Smaointe Polaitíochta Feasta Deireadh Fómhair 2000
Smaointe Polaitíochta

le Proinsias Mac Aonghusa

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Amach anseo is mar scríbhneoir agus mar scríbhneoir amháin a bhéas trácht ar Mháirtín Ó Cadhain, a cailleadh tríocha bliain go ham seo. Seasann leabhra agus scéalta agus, scaití, aistí de chineáil éagsúla, nuair nach mbíonn mórán saoil ag óráid agus gur dearmad a dhéantar sách scioptha d¹agóidíocht, agus d¹fheachtais agus de choimhlintí. Ní shin le rá nach mbíonn a maith féin ag baint leis na nithe sin. Is lenár linn féin a mhairimid, is lenár linn féin amháin is féidir linn gníomhú; bíodh an mhuintir a thiocfas i do dhiaidh buíoch díot nó ná bíodh, níl ach tráth oibre amháin agat. Thuig Máirtín Ó Cadhain na fíricí sin.

Chaith an Cadhnach an oiread ama le hagóidíocht phobail is a chaith sé lena dhá cheird, mar mhúinteoir agus mar scríbhneoir. Scaití, bhíodh ceird na scríbhneoireachta agus an agóidíocht fite fuaite ina chéile agus ní bhíodh sé éasca mórán deighilt a dhéanamh idir an dá bheart - agus is féidir a rá go cinnte gur gníomaí polaitíochta ab ea Máirtín Ó Cadhain ar feadh a shaoil.

Bhí aidhmeanna cinnte aige; ba chuma leis cé a thabharfadh chun cinn iad, an fhaid is go ndéanfaí sin. Thug sé tacaíocht ar leith d¹Fhianna Fáil i dtoghcháin 1932 agus 1933, an chéad bhliain mar gurbh é sin polasaí an IRA, agus an dara huair mar go raibh eagla air go dtiocfadh Cumann na nGaedhael arís i gcumhacht. Ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin bhí sé go tréan in aghaidh Fhianna Fáil, mar gur shíl sé nach raibh an páirtí ag cur lena pholasaí maidir leis an nGaeltacht, agus fós nach raibh Éamon de Valera ag gairm Poblacht 32 Contae, mar a shíl a lán a dhéanfadh sé. Athraíonn cúrsaí ó am go céile, agus bhí Máirtín Ó Cadhain sásta leas a bhaint as eagrais agus as páirtithe éagsúla le aidhmeanna a chur chun tosaigh.

Dála an scéil, bhí sé thar a bheith sásta nuair a gairmeadh Poblacht na hÉireann Luan Cásca 1949, cé nár mhór é a mheas go hiondúil ar Sheán Mac Giolla Bhríde, an té ba chion tsiocair leis an bPoblacht sin a chur ar bun, agus go raibh sé i gcoinne Fhine Gael i gcónaí. Bhíos ina theannta an lá sin agus is cuimhin liom go soiléir chomh tógtha is a bhí sé. Chuir seo roinnt iontais ar phoblachtánaigh eile, an cineál a bhíonn riamh agus i gcónaí in aghaidh aon dul chun cinn dá ndéantar, ach a bhíonn ag lorg gach rud ar an toirt ar shlí pháistiúil.

Ní foláir dom a rá, áfach, gur shíleas féin an lá sin, agus mé réasúnta óg, go raibh sé ag baint an oiread sásaimh as an náire a bhí ar de Valera agus ar Fhianna Fáil, de bharr a bhfaillí féin maidir leis an bPoblacht, agus a bhí sé le gníomh an Chéad Chomhrialtais.

Ní raibh an Cadhnach ach thart ar thrí bliana is fiche nuair a thosaigh sé ag plé le hagóidíocht ar son phobail Ros Muc agus an cheantair máguaird. Bhí sé san am i mbun Scoil Chamuis i bparóiste Ros Muc; is le linn an ama sin a chuaigh sé isteach san IRA freisin. Is go mall a thuig sé tábhacht an fheachtais talamh i lár tíre, nach raibh á úsáid mar ba chóir, a roinnt agus feirmeacha a thabhairt do dhaoine as ceantair Ghaeltactha nach raibh acu ach drochthalamh.

I dtús báire bhí sé i gcoinne an fheachtais. Ach nuair a tháinig sé ar mhalairt aigne, ní raibh duine is mó a rinne obair ná é. Agus bhí ar a chumas daoine a bhain leis an IRA a tharraingt isteach san iarracht, rud a bhí tábhachtach; bhí na hÓglaigh láidir i gConamara i ndeireadh na bhfichidí agus i dtús na dTríochaidí.

Is scéal spéisiúil é stair na linne i nGaillimh thiar agus an oiread daoine a bhí idir a bheith le Fianna Fáil agus an IRA, agus a d¹fhéadfadh dul slí ar bith. Ba é bua Fhianna Fáil ansiúd sa deireadh, ar nós bua an pháirtí ar fud an stáit, gurbh fhearr go mór a cheannaireacht ná ceannaireacht an IRA. Cé nach féidir a bheith cinnte, is dóigh eolas réasúnta maith a bheith fós acu siúd a chuireann spéis sa chineál sin oibre ar chuid eile d¹fheachtais an Chadhnaigh, a chuid oibre san IRA a tharraing príosún fada gan chúisiú air i gCurrach Chill Dara le linn an Dara Cogadh Domhanda, a ndearna sé mar ghníomhaí de chuid Chonradh na Gaeilge agus mar Ard-Rúnaí ar An Fáinne roimhe sin, mar ghníomhaí ar son Chaitlicigh Ráth Cairn a bhí ag lorg seirbhísí eaglasta ina dteanga féin, mar throdaí i gcoinne an Language Freedom Movement, agus a chinnire Christopher Morris "dream a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a chur de dhroim seoil" mar chuid d¹fheachtas toghchánaíochta Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i nGaillimh thiar sa bhliain 1969, mar thacaí don troid chun Scoil Náisiúnta Dhún Chaoin a athoscailt.

Eisean a bhí i gceannas Misneach, an eagraíocht rúnmhar a dhein bearta speisialta a tharraing aird an phobail ar fad ar ghéarchéim na Gaeilge. Tá an t-eolas seo le fáil in altanna agus i léachtaí éagsúla, cuid acu a chuireas féin ar fáil, cuid eile a chuir daoine níos fearr ná mé ar phár. Is scéal ar leith scéal agóidíochta Uí Chadhain. An bhfuil fhios ag duine ar bith an scéal ar fad, go fiú Séamus Ó Tuathail agus Seán Ó Laighin, beirt a bhíodh ag obair ina theannta ar feadh roinnt blianta? Bhí an oiread sin ar siúl aige is gur mhór a leath. Ina theannta sin, níor iondúil dó a inseacht do dhuine ar bith dá chomhghuaillithe ach an oiread is ba ghá a inseacht. Bhí comhghuaillithe aige nach raibh aithne ar bith acu ar a chéile, ná fios ag cuid díobh aon cheangal a bheith idir Máirtín agus an chuid eile. Fear rúnda a bhí ann nuair a d¹fheil sin dó, agus ba mhinic gur fheil.

Ceann de na cúiseanna go bhfuilim an mhí seo ag tagairt d¹fheachtais pholaitíochta Mháirtín Uí Chadhain ná go sílim gur laige mhór ar chúis na Gaeilge, agus ar chúis na Gaeltachta, gan a leithéid de dhuine a bheith ann anois, ná le fada. Nílim ag rá nach bhfuil daoine ar fónamh ag seasamh ceart don Ghaeilge agus is cinnte nach bhfuilim ag iarraidh a dhéanamh amach nach bhfuil roinnt polaiteoirí ann atá an-bháúil le cúis na Gaeilge. An call Éamon Ó Cuív, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, Michael D. Higgins, Alan Dukes agus Mary Hanafin a lua?

Ní deirim ach an oiread nach bhfuil cuid mhór airgid anois á chaitheamh go maith ar nithe a chuireann le stádas na teanga. Go deimhin féin is minic a shílim go bhfuil an chuid is mó de ghnáthphobal na hÉireann sásta rud ar bith is gá a dhéanamh ar son na Gaeilge, ach amháin í a labhairt. Dá labharfadh gach duine an Ghaeilge atá aici nó aige bheadh an Stát seo, agus cuid mhór de na Sé Chontae, ina chineál Gaeltachta nó breac-Ghaeltachta thar oíche.

Tá Gaeilge sa tír seo, i bhfad níos mó ná mar a shíltear. Gaeilge a chodail amuigh a lán di, agus Gaeilge idir eatarthu cuid mhaith eile. Ní mórán de Ghaeilge ghlan na Gaeltachta a bhíonn le clos, agus is rímhinic a bhíonn cuid de bhunadh na Gaeltachta agus iad ag craoladh ar an raidió á labhairt go briotach. Sin scéal eile lena mbeifear ag plé amach anseo, b¹fhéidir.

Ach tá dreamanna cumhachtacha ann atá i gcoinne na Gaeilge agus a shíleann nach bhfuil sna hiarrachtaí stairiúla go léir chun í a athréimniú ach seafóid. Is féidir a rá go bhfuil nuachtáin an Independent ar an dream seo. Is amhlaidh, is cosúil, dá bhformhór siúd atá i gceannas eacnamaíocht an Stáit. An féidir a shéanadh gur dóigh an-chuid státseirbhíseach tábhachtach a bheith go bunúsach i gcoinne na Gaeilge? Cé go bhfuil múinteoirí agus sagairt ann ar mór acu í, sé is dóichí gur mionlach iadsan anois.

Is breá ann Gaelscoileanna agus tá gach a mbíonn ag plé leo, daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus bainisteoirí le moladh. Ach cé go ndeirtear a mhalairt, is beag díobh atá ann i gcomórtas leis an méid scoileanna gur ar éigean a mhúintear Gaeilge ar bith iontu. Tá an Ghaeilge nach mór díbrithe as cuid mhór scoileanna. Ní shin amháin é, ach tá daoine ag Œteagasc¹ Gaeilge i gcuid mhaith scoileanna nach bhfuil an oiread Gaeilge acu féin is a chuirfeadh cat amach. Níl aird á thabhairt air seo.

Ní móide tuiscint iomlán a bheith ag mórán ar scanall na scoileanna. Ach dá bharr, is ar éigean atá focal Gaeilge ag a bhformhór siúd a d¹fhág meánscoil le thart ar scór bliain. Is cinnte fir agus mná a bheith ina measc a bhfuil togha na Gaeilge acu, ach is beag iad. Bímse ag plé le daoine a oibríonn i gcomhlachtaí stáit de chineáil éagsúla agus sa státseirbhís freisin. Is ríbheag acu a bhfuil Gaeilge ar bith acu, ní áirím Gaeilge líofa scríofa agus labhartha. Ní hé go rabhadar ag plé léi ar scoil ar feadh deich mbliana nó níos faide agus nach raibh sé de mheabhair iontu í a thabhairt leo. Is amhlaidh nár bacadh leis an nGaeilge, nár tugadh aird uirthi, nár ceapadh gurbh fhiú a bheith ag plé léi. Sin a cheap cuid mhaith daoine, a tharlódh, nuair a chinn an tríú Comhrialtas deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge sna scrúdaithe stáit agus deireadh a chur léi freisin mar ábhar riachtanach do státseirbhísigh.

Tugtar faoi deara gur tar éis don Chadhnach bás d¹fháil is mó a thosaigh an drochobair dhíreach in aghaidh na Gaeilge. Ní shéanaim nach drochobair ar fad a bhí i ndúnadh na gColáistí Ullmhúcháin do mhúinteoirí scoileanna náisiúnta. Daoine a dhein feall ar an náisiún gach duine díobh siúd ba chion tsiocair leis an dúnadh sin, idir Ord Naomh Uinseann, státseirbhísigh sa Roinn Oideachais, agus Aire Oideachais na linne, an Dr. Pádraig Ó hIrghile. Is minic cheana seo ráite agam agus is dóigh go mbead ag tagairt dó arís. Feall ar leith a deineadh nár cheart dearmad a dhéanamh de.

Ceann de na nithe is aistí faoin scéal ar ndóigh nár chuir gluaiseacht oifigiúil na Gaeilge san am mórán ina choinne. Murach Breandán Ó hEithir, ní móide go dtabharfaí aird in aon chor ar a raibh á dhéanamh. Ionsaíodh eisean de bharr go raibh sé de dhánaíocht ann cur i gcoinne an fhill. D¹fhéadfadh tuilleadh eolais faoi fheachtas sin Bhreandáin Uí Eithir i gcoinne bligeardaíocht oifigiúil a bheith sa bheathaisnéis atá scríofa ag Liam Mac Con Iomaire, agus a bhéas á fhoilsiú i dtús na míosa seo chugainn. Cara don Chadhnach ab ea Breandán, agus d¹oibrigh siad as lámha a chéile go minic. Ná déantar dearmad ar 'Do na Firéin,¹ an píosa fada le Máirtín a d¹fhoilsigh Comhar, nuair a bhí Breandán ina eagarthóir ar an iris. Is fiú an píosa sin a athléamh.

Ar an tslí chéanna nár tháinig aon chomharba ar Shéamus Ó Conghaile agus gur fhulaing gluaiseacht an Lucht Oibre dá bharr, níor tháinig aon chomharba go fóill ar an gCadhnach mar ghníomhaí polaitíochta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tháinig daoine ar fónamh chun cinn, ach níor éirigh le duine ar bith díobh an faitíos ba ghá a chur ar an státchóras agus ar lucht polaitíochta. Tá gá le misneach ar leith i gcónaí i ngluaiseacht na Gaeilge; an bhfuil gá le Misneach eile? Ní miste smaoineamh ar nithe mar sin, agus Máirtín Ó Cadhain 30 bliain faoin bhfód.

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >