Eagarfhocal Feasta Meitheamh 2000
Smaointe Polaitíochta

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Ní mar chomhaltaí den Oireachtas ach mar Chomhairleoirí is cosúil a dhein bithiúnaigh áirithe an drochbheart. Ach ar shlí éigin, is measa a gcoir-sean ná coir gnáthChomhairleoirí Contae; ba chea rt go mbeadh tuiscint níos fearr acu ar a ndualgaisí mar ionadaithe poiblí.
Is de bharr a chuid blianta ag obair do Jack Lynch, agus ina dhiaidh sin do Chathal \'ee hEochaidh, a bhí an saineolas ag Frank Dunlop a d\rquote fheil chomh breá sin do na rachmasaithe agus na caipitlithe atá taobh thiar den truailliú. Nílim ag cosaint a ndearna Frank Dunlop. Ach ní ar a shon féin go díreach a bhí sé i mbun truaillithe ach ar son na rachmasaithe. Is iad siúd na príomhchoirpigh. Is i bpríosún ba chóir dó bh a bheith.
Gan bacaint in aon chor le haon dlí úr i gcoinne caimiléireachta, tá\~neart dlithe ann i gcoinne breabaireachta. Tá sé go tréan i gcoinne an dlí breab a thabhairt nó breab a ghlacadh. Ar ndóigh, níl sé é asca seo a chruthú. Beidh daoine ábalta a rá, agus cá bhfios nach fíor é i gcásanna áirithe, gur síntiúis toghchánaíochta a fuaireadar agus nár bhain sin in aon tslí leis an mbealach a chaith siad vóta. Ná d éanaimis dearmad ach an oiread nach féidir leis an nGarda Síochána leas dhíreach a bhaint as aon fhianaise dá\~dtugtar do na Binsí Fiosrúcháin. Tá ciall leis seo; dá\~bhféadfaí an fhianaise sin a úsáid ba ródheacair tabhairt ar a lán daoine a dhath a insint.
Is fearr dom a rá\~go soiléir go bhfuil aithne agam ar Frank Dunlop le tuairim is tríocha bliain. Tá\~aithne agam freisin ar roinnt eile a bhíonn ag plé le caidreamh poiblí \emdash nach álainn na focla iad siúd \emdash agus go dtiocfadh dó go mbeadh caint fós fúthu ag na Binsí. Sé a ngnó siadsan aithne a bheith acu ar an oiread daoine agus is féidir. Ní\~féidir iad a cháineadh faoi seo. Ní call a rá nár tairgí odh breab dom riamh mar nach raibh ar mo chumas a dhath a dhéanamh ar son rachmasaithe. Ar aon nós, ní\~dhéanfainn gar dá leithéid.
Ach sheas Frank Dunlop lón dom tráth nuair a bhí sé ag obair mar rúnaí preasa do rialtas Jack Lynch. Anois ó chuimhním air, is san Coq Hardi, mar a bhíodh béilte, más fíor, ag Cathal \'ee hEochaidh agus an scubaid a deir go raibh sí mar leannán aige, a sheas sé dom é. Is beag an uair sin a shíl truailliú a bheith ar siúl, cé go mbíodh scéalta ait le clos nár chreid mórán.

.
.
.
© 2000 Feasta

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlíon >