Feasta Meán Fomhair 2000
An aimsir óg - Eagarthóir: Mícheál Ó Cearúil

Coiscéim. £7.50

Léirmheas le Seán Ó Loingsigh

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Comhthionól de scríbhneoirí Gaeilge atá san iris seo a deireann an t-eagarthóir, Mícheál Ó Cearúil, linn. Deir sé ina theannta sin gurb í an Ghaeilge féin is ábhar do mhórchuid de na haistí, conas mar a ráinig di sa bhfichiú haois, agus a bhfuil roimpi san aois atá romhainn. Gan amhras tarlaíonn níos mó de seo i gcás na Gaeilge ná i gcás teangacha eile, iarracht bheag den pharanóia., b¹fhéidir, faoi mar a tharlódh do teanga a bheadh faoi ionsaí agus a dán fós in amhras.

Ach níl ansin ach cuid den scéal. Is ceiliúradh atá ann leis ar theacht slán na teanga ón mbás a bhí tuartha di i dtús an fichiú haois. Is cnuasach fíorshuimiúil atá ann agus níl aon rian den pharanóia úd ar na scríbhneoirí seo ná aon chosúlacht orthu go bhfuil siad faoi ionsaí ach an oiread. Murar eol an chinniúint ní dhiúltófar don dúshlán. Tá saothar ann ó thart ar dhaichead údar a chuimsíonn beagnach réimse uile na litríochta, an fhilíocht, an ghearrscéalaíocht, an léirmheastóireacht, iriseoireacht, dialannaíocht agus go leor eile. Ní féidir a dhéanamh anseo ach spléachadh a thabhairt thall agus abhus ar a bhfuil san iris, spléachadh roghnaitheach go maith ag duine aonair.

Tosaíonn an iris leis an chéad sliocht de thrí sleachta as dialann a choinnigh Liam Mac Cóil don bhliain 1999. Is gné í an dialannaíocht atá scaoilte agus solúbtha go leor chun deis a thabhairt don údar, ní hamháin a chúntas a bhreacadh ar conas mar a chaith sé bliain dá shaol i Ráth Cairn, ach ina theannta sin réimse leathan tuairimíochta a roinnt linn faoi shaol ár linne. Is smaointeoir é Mac Cóil ar cás leis ionad agus tábhacht na Gaeilge i saol an náisiúin seo. Is deacair foighne a dhéanamh leis an neamart, ach níl an tromchúis in uachtar i gcónaí. Tá sámhnas an ghrinn agus an éadroime ann freisin. Níor mhiste linn bliain eile de na dialanna seo.

Tá aistí léirmheastóireachta anseo ag leithéidí Mháire Ní Annracháin agus Marie Whelton. Caithfidh go bhfuil an ceart ar fad ag Ní Annracháin nuair a deir sí go bhfuil sárlitríocht á chumadh sa Ghaeilge faoi láthair, agus tugann sí samplaí spéisúla dúinn ar cad atá i gceist aici.

Más féidir leis an gcritic liteartha a bheith róshollúnta ar uairibh, ní fhéadfaí é sin a á rá i gcás Liam Uí Mhuirthile ná Phádraig Uí Chíobháin. Ansin ní léirmheastóireacht go díreach atá i gceist acu sin, ach mar a bheidís ag tabhairt a gcúntas ar a n-oilithreachtaí mar scríbhneoirí, an cúlra, cad a spreagann iad, cad as an tinfeadh. Ar an gcéad fhéachaint tá cúlra na beirte éagsúil, sráideanna breacghalldaithe Chorcaí agus baile fearainn fíorGhaeltchta na Gráige. Is ait gur spreag an dá áit chéanna sin iad araon, ach arís tharla a leithéid céanna do scríbhneoirí eile. I gcás Uí Mhuirthile níl i gcúlra Béarla na cathrach ach leath an scéil, más an méid sin féin í. Bhí iarsmaí agus comharthaí na Gaelainne go tréan i gcúlsráideanna Chorcaí agus i dtreanga na muintire. Tá an tástáil agus an tóraíocht seo ar fhoinsí na hinspioráide ag an mbeirt scríbhneoirí thar a bheith suimiúil, agus níos grinne agus níos léire ná gnáthléargais acadúla na critice. Deir Ó Muirthile linn:
- Ní hamhlaidh a deirim go bhfuil feidhm fháistineach ag an bhfile ach amháin sa mhéid gur fáistine is ea a thuiscintí aeistéitiúla mar a thagann siad chun solas na beatha ina shaothar. Ar shlí táim ag rá rud an-simplí ar bhealaí casta. Ag foghlaim conas taitneamh as an nua a bhaint as scríobh na teangan, gur gníomh ceiliúrtha teangan agus teangacha in éineacht é, a bhíos-sa, atáim i gcónaí. An seanghreann a bhaint as. A thuiscint nach aon phioc de ghnó an ealaíontóra bás ná beatha na teangan, dá dhéine a bhíonn sé ag glacadh leis an dtuiscint sin. A thuiscint gur abhainn chaismirneach an bheatha, agus in Éirinn gur bruach dhá theangan atá ag an abhainn.¹

Béarla na hÉireann gan amhras, Béarla na gcúlsráideanna agus na tuaithe, mar a bheidís ag freagairt dá chéile. An bhfuil conair nua anseo, nó an don bhfile amháin é, agus gan ann don bhformhór ach cosán caoch.

Tá sé spéisiúil aiste Mháirtín Uí Chadhain a léamh, tar éis na beirte thuas. Scríobhadh an píosa thart ar leathchéad bliain ó shin, ach tá sé foilsithe anseo don chéad uair. Tá an guth seo ón uaigh chomh géar agus chomh húdarásach agus a bhí sé riamh, ach ní fadhbanna a thuilleadh a lán de na ceisteanna a bhí á bplé aige maidir le forbairt na teanga, na canúintí, téarmaíocht agus an fhoclóireacht ach go háirithe. Bhí an ceart aige go réiteodh na scríbhneoirí féin iad sin le himeacht aimsire. Tá sin tar éis tarlú cheana féin sa teanga liteartha.

Ní raibh oiread sin le rá aige faoin ngramadach, ach tá an cheist thábhachtach seo pléite anseo ag Seán de Fréine ina léirmheas ar I dTreo Teanga Nua le Maolmhaodhóg Ó Ruairc. Tá De Fréine an-dian ar fad, agus a chúis aige chuige, maidir leis na leasuithe riachtanacha gramadaí agus litrithe atá le déanamh, má tá an teanga le teacht slán. Cathain a thabharfar faoin ábhar seo? Ach an cheist atá ag De Fréine don údar ná conas a scríobhfar a ainm baiste féin nuair a bheidh an réabhlóid thart? Is deas leis, go dtugann sé aitheantas anseo do leabhar Bhreandáin Uí Bhuachalla, Aisling Ghéar, mar an leabhar is tábhachtaí a foilsíodh in Éirinn sa chéad seo caite.Cé mhéid dár scoláirí/ staraithe go bhfuil sé léite acu?

Is ábhar iontais i gcónaí an méid filíochta den scoth atá á chumadh sa Ghaeilge. Tá dánta anseo ag Colm Breathnach, Liam Ó Muirthile, Art Ó Maolfabhail, Cathal Ó Searcaigh, Seán Ó Curraoin, Máire Mhac an tSaoi, Seán Ó Leocháin, Gréagóir Ó Dúill, Pól Ó Muirí, Liam Prút, Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill agus Louis de Paor. Ina theannta san tá scagadh déanta ag Tadhg Ó Dúshláine ar fhilíocht Michael Davitt.

An ghné eile de litríocht na Gaeilge is mó go bhfuil rath uirthi ná an ghearrscéalaíocht, agus tá samplaí breátha di sin le fáil san iris. Tá Pádraig Ó Cíobháin le fáil ann arís. Is mór an spórt iad mná rialta agus manaigh Bhiddy Jenkinson, agus sí Bláithín Naofa agus cúram na mbeach uirthi i gClochar na Cille is ábhar don ghearrscéal anseo. Tá sárscéal ó Nova Scotia ag Seán Mac Mathúna agus éagsúlacht den réalachas agus den tsamhlaíocht i scéalta le Dara Ó Conaola, Séamas Mac Annaigh, Pádraic Breathnach, Seán Ó Curraoin, Mícheál Ó Conghaile, Colm agus Pádraig Ó Snodaigh agus Liam Prút.

Bíodh go bhfuil a mhalairt ráite áit éigin san iris seo, níl an úrscéalaíocht chomh bisiúil le gnéithe eile de litríocht na Gaeilge faoi láthair. Is maith go bhfuil caibidil as gearrscéal nua le Siobhán Ní Shúilleabháin le fáil anois mar sin.

An chéad mhír d¹athinsint dhrámatúil a thugann an tEagarthóir ar an sliocht atá tugtha as saothar nua Sheáin Mhic Mhathúna faoi bheatha Naomh Pádraig. Más aon teist an sliocht ar an iomlán beifear ag faire amach do Ego, Patricius.

Tá oiread san iris seo gur deacair tagairt dóibh ar fad. Tá scannail pholaitíochta ár linne á bplé ag Máiréad Ní Chinnéide, cúrsaí sláinte ag Eoin Ó Murchú agus an choiriúlacht in Éirinn ag Séamus Breathnach. Tá an chomhurraim i gcúrsaí anTuaiscirt á plé ag Gearóid Ó Cairealláin.

Tá cúntas ar Lár na hEorpa ag Aidan Doyle, agus ar an Liobán ag Mícheál Ó Bréartúin. Cuireann Breandán Mac Gearailt clabhsúr cóir ar chamchuairt na hirise seo, Oíche Chinn Bliana 1999 ar an Droichead Beag sa Daingean. B¹fhéidir go n-éireoidh as an bpolaitíocht anois agus níos mó dá chuid ama a chaitheamh leis an scríbhneoireacht.

Is iris le dealramh atá anseo agus is breá agus is feiliúnach an t-ainm é An Aimsir Óg.

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >