Eagarfhocal Feasta Meitheamh 2000
Eagarfhocal, Feasta, Meitheamh 2000

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo


Bhí na daoine a bhí i láthair ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i Muineachán an-tógtha leis an gcaint a thug Maighréad Uí Mháirtín, Cathaoirleach an Fhorais Teanga, tráthnóna Dé Sathairn. Labhair sí go hoscailte faoi na deacrachtaí a bhí ag an bhForas ó bunaíodh é, agus faoin éiginnteacht a bhí ann ó cuireadh an Feidhmeannas ar fionraí. In ainneoin na héiginnteachta agus na ndeacrachtaí, bhí sí an-dóchasach faoi thodhchaí an Fhorais agus faoin leas a d'fhéadfadh sé a dhéanamh don Ghaeilge, thuaidh agus theas.

Más duine í an cathaoirleach nach raibh an oiread aithne uirthi i gciorcail chúnga na Gaeilge sular ceapadh í, tá a pearsantacht bhreá oscailte tar éis dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine. Pé amhras a bhí ann i dtús báire, d'fhéadfadh sé gur fearr a éiríonn leis an teanga faoi bhord a chlúdaíonn an tír uile ná faoi bhord do na Sé Chontae is Fiche amháin. Seachas aon ní eile is leathnú é ar na ciorcail chúnga úd a rabhamar ag caint fúthu.

Sa chaint di luaigh Bean Uí Mháirtín an chomaoin a chuir Comhaltas Uladh ar go leor daoine óga ar fud na Cúige sin cosúil léi féin. Le blianta fada bhí Comhaltas ag cur na ndaoine óga seo chuig an nGaeltacht i dTír Chonaill chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Murach obair seo an Chomhaltais ba bheag Gaeilge a bheadh á labhairt inniu sa chuid sin den oileán. Níor mhiste ar aon chor an t-aitheantas sin a thabhairt don Chomhaltas.

Dhein cathaoirleach an Fhorais tagairt freisin don fheachtas atá ar siúl le tamall go mbeadh cead ag múinteoirí gan Ghaeilge, a fuair a gcuid oiliúna lasmuigh den stát, múineadh sna bunscoileana anseo. Bhí sí glan soiléir faoin gceist seo - go gcaithfeadh go mbeadh ar chumas gach múinteoir an Ghaeilge a theagasc do na daltaí. Bhí sí breá sásta an cheist seo a phlé le Cumann na Múinteoirí am ar bith, agus sásta a ndearcadh a bhréagnú.

Is maith gur labhair sí chomh hoscailte agus chomh dearfa, mar measann go leor daoine gur cleasaíocht cuid mhór dá bhfuil ar siúl ag feidhmeannaigh an INTO faoin gceist, agus iad ag úsáid na múinteoirí a oileadh lasmuigh den stát chun staid na Gaeilge sna bunscoileanna ar fad a lagú. Is cóir a rá leis nach iad na múinteoirí céanna a bhí ag déanamh an t-éileamh nach mbeadh orthu an Ghaeilge a mhúineadh. Bhí a bhformhór breá sásta í a fhoghlaim iad féin, ach bhí gearán acu faoin easpa cúnaimh agus deiseanna chuige sin. Ba chóir go mbeadh Cumann na mBunmhúinteoirí ag éileamh go mbeadh na deiseanna agus an cúnamh ar fáil dóibh.

Is gearr agus seo á scríobh go mbeidh an Feidhmeannas ar ais agus an Foras Trasteorann lena chois. Is dea-scéala ar fad é sin agus tá súil againn go mbeidh saol níos faide i ndán dó an iarracht seo. Beidh lúcháir ar leith ar chathaoirleach an Fhorais agus go deimhin ar na baill uile. Guímid gach rath uirthi agus orthu go léir san obair throm atá rompu.
.
.
.
© 2000 Feasta

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlíon >