Dánta na Míosa, Feasta, Eagrán an Mhean Fómhair 2000
Dánta na Míosa, Feasta, Eagrán an Mhean Fómhair 2000

le Paddy Bushe

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Bolgam

I gcúilsheomra sa mhainistir a bhíodar,
Dealbha gleoite snoite as im geaic,
Na dathanna ag brú a chéile chun solais
Nuair a chuardaigh an ghrian an seomra.
Caomhnaithe le luibheanna is spíosraí,
Mhairfidís deich mbliana sa dorchadas
Go dtí go dtógfaidís slí na fírinne
Mar sholáthar turais do oilithrigh.
Bhí dragúin ag lúbadh trína chéile
Le sceitimíní ag lútáil leis an mBúda
Ina shuí croschosach ar phiotail an lótuis,
Aoibh shíoraí air faoi ór a chaidhpe.
Ar an spraoi i measc bláthanna rábacha,
Bhí bandia cíochnocht ag seinm siotáir
Faoi mar a bheadh sí á méarú féin
Chun aoibhnis a leáfadh an t-im.
Le boladh géar an ime sa timpeall,
Smaoiníos ar Imbolc, is ar bha draíochta
A thál bainne gan stad ar fhocal naoimh,
Is dheineas aon bholgam amháin den domhan.
Shamhlaíos fallaing mhíorúilteach Bhríd
Ag leathnú de shíor thar shléibhte soir,
Agus im míorúilteach sin an Oirthir
Ag brúchtaíl thar mhachairí uile Chill Dara.



Carraig

Déantar carraig díom,
Carraig thaibhrimh.
Tagadh saoithe faram
Ag saothrú eolais.
Tagadh an óige faram
Ag cuartú rúndachta.
Bíom bodhar, ag éisteacht
Le cliotar na réalta.
Bíom balbh, ag suirí
Le deisbhéalacht na gaoithe.
Déantar carraig díom,
Carraig snoite le haois.



Éin i gCliabháin

Ar fhalla íseal cois fuaráin
I measc na gcrann a chonac iad,
Stocaireacht na tráchta á dtimpeallú
Ar oileán in aigéan rachmais.
Thángadar ann le maidí siúil
Gach aon mhaidin, ag tarraingt na gcos,
Ag iompar leo a gcuid éiníní ceoil
I gcliabháin ornáideacha bambú.
Meigill mhandairíneacha orthu
Faoina gcuid caipíní Maoacha,
Toitín ag sileadh le gach aon bhéal,
Bhlaiseadar de chiúnas na seanaoise.
Agus lean an trácht leis ag timpeallú
Na héin i gcliabháin, na seanfhondúirí.



Labhrann Donn

Is mise dorchadas m¹ainm féin,
An taobh thall den ngealach,
Deireadh báire na gile,
Tóin an mhála fáiscithe.
Is mé a mhúchann an dé deiridh.
Formad le mo dheártháir, adúradar,
A tharraing mí-ádh orainn araon,
Sea, agus cíocras míchuíosach chun troda
Ba chúis nár roinneadh Éire liom.
Bladar. Fuath do gach aon neach beo
Agus cíocras chun féasta na gcnumh
Is bun le mo ríocht. Agus féach!
Éire gan roinnt ag triall ar mo thigh-se.
Donn na Duimhche. Teach Duinn.
Níl cion ar ainm an oileáin.
Luaitear tarbh liom, bó agus lao faram.
Bídís ag iníor tamall.
Ní thagann iascairí im ghaobhar
Ar eagla a slogtha scun scan
Ins na roithleáin timpeall orm.
Ach tá traimilí foighne agam,
Agus línte ná briseann.
Tá tigh solais ar an oileán
Agus dord a fhógraíonn ceo,
Ach slogaimse dríodar gach solais
Agus sním mar cheo trí phollairí na marbh.
Tá mo chapall cloiste agat
Go doimhin san oíche. Téanam go luath
Ag marcaíocht ar na dumhacha.


.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >