Smaointe Polaitíochta Feasta Mean Fómhair 2000
Smaointe Polaitíochta

le Proinsias Mac Aonghusa

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Chuir stailc thiománaithe traenach ILDA isteach ar an bpobal mar a chuireann a lán stailceanna. Ní gá in aon chor gur ar na hoibrithe a bhí an locht. Is ar éigean riamh go dteastaíonn ó dhaoine dul ar stailc; tarlaíonn aighnis thionsclaíochta go hiondúil mar nach mbíonn fostóirí ag caitheamh go réasúnta leo siúd a bhíonn ag obair dóibh. Níl aon dea-cháil ar Chóras Iompar Éireann, nó ar a fho-chomhlachtaí éagsúla faoin tslí a gcaitheann siad lena lucht oibre.

Is trua sin, mar is leis an bpobal féin an chomhlacht agus na fo-chomhlachtaí seo. Ní le brabach a dhéanamh ach le seirbhís ghairmiúil a thabhairt don phobal atáid ann in aon chor. Ach shílfeá agus tú ag éisteacht le hionadaithe an chomhlachta ar na meáin chumarsáide gur bhain siad le sliocht William Martin Murphy, ceannsaí droch-cháile fhostóirí Átha Cliath sa chogadh idir fostaithe agus fostóirí sa bhliain 1913.

B¹é Jim Larkin, ar ndóigh, ceannasaí na stailceoirí agus ba é an Transport & General Workers¹ Union, ceann de shinsir SIPTU, a cheardchumann seisean. Nach ait mar a bhí SIPTU chomh tréan sin i gcoinne an cheardchumainn nua ILDA i dtroid na bliana seo? Nach ait an scéal é?

Tá cumhacht nach beag anois i SIPTU ag daoine a bhíodh gníomhach tráth i bPáirtí na nOibrithe agus ina dhiaidh sin sa Daonlathas Clé. Agus tá tionchar ar leith ag na daoine seo ar Pháirtí Lucht Oibre Ruairí Quinn. Ní gá gur olc an rud é tionchar a bheith ag cinnireacht Halla na Saoirse ar Pháirtí an Lucht Oibre. Is mó go mór ar dheis an páirtí ná SIPTU, agus má tá Ruairí Quinn agus Pat Rabbitte le bheith ar aon leaba le John Bruton, Brian Hayes agus Nora Owen, is fearr go mbeadh dream éigin ann a choinneodh súil orthu.

Séard a chuirfeadh imní ar leith ar shaoránaigh, áfach, ná an chaoi ar chosúil é a bheith de chumhacht ag ceannasaíocht SIPTU agus Iarnród Éireann tabhairt ar bheagnach gach iriseoir agus craoltóir dá raibh ag plé leis an scéal tacaíocht a thabhairt dóibh. I dtús báire, ní raibh ceart dá laghad á fháil sna meáin chumarsáide ag Breandán Ogle agus ILDA. Murach go raibh cara cumhachtach acu a bhíonn ag scríobh colún san Irish Examiner, ní móide go dtiocfadh athrú air sin.

Is duine tuisceanach agus duine díreach é Fergus Finlay. Tá aithne agus eolas aige ar Bhreandán Ogle. Is de bharr thionchar Fergus Finlay a bhí ar nuachtáin eile agus ar an raidió taobh ILDA den aighneas a chur go cóir os comhair an phobail. Bhí cineál comhcheilge ar siúl in aghaidh ILDA.

B¹fhéidir go gceapfadh a lán gur dona an cás a bhí ag ILDA agus nach raibh cinnireacht mhaith ag na stailceoirí. Is cuma sin. Bíonn sé de cheart ag gach dream a gcuid gearán a chur os comhair an phobail. Is contúirteach an rud é go sílfí sa bhliain 2,000 go raibh an tseanchomhcheilg Stickie ar ais arís, agus go raibh cuid de na seanchomhchealgairí i mbun gnó. B¹fhearr go bhféadfaí a rá go raibh an dream sin goite ar phinsean. Ach b¹iontach mar a bhíodar ar fad san Irish Times agus ar RTÉ ag casadh an phoirt cheanann chéanna. Ba mhaith ann Fergus Finlay.

Dála an scéil, ar eagla na míthuisceana, níor bhain Des Geraghty, uachtarán SIPTU, riamh le comhchealgaireacht agus é gníomach i bPáirtí na nOibrithe, agus ina dhiaidh sin sa Daonlathas Clé. Ní raibh aon rún ag baint lena bhallraíocht seisean, agus níor shíleas riamh go raibh sé istigh leis an dream mínáisiúnach is mó a bhí ag déanamh an uisce faoi thalamh.

Ní shin le rá, ar ndóigh, nach bhfuil sé as bealach go gearrthéarmach maidir le haighneas na dtiománaithe traenach. Ar nos daoine tuisceanacha eile, tuigeann sé an chontúirt a bhaineann le ceardchumainn bheaga nach bhfuil iontu ach scoilteanna ó cheardchumainn eile. Ach níl sé sásta a admháil, sílim, go ndéantar neamhshuim scaití i gceardchumainn mhóra de dhreamanna beaga.

Tharla sé sin le gairid d¹oibrithe eitleán, mar shampla. D¹aon léim amháin d¹fhágadar siúd ceardchumann amháin, agus chuadar mar dhream aontaithe isteach i gceardchumann eile. Níor shíleadar go rabhadar ag fáil a gceart. Is fíor nach ndearna siad aon iarracht ar chumann úr a bhunú; sin an choir do-mhaite i mbíobla ceannasaithe ceardchumainn.

Is spéisiúil an rud é go ndeirtear go raibh cúlra ceardchumannach ag cuid díobh siúd i mbainistíocht Iarnród Éireann is binibí a bhí i gcoinne ILDA agus ba ghéire a bhí ag maslú Bhreándáin Ogle. An raibh aon chúlra speisialta polaitíochta acu? Bhí cás cuid acu le tuiscint ar ndóigh. D¹fhéadfadh an t-aighneas ar fad dochar a dhéanamh do sheasamh Chóras Iompar Éireann agus a fho-chomhlachtaí mar chomhlacht státurraithe.

Tá daoine sa rialtas agus sa bhfreasúra nach bhfuil uathu ach leithscéal chun deireadh a chur ar fad le comhlachtaí stáit. Creidid go diongbhálta sa chóras caipitleach: ní hiad airí an Pháirtí Dhaonlathaigh amháin atá i gceist agam ach airí de chuid Fhianna Fáil, formhór chinnireacht Fhine Gael agus, is cosúil, cuid de chinnireacht Labour.

Is cinnte go mbeidh caint mhór ar Chóras Iompar Éireann agus gach a mbaineann leis a dhíol le hucastóirí éagsúla nuair a thiocfas Dáil Éireann le chéile an mhí seo chugainn. Ní fheilfeadh seo do lárbhainistíocht Iarnród Éireann ná do na fostaithe, ná don phobal i ndeireadh na Dála. Ní shin le rá nach bhféadfadh sé tarlú taobh istigh de thrí bliana.

Ach chuir caint bhinibeach, mhaslach, ghránna cuid díobh siúd a labhair ar raidió agus ar an teilifís i gcoinne ILDA iontas ar a lán. Ní móide go bhfuil mórán fostóirí príobháideacha ann anois a bheadh ag ionsaí oibrithe mar a rinne na daoine seo. Tuige? Fuath pearsanta? Faitíos maidir lena gcuid postanna féin? Olc ginearálta? Cá bhfios?

Cheapfá scaití gur cuid de shliocht William Martin Murphy a bhí iontu, mar a dúras i dtús an phíosa seo. An amhlaidh a fhéachaid orthu féin mar mháistrí seachas mar bhainisteoirí? Más amhlaidh atá, tuige sin? An bhfuil treoir éigin nach bhfuil fhios ag an bpobal faoi tugtha do na lárbhainisteoirí seo ag a máistrí féin? Cé hiad na máistrí seo? Cé na treoir a thugann Bord Chóras Iompar Éireann dóibh? Tá aighnis idir mórmháistrí agus iar-mhórmháistrí CIE agus an Bord agus daoine eile le fada. An bhfuil baint aige seo leis an méiseáil go léir?

Is gá a rá freisin gur bhain Emmet Stagg, urlabhraí an Lucht Oibre i dTeach Laighean ar chúrsaí den chineál seo, leas as focla nach raibh ciallmhar. Thug sé ionsaithe géara ar na stailceoirí agus ar ILDA. Thug sé le fios nach raibh uaidh ach go mbuailfí na stailceoirí. Is trua go mbeadh duine ar a bhfuil meas mór i measc polaiteoirí chomh dall sin. Is trua go raibh Ruairí Quinn chomh sotalach sin is nach raibh sé sásta casadh le cinnirí ILDA.

Bíonn an chosúlacht anois is arís ar Ruairí Quinn go síleann sé gur as a thóinn a éiríonn an ghrian. D¹fheilfeadh sé do chomrádaí éigin dá chuid a chur in iúl dó nach amhlaidh atá. Tá sé de dhualgas ar gach polaiteoir labhairt leis an bpobal agus cluas éisteachta a thabhairt do gach duine.

Ní díol measa ach a mhalairt polaiteoir nach bhfuil sásta labhairt le daoine, go mórmhór daoine ionadacha. Ní foláir cuimhneamh air go mbíonn an-fhaitíos i bPáirtí an Lucht Oibre aimsir aighnis thionsclaíochta. Ní thugtar cead do Theachtaí Dála labhairt fúthu; ní deireann na cinnirí mórán. Sin de bharr mháistreacht na gCeardchumann maidir leis an gcuid seo d¹imeachtaí na gluaiseachta. Go díreach agus go neamhdhíreach, is iondúil gurb iad na ceardchumainn príomhairgeadóirí Pháirtí an Lucht Oibre. Is iad a íocann an píobaire; an gá a thuilleadh a rá?

Fadó an lá agus é ina TD nua de chuid an Lucht Oibre, chuaigh an Dr. John O¹Connell ag socrú stailc lucht bus i mBaile Átha Cliath. Ní shin amháin é, ach d¹éirigh leis socrú a dhéanamh, agus bhí na busanna ar ais ar na sráideanna. Shílfeá gur moladh mór a gheobhadh sé sa pháirtí parlaiminte. A mhalairt a tharla. Cáineadh as éadan é faoi aon phlé a bheith aige le socrú stailce! Is beag nár cuireadh ar fionraí é. D¹fhoghlaim sé ceacht. Ach ní dhearna sé dearmad riamh d¹fhíricí ceilte Pháirtí an Lucht Oibre.

Is fíorbheag é tuiscint an phobail ar na nithe seo. Is fearr a thuigtear tríú rún Fatima. Cá bhfios nach dtiocfaidh an lá amach anseo go mbeadh Breandán Ogle i gceannas SIPTU - méirleach a bhí in Des Geraghty féin tráth den tsaol. Cá bhfios nach mbeidh Ogle uair éigin amach anseo chomh gránna céanna le mion-cheardchumann úr is a táthar leis féin agus le ILDA anois?

Athraíonn an saol agus athraíonn sé go scioptha. Ach fiú dá dtarlódh sin, ní athródh sé an fhíric go bhfuil cearta ag mórdhreamanna agus ag miondreamanna, agus gur cóir gach taobh de scéal aighnis a chlos. Céard baileach é scéal Mary O¹Rourke, an tAire, bean a bhfuil meas tuillte aici sa ghnáthchaoi?

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >