Eagarfhocal Feasta Mean Fómhair 2000
Eagarfhocal, Feasta, Mean Fómhair 2000

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Boilsciú & Féinfhuath

Tá go leor cainte faoi bhoilsciú sa tír i láthair na huaire. Ní hé go bhfuil sé imithe thar fóir ag thart ar a sé faoin gcéad, ach go bhfuiltear ag tuar cheana féin go bhfuil a cúrsa rite ag ár míorúilt eacnamaíochta, agus ná raibh sa mhíorúilt sin ó thús ach bolgán aeir. Is breá le tráchtairí áirithe an drochscéal, faoi nach mbeadh aon iontaoibh acu dáiríre as ár gcumas féin ár gcúrsaí a riar go ciallmhar agus go stuama. Ba dhóigh leat ar uairibh gur cineál féinfhuath a bhí i gceist.

Is iontach a bhfuil de shuim á chur ag nuachtáin Shasana sa scéal seo - iad sin freisin ag rá go bhfuil ár n-eacnamaíocht i mbaol, agus mar a dúirt an t-amhrán gan 'fáil ar leigheas againn.' Tá a gcúis féin ag na Sasanaigh a bheith ar an téama seo. Ag déanamh mórála as a bhfadradharc atá siad, toisc gur fhan siad glan den Euro. Cos istigh agus cos amuigh a bpolasaí siúd, go bhfeiceann siad céard a tharlós don Euro céanna.

Gan amhras is baol é an boilsciú dár gcóras eacnamaíochta. Tá stailc amháin ar siúl agus a thuilleadh ag bagairt orainn. Níor mhaith an tuar aighneas na ngardaí ná stailc na n-altraí maidir leis sin. Tá córas maith sa tír seo ina n-aontaítear socraithe náisiúnta pá go tráthrialta. Tá an Chúirt Oibreachais againn agus an Coimisiún Caidrimh Saothair. Ní hé go bhfuil aon chóras foirfe agus is cinnte go bhfuil dreamanna ann go ndeintear leithcheal orthu ó am go céile, go minic na dreamanna is mó gátáir agus is lú cumhacht. Níor chóir go dtarlódh sé sin agus ba chóir féachaint chuige nach dtarlaíonn. Mar sin féin, is ar éigean gur gá d'aon dream dul ar stailc faoi láthair nuair atá córas cuimsitheach eadrána agus réitigh ann.

Ach chun filleadh ar thráchtairí agus an drochscéal. Bhí alt fada ar an bpáipéar Sasanach, an Guardian le déanaí, agus leath-leathanach de chartún ag gabháil leis, ag tráchtaire darb ainm John O'Mahony. Is cosúil go bhfuil sé tar éis filleadh ar an tír seo tar éis deich mbliana a chaitheamh thar lear. Bhí an t-alt ar maos le searbhas.

Ní raibh aon ní in aon chor ina cheart sa tír seo. Bhí ár saol poiblí uile, ár bpolaiteoirí agus ár gcléir, go háirithe, lofa. Ní raibh baint dá laghad againn lenár míorúilt eacnamaíochta; ollchomhlachtaí Meiriceánacha ba chúis leis. Bhíomar ciníoch, agus an ghráin againn ar theifigh agus ar dhaoine gorma. Ní raibh inár in-iarrachtaí cultúrtha ach cur i gcéill, athchóiriú ar leaganacha seanchaite den 'Éireannach Stáitse', cosúil le Riverdance agus drámaí le Martin McDonagh. Bhí go leor eile a bhí ar aon dul leis sin.

Nílimid gna locht, seachas dream ar bith eile. Dá luaifí ceann ar bith de na cúisimh thuas ina aonar, déarfá go raibh bunús leis agus nár mhiste dúinn aird a thabhairt air. Ach i dteannta a chéile is féinléasadh a bhí ann, an féinfhuath a luamar níos luaithe. Sé is measa faoi seo nach eisceacht ar fad mo dhuine. An bhfuil fadhb seachas fadhb eacnamaíochta againn?

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >