Feasta ar an Idirlíon
.
Barr an clúdaigh
An Clúdach
Cúlra
.
Teangmháil
  • An tEagarthóir
  • Comhluadar


    Eagarfhocail
  • Meitheamh

  • Lunasa

  • Méan Fomhair



    Smaointe Polaitíochta
  • Meitheamh

  • Lunasa

  • Méan Fomhair



    5 leabhar is fearr díol
  • Meitheamh

  • Lunasa

  • Méan Fomhair

    An bhfuil aiste agat?
    feasta@eircom.net

    Feasta Online



    Ord Feasta
    12 eagrán tríd an bpost £35 (Éire);
    £45 thar lear.

    Déan teangmháil le:

    Máire Ní Laoi
    An Siopa,
    6 Sráid Fhearchair,
    BÁC 2.

    fón: 353 1 4783814
    facs: 353 1 4785428
  • .





    Clár na heagráin seo - Feasta Mean Fómhair 2000
    An clár iomláine desna haltanna in eagrán na míosa seo. tuilleadh



    An tEagarthóir
    Pádraig Mac Fheaghusa
    Eagarfhocal - Feasta Mean Fómhair 2000
    Pádraig Mac Fhearghusa


    Boilsciú & Féinfhuath

    Tá go leor cainte faoi bhoilsciú sa tír i láthair na huaire. Ní hé go bhfuil sé imithe thar fóir ag thart ar a sé faoin gcéad, ach go bhfuiltear ag tuar cheana féin go bhfuil a cúrsa rite ag ár míorúilt eacnamaíochta, agus ná raibh sa mhíorúilt sin ó thús ach bolgán aeir. Is breá le tráchtairí áirithe an drochscéal, faoi nach mbeadh aon iontaoibh acu dáiríre as ár gcumas féin ár gcúrsaí a riar go ciallmhar agus go stuama. Ba dhóigh leat ar uairibh gur cineál féinfhuath a bhí i gceist.

    Is iontach a bhfuil de shuim á chur ag nuachtáin Shasana sa scéal seo - iad sin freisin ag rá go bhfuil ár n-eacnamaíocht i mbaol, agus mar a dúirt an t-amhrán gan 'fáil ar leigheas againn.' Tá a gcúis féin ag na Sasanaigh a bheith ar tuilleadh


    Iriseoir
    Proinsias Mac Aonghusa
    Smaointe Polaitíochta - Feasta Mean Fómhair 2000
    Proinsias Mac Aonghusa


    Chuir stailc thiománaithe traenach ILDA isteach ar an bpobal mar a chuireann a lán stailceanna. Ní gá in aon chor gur ar na hoibrithe a bhí an locht. Is ar éigean riamh go dteastaíonn ó dhaoine dul ar stailc; tarlaíonn aighnis thionsclaíochta go hiondúil mar nach mbíonn fostóirí ag caitheamh go réasúnta leo siúd a bhíonn ag obair dóibh. Níl aon dea-cháil ar Chóras Iompar Éireann, nó ar a fho-chomhlachtaí éagsúla faoin tslí a gcaitheann siad lena lucht oibre.

    Is trua sin, mar is leis an bpobal féin an chomhlacht agus na fo-chomhlachtaí seo. Ní le brabach a dhéanamh ach le seirbhís ghairmiúil a thabhairt don phobal atáid ann in aon chor. Ach shílfeá agus tú ag éisteacht le hionadaithe an chomhlachta ar na meáin chumarsáide gur bhain siad le sliocht William Martin Murphy, ceannsaí droch-cháile fhostóirí Átha Cliath sa chogadh idir fostaithe agus fostóirí sa bhliain 1913.

    B¹é Jim Larkin, ar ndóigh, ceannasaí na stailceoirí agus ba é an Transport & General Workers¹ Union, ceann de shinsir SIPTU, a cheardchumann seisean. Nach ait mar a bhí SIPTU chomh tréan sin i gcoinne an cheardchumainn nua ILDA i dtroid na bliana seo? Nach ait an scéal é?

    Tá cumhacht nach beag anois i SIPTU ag daoine a bhíodh gníomhach tráth i bPáirtí na nOibrithe agus ina dhiaidh sin sa Daonlathas Clé. Agus tá tionchar ar leith ag na daoine seo ar
    tuilleadh


    Iriseoir
    Seán Ó Loingsigh
    An aimsir óg - Eagarthóir: Mícheál Ó Cearúil

    - Feasta Meán Fomhair 2000
    Léirmheas le Seán Ó Loingsigh

    Comhthionól de scríbhneoirí Gaeilge atá san iris seo a deireann an t-eagarthóir, Mícheál Ó Cearúil, linn. Deir sé ina theannta sin gurb í an Ghaeilge féin is ábhar do mhórchuid de na haistí, conas mar a ráinig di sa bhfichiú haois, agus a bhfuil roimpi san aois atá romhainn. Gan amhras tarlaíonn níos mó de seo i gcás na Gaeilge ná i gcás teangacha eile, iarracht bheag den pharanóia., b¹fhéidir, faoi mar a tharlódh do teanga a bheadh faoi ionsaí agus a dán fós in amhras.

    Ach níl ansin ach cuid den scéal. Is ceiliúradh atá ann leis ar theacht slán na teanga ón mbás a bhí tuartha di i dtús an fichiú haois. Is cnuasach fíorshuimiúil atá ann agus níl aon rian den pharanóia úd ar na scríbhneoirí seo ná aon chosúlacht orthu go bhfuil siad faoi ionsaí ach an oiread. Murar eol an chinniúint ní dhiúltófar don dúshlán. Tá saothar ann ó tuilleadh



    An File
    Paddy Bushe
    Dánta na Míosa seo - Feasta Mean Fómhair 2000
    le Paddy Bushe

    Labhrann Donn tuilleadh

    Éin i gCliabháin tuilleadh

    Carraig tuilleadh

    Bolgam

    I gcúilsheomra sa mhainistir a bhíodar,
    Dealbha gleoite snoite as im geaic,
    Na dathanna ag brú a chéile chun solais
    Nuair a chuardaigh an ghrian an seomra.
    Caomhnaithe le luibheanna is spíosraí,
    Mhairfidís deich mbliana sa dorchadas
    Go dtí go dtógfaidís slí na fírinne
    Mar sholáthar turais do oilithrigh.
    Bhí dragúin ag .........tuilleadh



    Na 5 Leabhar is Fearr Díol
    An Siopa

    1. Dúnmharú sa Daingean
    2. LCC, XXX - Breis faoin ár nDúchas Spioradálta
    3. An tAthair Tadhg
    4.Pobal na Gaeltachta - A Scéal agus A Dhán
    5. An Aimsir Óg ­ Scéalta, Aistí, Dánta.

    tuilleadh

    © 2000 Feasta

    Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
    < feasta  ar an Idirlíon >
    © Feasta agus na Scríobhneoirí