear dom go gceapann sé go dtabharfaidh mise slán as na deacrachtaí uile é ­ agus gurb é sin is lú is gann dom ó tharla gur de chlann na gcomharsan sinn araon. Tá dul amú air, áfach. Mar a thuigimse an gnó seo go léir, bhris seisean na rialacha lenar tógadh é ­ agus lenar tógadh mise ­ agus leanfadh sé dá mbriseadh go fóill ach gur chuaigh an t-iomlán sa mhullach air.

Ní foláir do dhuine éigin é a thabhairt ar ais ina chiall anois agus sin é go díreach atá i gceist agamsa a dhéanamh. Tar éis an tsaoil, sé an té a dhéanann an gáire deireanach is faide a bhíonn ag gáirí.

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >