Chím anois lem shúile cinn é
Sa bhlár
Agus ó cheal lucht éisteachta ó
Scéalta á n-aithris aige leath os ard
Ar eagla iad a ligint i ndearúd.
Tagann an ghaoth de rúid
Agus beireann léi
ruthag dubhfhoclach chun siúil.
Fir na scéal bhfada
Faoin bhfód
Is ina dteannta
Mac Rí na Gréige
Fionn agus na Fianna
Laochra is leannáin a mhair anallód.
An gcaithfidh siadsan síothlú
Chun ligint dúinne análú?
An Ghlas Ghaibhneach
Rí na gCat
Madra na nOcht gCos
Tarbh an Cheo
Seabhac na Faille Fuaireé.
Stadfad dem liodán.
Fear ard i ngort
Scéalta ársa á ríomh aige dó féin
Roimh dhul fé don ngréin.