/navy>
| ||||||||||||||
/red bar>
|
||||||||||||||
/pale SALMON>
| ||||||||||||||
/navy>
| ||||||||||||||
/oraiste>
|
Proinsias Mac Aonghusa Amach anseo is mar scríbhneoir agus mar scríbhneoir amháin a bhéas trácht ar Mháirtín Ó Cadhain, a cailleadh tríocha bliain go ham seo. Seasann leabhra agus scéalta agus, scaití, aistí de chineáil éagsúla, nuair nach mbíonn mórán saoil ag óráid agus gur dearmad a dhéantar sách scioptha d¹agóidíocht, agus d¹fheachtais agus de choimhlintí. Ní shin le rá nach mbíonn a maith féin ag baint leis na nithe sin. Is lenár linn féin a mhairimid, is lenár linn féin amháin is féidir linn gníomhú; bíodh an mhuintir a thiocfas i do dhiaidh buíoch díot nó ná bíodh, níl ach tráth oibre amháin agat. Thuig Máirtín Ó Cadhain na fíricí sin. Chaith an Cadhnach an oiread ama le hagóidíocht phobail is a chaith sé lena dhá cheird, mar mhúinteoir agus mar scríbhneoir. Scaití, bhíodh ceird na scríbhneoireachta agus an agóidíocht fite fuaite ina chéile agus ní bhíodh sé éasca mórán deighilt a dhéanamh idir an dá bheart - agus is féidir a rá go cinnte gur gníomaí polaitíochta ab ea Máirtín Ó Cadhain ar feadh a shaoil. Bhí aidhmeanna cinnte aige; ba chuma leis cé a thabharfadh chun cinn iad, an fhaid is go ndéanfaí sin. Thug sé tacaíocht ar leith d¹Fhianna Fáil i dtoghcháin 1932 agus 1933, an chéad bhliain mar gurbh é sin polasaí an IRA, agus an dara huair mar go raibh eagla air go dtiocfadh Cumann na nGaedhael arís i gcumhacht. Ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin bhí sé go tréan in aghaidh Fhianna Fáil, mar gur shíl sé nach raibh ..... ![]()
Gearrscéal - le hÉadhmonn Mac Suibhne Cúis áthais dom é gur den mheánaicme mé. Agus é sin in ainneoin gur geall le masla é go minic an focal san ar a mbeola siúd a ghlacann orthu féin tráchtaireacht a dhéanamh ar shaol soisialta ár linne. Is maith liom an bhuaine a bhraithim sa téarma 'meánaicmeach.¹ Ciallaíonn sé, dar liom, daoine nach dtagann aon athrú bunúsach orthu riamh. Mura n-éiríonn leo an ollduais a ghnóthú sa Lotto nó na foirne cearta a roghnú sa linn pheile, ní móide go maraíonn siad a chéile nó go bhfaightear ciontach iad as maoin a chéile a shlad. Beirtear iad, póstar iad agus adhlactar iad agus go hiondúil ní haon ábhar spéise é sin do dhuine ar bith ach dá muintir ghaoil féin rud nach olc é, ach an oiread, i bhfianaise na húsáide a bhaintear go minic ar na saolta seo as a gcaint agus as a ngníomhartha siúd a d¹fhéach le rian a láimhe a fhágáil ar shaol na tíre. Mar sin féin, ní bhím gan amhras in amanna go bhfuil dallamullóg á chur agam orm féin faoin dream seo dar díobh mé. An aicme mar a shamhlaím iad?, a fhiafraím díom féin. Na tréithe sin a ![]()
le Liam Prút Céad Slán le Nóra Latti A mháithrín nach máthair dom táimid ag cuimhneamh ar do shochraid ¹s tú fós beo thar do nóchadú bliain is bliain nach lán dá cuntas. Tá seacht mbliain is scór agat ar Dan ná faca riamh a thit as a sheasamh ar shráideanna Chorcaí an tan chuaigh ann ar choinne aidhbhéardaí: Bhlaiseas an tragóid má bhlaisis féin nár dheinis ach anáil mhór a tharrac is do shaol a chur i dtreo, do chíos bricfeasta a ghnóthú, na leapacha a chóiriú ¹s goití bhean gnó a ..... ![]() /leabhair> Na 5 Leabhar is Fearr Díol An Siopa 1. Pobal na Gaeltachta - A Scéal agus A Dhán 2. Ó Ghleann go Fánaid (Gaeltacht Thír Chonaill) 3. Dúnmharú sa Daingean 4. Cnuasach Trá 5. Irisleabhar Mhá Nuad 2000 100 Bliain Slán, 1899-1999. ![]() |
© 2000 Feasta |