Dán na Míosa, Feasta, Eagrán Deireadh Fómhair 2000
Dán na Míosa, Feasta, Eagrán Deireadh Fómhair 2000

le Liam Prút

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Céad Slán le Nóra Latti

A mháithrín nach máthair dom táimid ag
cuimhneamh ar do shochraid
¹s tú fós beo thar do nóchadú bliain is bliain nach lán dá cuntas.
Tá seacht mbliain is scór agat ar Dan ná faca riamh
a thit as a sheasamh ar shráideanna Chorcaí
an tan chuaigh ann ar choinne aidhbhéardaí:
Bhlaiseas an tragóid má bhlaisis féin
nár dheinis ach anáil mhór a tharrac
is do shaol a chur i dtreo,
do chíos bricfeasta a ghnóthú, na leapacha a chóiriú
¹s goití bhean gnó a ghabháil chugat
Ní chuirfeadh neach sa saol aon rud anonn ort
go dtí athrú inné nuair thitis féin sa ghleo
¹s go ndúradh gur stéig phollta ba shiocair do ghearáin:
Táimid ag fanacht leis an nglao á fhógairt ná fuil tú
ann níos mó
¹s in áit dul ar do thórramh chuig Baile na Trá
cuirfimid chun bóthair
ó dheas go Cill Airne ¹s amach Sliabh Luachra
mar a bhfuil sé féin ag feitheamh leat go ciúin i
gCnoc na Graí
ónar éalaigh tú leis á phósadh go cathair Chorcaí:
Beidh céilí ann romhat ar na leacacha arda
os comhair an tséipéil a mbainteá ramsach astu:
Is ann a rincfidh tú go brách.
Nuair a thugamar cuairt ort in ospidéal Loch Garman
ní raibh ann ach gur thugais na cosa leat ón mbás
le pé tuaslagán greamaitheach ar do throscadh
tugadh duit trí fhéith do láimhe clé;
Dúirt tú gur mhór agat go raibh an sonas i do chlainn,
gurbh é ba thábhachtaí leat ¹s níor bheo duit
ach ag áireamh dathanna an gheansaí
mar ba tú riamh a d¹aithin a raibh d¹ealaín sa bhfeisteas
¹s go mb¹fhearr leat fuar is taitneamhach
ná teolaí praiticiúil:
A mháithrín, is iad do chlann mhac is do chlann
iníon do chlú:
áiríonn tú iad go dtaga siad
agus ¹sé do dhearmhad cuid mhór gur thángadar
tar éis a dtriall:
ní clú filíocht agus is é is dearóile agus is dearmhadta an file foclach
foirceannach:
Ní dhéanfam tórramh ort i Loch Garman
ach d¹aistear a thionscnamh láithreach
is do bhóthar fada achrannach a ghiorrú
d¹fhonn teacht romhat chun an tSeanbhalla,
dul thar Abhainn Mhór na Mumhan amach ón Ráth Mhór
¹s bheith sa séipéal i gCnoc na Graí d¹fhonn fáilte a chur romhat.ann
Is ann a gheobhair leaba is bricfeasta,
cóiriú gan chaoile ó chlann is comharsa
i dteannta Aodháin, an tsagairt Ua Duinnín
is Eoin an Bhéil Bhinn bhreá nach ní leat iad
mar gheall ar pé bligeardaíocht a roinn leat riamh
ná ligfeadh duit an Ghaelainn, fuair bheith istigh
i mbéal an Bhéarla agat, a chur id chroí
Bhí do chroí ródhírithe ar an mbochtanas a chur ód chroí
¹s gurbh uime sin a shéan tú í
bíodh nár leor an diúltú sin
chun fuaimeanna na fo-aigne a chur dá ndroim
ná an éirim is an ealaín a chosc ar do chlainn:
A mháithrín, a chroí, a throdaí fhíochmhair,
níor ghá do d¹iníon ach lámh tomhaiste gúnadóra
thar do choim
lena aithint
chomh craptha éalaithe a bhís le tamaillín
Agus ós gearr anois uait strus an earraigh úir
ní mór dúinn cuimhneamh ar an mbóthar binn
go dtí do leaba dheireanach le Dan i gCnoc na Graí.
Eanáir 1999


.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >